Tá teannas láidir idir na Maoraigh agus Rialtas na Nua-Shéalainne le roinnt míonna anuas, ó cuireadh sceimhlitheoireacht i leith baill de threibh na Tūhoe. Cúlra an scéil ó Ruth Nic Giolla Iasachta.
Ghabh póilíní na Nua-Shéalainne seacht nduine dhéag ag deireadh 2007 agus cuireadh ina leith go raibh siad páirteach i bhfáinne paraimíleatach san Oileán Thuaidh. Mhaígh na póilíní, a bhí ag faire orthu ar feadh bliana, go raibh campaí traenála á reáchtáil acu i bhforaoiseacha na hUreweras, sa Bay of Plenty, agus go raibh bagairt ann go bhfeallmharófaí George W. Bush agus Príomh-Aire na tíre seo, Helen Clark. Níor glacadh leis an líomhain sin go rósciobtha, mar is ait le muintir na tíre dul i ngleic le scéal nuachta mar sin – uaireanta feictear cait ar strae mar ábhar ar an nuacht teilifíse.
Roimh i bhfad coimhlint idireitneach a bhí sa scéal, agus cáineadh na póilíní go géar i gceantar Urewera, áit dhúchais an iwi (treibh) Tūhoe (http://Tuhoe.net). Níl ach thart ar 600 ina gcónaí i sráidbhaile Rūātoki, ag bun na sléibhte Urewera, ar thalamh garbh, áit nach bhfuil glacadh ceart do ghutháin phóca. Ar an 15 Deireadh Fómhair, tháinig 50-70 póilín agus chuir bloic bhóthair in aice na líne autaki (áit ar tharla díshealbhú talún san am atá caite). Níor ligeadh daoine isteach ná amach gan a gcarr a chuardach agus grianghraif a thógáil. Tar éis an pheaca sin, tharla ionradh na meán ar an mbaile beag seo, agus sárú eile prótacail nuair a rith iriseoirí Pākehā (Nua-Shéalannaigh gheala) i dtreo an marae (teach an phobail Mhaoraigh) gan chuireadh. An lá dár gcionn, tháinig oifigigh chun leithscéal a ghabháil le kaumātua (seanóirí) na Tūhoe faoin gcaoi ar tugadh faoi na ruathair.
Maidir leis na campaí traenála sna coillte, ba *wānanga *(campaí oideachais) don óige iad, a
deir na Tūhoe. Is cuid dhlúth de bheith i do Tūhoe (“leanaí an cheo”) eolas a bheith agat ar ghunnaí. Téann go leor acu ag seilg sa choill de cheal airgid; mura bhfuil tú in acmhainn dul go Pak ’N’ Save, is ansiúd a théann tú. Tar éis éagothroime ar feadh na nglúnta, tá níos mó Maorach i bpríosún nó faoi scáil an bhochtanais i gcoibhneas leis na Pākehā. Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), rapporteur leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
Polasaí an rualoiscitheBa sna 1860í a tharla coimhlint idir na Tūhoe agus an Choróin den chéad uair. I ndiaidh do na hEorpaigh iad a ionsaí as misinéir a dhúnmharú (rud nach ndearna siad), d’éirigh na Tūhoe amach in Ōrākau in 1864, agus coigistíodh a gcuid talún. Ba é polasaí an rualoiscthe beartas na Coróine in 1868, nuair a thug siad dídean do cheannaire Te Kooti. Ina dhiaidh sin, ar mhaithe leo féin a chosaint, dhún na Tūhoe na bealaí chun a gcuid tailte, agus chuir siad bac roimh shuirbhéanna na Coróine agus tógáil bóithre. Fiú sa lá atá inniu ann, diúltaíonn go leor Tūhoe íoc as ceadúnas gadhair agus ceadúnas gunnaí. Agus, mar aon le roinnt iwi eile, tá na Tūhoe ag lorg cúitimh ó Bhinse Fiosraithe Waitangi as an díshealbhú sin.
Ba chúnant é Te Tirīti ó Waitangi (1840) idir taoisigh Mhaoracha agus an Choróin – ach tá sé ina chnámh spairne go fóill, mar bhí dhá leagan de ann (ceann i mBéarla agus ceann i Maorais) agus neart míthuisceana dá réir maidir leis an méid a bhí á aontú acu. Shínigh roinnt taoiseach Maorach leagan Béarla, ach shínigh an tromlach leagan Maoraise. Níor shínigh na Tūhoe leagan ar bith.
