THALL IS ABHUS
Seal in Aotearoa (Cuid 3)
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Tá sé tugtha faoi deara ag Ruth Nic Giolla Iasachta nach bhfuil bunadh na Nua-Shéalainne chomh sásta céanna a bheith ag canadh is atá na hÉireannaigh ach go gcuireann siad i bhfad níos mó béime ar an spórt agus ar an aclaíocht.

Íomhá
Paihia i mBá na nOileán
Íomhá
Teach solais Pouto
Íomhá
An radharc ón uaimh inar chaith Ruth an oíche
Íomhá
Ag dúléim alt

Faoi láthair táim ag obair in ollscoil Auckland, ag stiúradh mac léinn sa dara bliain atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide. Ag an tráth seo den seimeastar, is ag scríobh aistí a bhíonn siad. Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.

Tá an geimhreadh ag druidim linn anseo, ach bhí an t-ádh liom agus mé ar saoire. Thosaigh mé i bPouto, leithinis atá cóngarach go leor d’Auckland, ach de bhrí go raibh na bóithre plódaithe Aoine an Chéasta, thóg sé ceithre huaire orainn é a bhaint amach. Ag deireadh trá fada, agus thuas ar dhumhach ard, tá seanteach solais déanta as adhmad kauri, a tógadh céad tríocha bliain ó shin. B’álainn an radharc a bhí againn nuair a dhúisigh muid maidin Dhomhnach Cásca agus farraige ghlasghorm Chaladh Kaipara sínte amach romhainn.

neart le feiceáil ar chósta an iarthair. Ó dheas ó Paihia agus Karekare (an trá cháiliúil ar a bhfuil gaineamh dubh laibhe a bhí le feiceáil sa scannán The Piano), tá dúiche dhiamhrach Whatipu. Fadó, d’úsáid treibheanna a bhí ag taisteal tríd an gceantar na pluaiseanna mar fhoscadh. Níos deireanaí, chuir mairnéalaigh urlár adhmaid isteach in uaimh mhór le halla damhsa a dhéanamh aisti. Anois, le himeacht aimsire, tá an t-urlár sin clúdaithe le cúig mhéadar gainimh, ach is féidir dul isteach inti fós.

Chuaigh mise amach ansin le Cumann Siúlóide na hOllscoile. Tugann na Kiwis tramping ar shiúlóidí fada sna sléibhte, ach diabhal tramping a bhí ar siúl ag an gcumann an deireadh seachtaine sin! Bhí féasta mór san uaimh, agus coinnle timpeall na háite ar mhaithe le solas, teocht agus boladh. Ruaig na coinnle na muiscítí chomh maith – nó b’fhéidir gurbh é an ceol a fuair réidh leo. Murab ionann agus na hÉireannaigh, bíonn muintir na tíre seo cúthail go leor nuair a bhíonn amhráin le rá. Rinne mise mo dhícheall iad a spreagadh, ach thit an caighdeán go “Postman Pat”, mar ní raibh mórán liricí ná cordaí giotáir ar eolas ag an ngrúpa. Náireach! Bhí cailín ann ó Hong Cong a raibh chuile amhrán de chuid Westlife de ghlanmheabhair aici, ach faraor ní raibh na cinn sin ar eolas agamsa!

Ach cinnte tá buanna ag na Nua-Shéalannaigh nach bhfuil againne. Tá siad an-lúfar go deo, agus ní gá dóibh a bheith óltach chun sult a bhaint as imeachtaí oíche. Rinne leaid amháin damhsa bríomhar le lorgaí miotail agus lasracha ar an dá fhoirceann. Ansin tháinig cailín le poi. Baineann an *poi *le traidisiún rince na Maorach. Dhá liathróid ar théad atá i gceist, agus bun na téide sin i ndorn an rinceora. Is iontach na patrúin luasctha is féidir a chruthú leo, agus is casta an cheird í. Rinne an cailín ciorcail agus caisirníní leo a chuir daoine faoi gheasa.

Chuamar ag uaimheadóireacht sna tolláin ag bun na huaimhe, agus chonaic mé péisteanna solais ar an tsíleáil in áiteanna. I lár na hoíche, bhí raic ann mar gur cheap daoine go raibh sciatháin leathair feicthe acu – ní raibh iontu ach fáinleoga.

