Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an [i]après-ski[/i], na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!
Chuaigh mé ag sciáil den chéad uair riamh i mo shaol ag tús mhí na Márta. Bhuel, chaith mé dhá lá ar an piste le cara de mo chuid cúpla bliain ó shin, ach tharla gur chaith mé seachtain iomlán i mbun sciála, agus i mbun na dtraidisiún uilig a bhaineann léi, an iarraidh seo. Ní raibh cead agam riamh spórt dainséarach mar seo a dhéanamh cionn is go raibh mé ag obair mar dhamhsóir gairmiúil; bhíodh cosc ar rudaí mar dhreapadóireacht agus sciáil i gceist sna conarthaí. Ní raibh mo chomhlacht árachais sásta iad a chlúdach ach an oiread. Thiocfadh leat a rá go raibh easpa dreasachta i gceist ó mo thaobhsa de maidir leis na rialacha a shárú nó a bhriseadh.
Agus ag caint ar "bhriseadh" atá mé, bhí mo dhá chos – mo chorp uilig, i ndáiríre – briste i rith an chéad dá lá. Tá an rud uilig iontach dian ar an chorp, agus tá sé iontach furasta géag a bhriseadh. Ba é an botún ba mhó a rinne mé ná go bhfuair mé buataisí sciála a bhí ag gearradh mo mhurnán.
Agus na gléasanna céasta seo á gcur ort den chéad uair, bíonn gach duine ag rá leat go mbeidh tú i bpian, ach ní bhíonn tú cinnte cad é chomh pianmhar agus ba cóir dó a bheith. Bíonn achan duine ag rá go bhfuil siad céasta ag na buataisí, agus glacann tú leis gurb é sin an norm. Ach bhí mo dhá cholpa sáinnithe sa sneachta ag deireadh an chéad lá, agus bhí glór beag i m’intinn ag rá liom, “cinnte le Dia níl siad in ainm is a bheith chomh nimhneach seo”. Ní raibh mé ábalta dul síos staighre ar chor ar bith. Bhí sé an-deacair a bheith ag siúl, agus cé go raibh na daoine eile a bhí i mo theannta ar fad rud beag bacach, bhí siad ag bogadach timpeall an bhaile i bhfad ní ba ghaiste ná mise.
Ba é an rud a tharla ná go bhfuil mo chuid colpaí mar a bheadh dhá thortóg ann – de thoradh na mblianta sin uilig a chaith mé ag damhsa – agus ní raibh na buataisí a fuair mé fóirsteanach dom. Chaith mé uair an chloig ag sciáil ar mhaidin an dara lá. Nuair a bhí deora allais ag titim díom mar gheall ar an phian agus nuair a bhí cailliúint comhfheasa i gceist, bheartaigh mé gur chóir dom cúrsaí a fhiosrú le fáil amach an dtiocfadh liom an fhadhb a réiteach. Phill mé ar an siopa cíosa agus thaispeáin mé mo chuid cos daofa. Thug siad péire úr dom, agus tamall beag ina dhiaidh sin bhí mé tagtha chugam féin arís. Dá bhfeicfeá an t-athrú a tháinig orm mar gheall ar na buataisí úra – bhí sé dochreidte! Bhí siad cosúil le slipéir bhailé!
*Top tip: *agus tú amuigh ag sciáil, má bhíonn fonn ort do chosa a chogaint díot ag na glúine le deireadh a chur leis an phian, seans go bhfuil buataisí eile amuigh ansin a bheadh níos sócúlaí agus níos oiriúnaí duit.Ski-schule
Is é an dóigh a n-oibríonn an tsaoire sciála do thosaitheoirí ná go gcláraíonn tú le haghaidh sraith ranganna sa ski-schule. Is fiú na bunscileanna a fhoghlaim. Ar mhaidin an chéad lá, cuirtear gach duine sa rang áirithe atá feiliúnach dó. Duine ar dhuine, b’éigean dúinn dul síos fána speisialta sciála a bhí socraithe do thosaitheoirí agus roghnaigh na teagascóirí na ranganna cuí dúinn. Bí ag caint ar fhéinmheas agus ar dhínit a chailleadh! Bhí cuid mhaith de na daoine a raibh mé in éineacht leo ag rá gur chóir dúinn é a dhéanamh nocht – ní bheadh sé mórán níos measa dá ndéanfaimis amhlaidh!Chlis an méid beag teicníce a bhí agam orm, agus cuireadh i rang mé. Cuireadh na créatúir nár éirigh leo an mullach a fhágáil agus an teagascóir ag búir "snowplow! snowplot!" i ngrúpa na losers. Ní bheadh deacracht ar bith agat an grúpa seo a aithint - ní raibh aon duine ag iarraidh a bheith mar chuid de. Bhí cúpla duine a bhí an-mhaith i mo rangsa agus d’ardaigh siadsan an caighdeán – thug siad dúshlán do gach duine eile. Chomh maith leis sin, ní raibh mé ar an duine ba mheasa i mo rang, agus bhain mé sásamh inteacht as sin.
