THALL IS ABHUS
Sona sásta sa Mhaláiv
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá breis is dhá mhí caite ag Máire Ní Chuagáin sa Mhaláiv agus braitheann sí sona sásta ansin.

Íomhá
Sráid de chuid Lilongwe, príomhchathair na Maláive
Íomhá
Hiéana i bPáirc Náisiúnta Nyika
Íomhá
I mbun marcaíochta ar Ardchlár Nyika

Don cheathrú huair le dhá bhliain anuas, leag mé cos ar thalamh na hAfraice arís ar an 30 Márta seo a chuaigh thart. Lilongwe, príomhchathair na Maláive, a bhí mar cheann scríbe agam an uair seo. Bhraith mé sa bhaile agus ar mo shuaimhneas láithreach, agus bhí mé ar bís mar gheall ar an am a bhí romham, pé rud a bheadh i ndán dom. Ba chuma liom fiú go mbeadh na muiscítí ag déanamh béile díom – ní raibh rud ar bith chun cur isteach ar mo shonas agus ar mo shástacht!

Thit mé i ngrá leis an Maláiv anuraidh, nuair a chaith mé cúpla seachtain ar bhruach Loch na Maláive. Chinn mé ar iarracht a dhéanamh teacht ar ais anseo ar bhonn níos fadtéarmaí agus d’éirigh liom post (gan íocaíocht, ach nach cuma!) a fháil le comhlacht a eagraíonn safaris ar dhroim capall ar an Nyika Plateau, i dtuaisceart na tíre. Tar éis dom cúpla oíche a chaitheamh i Lilongwe, agus go leor iarrachtaí a dhéanamh teacht ar mo mhála, a bhí imithe ar strae go dtí Harare na Siombáibe, bhí sé in am dom bóthar a bhualadh go dtí mo bhaile nua. Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachtaan-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-pickup éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa. Ansin suas linn thar Shléibhte Viphya agus i dtreo Nyika.

Rinneadh páirc náisiúnta de Nyika sna seascaidí, agus is í an pháirc is sine agus is mó (3,000 ciliméadar cearnach) sa tír. Tá an t-ardchlár 2,600 méadar os cionn na farraige, agus tá níos mó na 400 cineál éagsúil éin le fáil sa pháirc, gan trácht ar go leor leor bláthanna, roinnt díobh nach bhfuil le fáil ach amháin ar Nyika. Is iad na hainmhithe is coitianta anseoan t-éalann (an t-antalóp is mó ar domhan), an ruán, an reedbuck, an bushbuck agus an séabra, ach feictear liopaird, hiéanaí agus eilifintí ó am go chéile freisin. Dála go leor áiteanna san Afraic, bhí an phóitseáil ina fadhb mhór anseo tráth, agus is fadhb í atá fós le réiteach i gceart.

Is deacair cur síos cruinn a dhéanamh ar thírdhreach Nyika. Is meascán de thírdhreach na hÉireann, Ghaeltacht na hAlban agus na hAfraice atá i gceist. Is fiú go mór d’aon duine an turas fada a dhéanamh anseo, mar gur féidir leat titim i do chodladh san fhíordhorchadas agus san fhíorchiúnas. Toisc nach mbíonn solas (nó cumhacht aibhléise) ar bith ar siúl tar éis a deich a chlog, agus nach mbíonn mórán feithiclí ar na bóithre, bíonn na réaltaí dochreidte – téann siad an bealach ar fad go dtí bun na spéire, agus uaireanta bíonn siad chomh geal gur féidir iad a fheiscint in uisce na lochanna. Nuair a shúigh mé isteach an t-aer úr, agus nuair a chonaic mé dul faoi na gréine agus éirí na gealaí an chéad oíche sin, bhí a fhios agam go raibh mé in áit ar leith.

Seachtar fostaithe lánaimsearthaCuireadh tús le Heart of Africa Safaris ceithre bliana déag ó shin agus 8 gcapall a bhí acu. Sa lá atá inniu ann, tá 36 capall ann agus tá seachtar fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht. Is féidir le haon duine dul ag marcaíocht idir uair an chloig agus sé huaire an chloig, agus radharc ar leith a fháil ar an tírdhreach agus ar na hainmhithe fiáine.

Téann grúpaí amach ar feadh sé lá, ag marcaíocht go dtí áiteanna éagsúla sa pháirc agus ag campáil gach oíche. Is iontach an compord atá ar fáil sna láithreáin champála – uisce te agus béilí áille trí chúrsa, mar shampla. Ar ndóigh, bíonn go leor oibre i gceist leis seo a chur i gcrích – tógann sé an chuid is mó de lá láithreán campála a chur le chéile. Agus is cosúil go gceapann na haíonna go dtarlaíonn an rud ar fad go huathoibríoch!

Bíonn na laethanta fada anseo, oibríonn gach duine go dian agus is cinnte nach bhfeilfeadh an tslí mhaireachtála do gach duine. Tá an áit ciúin – táimid ar a laghad trí huaire an chloig ón gcéad bhaile eile – agus uaireanta bíonn an aimsir thar a bheith cantalach! Ach, gan amhras, más duine tú a bhaineann sult agus tairbhe as a bheith gar don dúlra, a bheith ag éisteacht le fuaimeanna an dúlra seachas fuaimeanna na cathrach agus a bheith in ann na réaltaí a fheiscint i gceart, is deacair Nyika a shárú. In áit a bheith i mo shuí ar an DART gach maidin, siúlaim thar shéabraí agus bushbucks, sléibhte agus coillte ar gach taobh díom. In áit a bheith i mo shuí os comhair ríomhaire, bím i mo shuí ar dhroim capaill. Fós féin nílim cinnte céard atá i ndán dom amach anseo, cathain a fhillfidh mé ar Éirinnmá fhillim riamh. Ach is cuma. I níos mó ná bealach amháin, táim ar bharr an domhain anseo.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug sí dhá thréimhse éagsúla ag obair go deonach san Afraic agus chuaigh sí ar ais ansin san earrach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.