Mar threibh uaibhreach mhaorga, goilleann sé ar na Tūhoe an chaoi ar chaith na póilíní leo. Ag labhairt ar chlár maidine Radio Waatea, dúirt feisire an cheantair, Te Ururoa Flavell, gur mhaslaigh na póilíní ainm agus mana (dínit) an náisiúin Tūhoe.
“An stair ag teacht ar ais, ag teacht aniar aduaidh orainn – sin an rud atá ar siúl,” dar le Tamati Kruger, staraí agus léachtóir, sa New Zealand Herald, “ach is dócha nach ritheann sé sin le lucht polaitíochta.” I gcomhthéacs éagothroime níos leithne, cuireann tráchtairí na ruathair seo ar liosta ar a bhfuil débâcle na hUrthrá agus Leaba na Farraige 2003 (nuair a thóg an Stát gnáthchearta iascaireachta), agus scannal nár craoladh go forleathan inár shínigh an Nua-Shéalainn an Forógra ar Chearta na mBundúchasach ag deireadh 2007.
Agóidí poiblíI measc na ndaoine a gabhadh, bhí Tame Iti. Ealaíontóir, oibrí sóisialta, láithreoir raidió agus teilifíse is ea é agus pearsa dhrámata. D’eagraigh sé wānanga sna hUruweras, agus ghlac páirt i neart agóidí poiblí ó na 1970í ar aghaidh. Tá a aghaidh clúdaithe le moko (tatúnna traidisiúnta) agus níl drogall air poiblíocht a lorg. Baineann sé úsáid as taispeántais phoiblí, mar shampla, chun a chuid smaointe a chur i láthair. I 1995, bhunaigh sé ambasáid phubaill i mbaile beag, Taneatua, chun aird an phobail a tharraingt ar chás na dTūhoe mar eachtrannaigh ina dtír féin.
Agus é ag labhairt ar an gclár cúrsaí reatha Agenda, mhínigh Te Ururoa Flavell, brí “tino rangatiratanga” *(uathriail): na *Tūhoe a bheith in ann a mbealach féin a leanúint. Bhí imní air faoi thionchar na ruathar ar na daoine, ach chuir sé in iúl go láidir nach raibh siad go léir ag iarraidh scaradh ón Stát. “Is náisiún iad féin, sa chaoi go bhfuil eolas acu ar theorainneacha na dtreibheanna, agus go bhfuil a fhios acu cé hiad féin.” Dúirt sé nach raibh ach triúr nó ceathrar a raibh suim acu scaradh ón Stát, agus go raibh a bhformhór ag iarraidh oibriú le heagraíochtaí Stáit ar thionscadail eacnamaíocha. Do dhaoine a bhfuil féiníomhá láidir acu, ba “shuaitheadh ceart” iad ionraí na bpóilíní.
Deir cathaoirleach an scáthghrúpa Te Roopu Tawharau, Patrick McGarvey, go mbeidh siad réidh don todhchaí. “Mā te ture te ture anō hei aki (Cuir an dlí in aghaidh an dlí),” arsa Tuhi
Ruawai, mar a dúirt fáidh agus ceannaire frithbheartaíochta Te Kooti. Tá litreacha gearáin scríofa chuig Coimisinéir na bPóilíní agus chuig na Náisiúin Aontaithe ag muintir Rūātoki. I lár mhí Eanáir, tugadh le fios go bhfuair Rialtas na Nua-Shéalainne litir roimh an Nollaig ó thriúr oifigeach cearta daonna de chuid na Náisiún Aontaithe, inar iarradh go ndéanfaí iniúchadh ar na himeachtaí ar fad.
Ar lá Watangi i mbliana, ní raibh mórán agóidí ar siúl. Dhoirt grúpa ó chathair Auckland uisce ar an gcré chun an talamh a chneasú go siombalach. Thug Iti óráid ag marae *Te Tii, ag cur in iúl don phobal gur rud dearfach é *mana motuhake. Ag tagairt do chás na hÉireann, dúirt sé gur cuid den éabhlóid nádúrtha é, nach “gá dúinn a bheith scanraithe faoi”. Dar lena dhlíodóir, Annette Sykes, a bhí taobh leis ag bailiú tabhartas don chás cúirte, beidh cás Iti ina ollchás náisiúnta. “Is ceist réadúil an chéid seo í an sceimhlitheoireacht,” a deir an Dr Rawiri Taonui, “dála cheist na gceart sibhialta”. Is iomaí uair a thugtar cluas bhodhar do chaint dhomhain faoi chaidreamh déchultúrtha idir Māori agus Pākehā, ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, ach is léir ó na himeachtaí seo go bhfuil go leor tochailte eile le déanamh sa tír.
Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.