Cuairt ar stáisiún raidióChuir sé gliondar orm bheith faoin tuath arís, go háirithe i mBá na nOileán san oirthuaisceart. Lean mé le mo chuid taighde ag an am céanna, gan amhras! Thug mé cuairt ar stáisiún raidió iwi (treibh) áitiúil i Kaitaia, Tai FM. Is cuid de thriopall craolacháin áitiúil, Te Hiku ō Te Ika (“Ruball an Éisc”) é seo. Luíonn an t-ainm sin le cruth an talaimh sa cheantar. Tugtar Te Ika ā Māui * (“Iasc Mhāui”) ar an Oileán Thuaidh; tá a cheann thíos i Wellington, agus sa tuaisceart atá an t-eireaball. Bhí taighdeoir eile ag taispeáint sheomra trealaimh *TaiFM *dom (a bhí ar nós áiseanna Raidió na Life), agus go tobann bhí DJ Ikanui (“Iasc Mór”) ag iarraidh agallamh a dhéanamh linn beirt. Mar sin, rinne mo chara cur síos ar a cuid oibre siúd ar athbheochan na Maoraise trí na meáin chumarsáide, agus d’fhreagair mise cúpla ceist ar chás na hÉireann. Bhí orm labhairt as Béarla den chuid is mó, ach thuig mé cuid mhaith den *reo (teanga Mhaorach) a bhí á labhairt ag an mbeirt eile.

Ar ais in Auckland arís, bhí fonn orm fanacht amuigh faoin aer. Tá sé deacairgan spórt a imirt anseo. Téann chuile Kiwi beo (nó an tromlach acu, ar aon nós) amach faoin aer le spórt éigin a chleachtadh. Ag am lóin i lár na cathrach, bíonn daoine le feiceáil ag snámh, ag rith nó ag bogshodar roimh dóibh filleadh ar an oifig. Bhain cara liom triail as cluiche bollaí [boules], fiú, nuair a spreag cúpla seanleaid sa chomhlacht é le dul amach leo. Shocraigh mise tosú go deas réidh, le “rith spraíúil” ocht gciliméadar timpeall chuan na cathrach. Ba í an Príomh-Aire Helen Clark a sheol an rás – sin cruthúnas ar an meas atá acu ar spórt de gach aon sórt anseo i dtír na All Blacks.

Is iad rugbaí, cruicéad agus líonpheil na trí spórt is ansa leis na Kiwis. Ach ní féidir labhairt faoi spórt gan trácht ar na cinn dhainséaracha. Tá a fhios ag an saol gurb í an Nua-Shéalainn (mar aon leis an Astráil) an áit is fearr don chineál sin priacail. Anuraidh, léim mé as eitleán i dTaupo agus paraisiút ar mo dhroim (mar aon le saineolaí as Iosrael a tharraing an téad dúinn!). Dhiúltaigh mé glan léimneach bhuinsí a dhéanamh, agus diúltaím fós, in ainneoin mhaíomh na n-amadán a rinne é. Nuair a chonaic mé scannáinín léimnigh ar bhlag mo chol ceathracha, neartaíodh an cinneadh sin. Nuair a bhíonn tú thar lear, ba cheart duit triail a bhaint as rudaí nach ndéanfá sa mbaile, is dócha – nó tá an chuma ar an scéal go bhfuil dualgas ar an turasóir óg dul i bhfiontar an bháis ...

Faraor, ní duine gan locht mise ach an oiread. Lá amháin, iarradh orm dul ag dúléim alt. Ní raibh mé go hiomlán cinnte céard a bheadh i gceist leis, ach dúirt mé go rachainn. Ansin, maidin bhreá Sathairn, fuair mé léargas ar an spórt a chuirfeadh ar an mbealach abhaile éinne ag a mbeadh splanc céille. Leantar sruthán ó bharr sléibhe trí easa agus foraoisí go dtí gur abhainn é. Gléasta i gcultacha uisce, clogaid agus úmacha sábháilteachta, chaitheamar an lá ag léim isteach in uisce fíorfhuar ó bhruacha agus ó charraigeacha, ag rópadóireacht anuas na heasa, agus ag streachailt leis an bhfáschoill sa Waitakere. Thar cionn ar fad!

Tai FM: www.tehiku.irirangi.net

Pouto: www.kauricoast.co.nz

Waitakere: www.arc.govt.nz/arc/auckland-regional-parks/western-parks

Spórt: www.sparc.org.nz

Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.