Bíonn ranganna ar siúl idir 10.00 am agus meán lae agus arís i ndiaidh an lóin, idir 1.00 pm agus 3.30 pm. Ansin, cuirtear tús leis an après-ski!
Bhí muidne san Ostair, áit a bhfuil an après-ski is fearr le fáil – tá sé i bhfad níos fearr ná après-ski na bhFrancach ar aon nós. Sin an rud a deir na daoine atá eolach ar na cúrsaí seo. Ní theastaíonn uaim a bheith ag gearán faoi na Francaigh bhochta i ngach alt a scríobhaim, ach caithfidh mé a rá gur ar éigean a gheobhaidh tú après-ski sa Fhrainc. Agus má fhaigheann tú ceann, beidh sé i bhfad ródhaor. Agus ní thuigfidh siad focal a déarfaidh tú. Agus leoga, is cuma leo cibé!
EurotrashIs é an chéad leid eile atá agam ná seo: má tá dúil agat i gcineál áirithe ceoil, gach seans nach gcloisfidh tú é agus tú ar shaoire sciála. Tá ceol an après-ski cosúil le Eurotrash mar go mbíonn drochamhráin na n-ochtóidí – i nGearmáinis! – le cloisteáil den chuid is mó. Ach téann siad i bhfeidhm ort, caithfidh mé a rá. Bíonn tionchar na beorach agus an gluwein le brath go gasta cionn is go mbíonn tú chomh traochta agus díscithe. Sula mbíonn a fhios agat cad é atá ar bun agat, bíonn tú amuigh ag damhsa le hachan duine eile – i do chuid brístí sciála agus na diabhal buataisí.
Ski-schule, après-ski, agus ansin* Wellness*, ionad folláine ina dtéann tú ó shabhna go linn fhuar thumtha ceithre nó cúig huaire. Bíonn an corp, an intinn agus an spiorad leasaithe ina dhiaidh.
Agus do chuid ite agat – agus bhí na béilí in ionad sciála Saalbacherhof ar na cinn is fearr a d’ith mé riamh – bíonn tú marbh tuirseach, agus bhí mé cinnte nach raibh mórán foinn orm dul a dhath níos faide. Ach ní bhíonn daoine ag éisteacht leat! Caithfidh tú ól go maidin! Tá tú ar laethanta saoire, nach bhfuil? Bíonn an corp scriosta ag an aclaíocht cibé, agus ní bhíonn tú ag iarraidh a bheith ag déileáil leis an cheann chomh maith – go háirithe mar go mbeidh ort na flippin’ buataisí, nach féidir leat siúl iontu, a chur ort an mhaidin dár gcionn. Dá bhrí sin, bhí mé go maith agus níor ól mé aon rud i ndiaidh am dinnéir trí cinn de na hoícheanta a bhí mé ar shiúl.
Chuirfinn roinnt comhairle ar dhuine atá ag smaoineamh ar dhul ar shaoire sciála: roghnaigh óstán atá suite i lár an bhaile agus atá breá cóngarach do gach rud – na hardaitheoirí sciála, na gondolas agus na tithe leanna a mbíonn *après-ski *ar siúl iontu. Agus más féidir leat, faigh óstán a bhfuil *Wellness *ar fáil ann. Is cóir triail a bhaint as na traidisiúin uilig – is fiú go mór é. “Briseadh” iontach is ea an cineál seo saoire – aer úr, spórt, aclaíocht agus radhairc iontacha. Codlaíonn tú chomh go sámh gach oíche. Tá sé go hiontach ar fad!
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Saalbacherhof ag *www.saalbacherhof.at *
Cuireann na comhlachtaí Éireannacha Sunway (www.sunway.ie) agus Slopeside (www.slopeside.ie) saoirí láneagraithe sciála ar fáil.
Tá eolas agus comhairle ghinearálta mar gheall ar chúrsaí sciála le fáil ar an suíomh greasáin *www.skiing.ie.*
Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith sé seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn sé le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4.