Thug Máire Ní Chuagáin cuairt ar Chraców le déanaí agus thaitin an áit go mór léi, idir shainchomharthaí na sean-Pholainne atá le feiceáil inti agus gnéithe na cathrach nua-aoisí.
Is cinnte go bhfuil pobal láidir Polannach i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann, agus bhí sé seo le feiceáil go soiléir ar an eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Craców. Ba bheag Éireannach a bhí ar an eitleán in aon chor! Is fada an lá ó bhí mé i gcathair a bhí úrnua dom, gan trácht ar chathair nár thuig mé oiread is focal amháin den teanga a labhraítear inti; teanga nach raibh mé in ann fiú buille faoi thuairim a thabhairt mar gheall ar a foghraíocht!
Tá cathair stairiúil Craców lonnaithe i ndeisceart na Polainne, agus téann a stair siar go dtí an seachtú haois. Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257. Bhí Craców mar phríomhchathair na tíre ón mbliain 1038 go dtí 1596.
Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda agus cailleadh sé mhilliún saoránach le linn an Dara Cogadh Domhanda amháin. Ní dhearnadh a lán damáiste do Craców, áfach, agus toisc go bhfuil seanfhoirgnimh agus seanbhallaí na cathrach
fós in airde, fágann sé sin go bhfuil atmaisféar stairiúil, spéisiúil san áit. Tá sainchomharthaí na sean-Pholainne le feiceáil i dteannta na mac léinn, na dturasóirí agus na bPolannach iad féin – idir óg agus aosta – agus iad ag baint suilt as an gcathair ghalánta seo.
Tá cearnóg an bhaile ar nós ollchaife mhóir amháin! Tá rogha an-leathan bialann agus caifí sa chearnóg; thig leat suí lasmuigh díobh ag ól caife, beoir bhreá láidir nó Pepsi agus tú ag breathnú ar na sluaite ag dul thar bhráid. Cruthaíonn sé seo atmaisféar deas réchúiseach, amhail is go bhfuil gach duine ar laethanta saoire – ní bhíonn deifir ar bith ar aon duine! Is cathair beag go maith í Craców inar féidir siúl i mbeagnach gach áit, rud a thaitníonn liom i gcónaí agus mé i gcathair ar bith. Is féidir an-chuid de na príomhradhairc a fheiceáil in aon lá amháin agus do scíth a ligean ag ól Zywiec nó Ozocim, nó d’fhéadfá triail a bhaint as na céadta cineál éagsúil vodka atá ar fáil – má bhíonn tú cróga go leor!
Campaí géibhinnBhí seancheantar na nGiúdach, Kazimerz, mar chathair inti féin go dtí an bhliain 1791. Bogadh na Giúdaigh ar fad amach as an gceantar luath go leor i rith an Dara Cogadh Domhanda, agus ar deireadh, cuireadh an chuid is mó díobh chuig campaí géibhinn Auschwitz, Birkenau nó Monowitz.
Is cosúil go bhfuil an t-ainm Auschwitz cloiste againn ar fad mar gheall ar na ceachtanna staire ar scoil nó mar gheall ar scannáin ar nós Schindler’s List. Inár n-aigne, is ionann Auschwitz agus bás, fulaingt, éagóir agus gráin ar scála is deacair dúinn a shamhlú nó a thuiscint. Bhí áiteanna mar na dúnfoirt in Iarthar na hAfraice óna gcuirtí sclábhaithe chuig tíortha eile feicthe agam, mar aon le Apartheid Museum na hAfraice Theas, ach ceapaim go bhfuil uafás ar leith ag baint le Auschwitz, b’fhéidir mar gheall go dtuigeann muid chomh millteanach is a bhí na polasaithe a bhain leis na campaí seo.
Thug mé cuairt ar Dachau sa Ghearmáin agus mé i mo dhalta scoile agus is cuimhin liom go maith an ciúnas agus an teannas a bhí le brath san aer. Ach tá Auschwitz agus Birkenau éagsúil ón áit sin; tógadh iad – Birkenau (nó Auschwitz II) ach go háirithe – d’fhonn an oiread daoine neamhurchóideacha agus ab fhéidir a chur chun báis chomh sciobtha agus ab fhéidir. Chun an fhírinne a rá, cheap mé go rachadh sé i bhfeidhm níos mó orm a bheith ag féachaint ar phríomhgheata an champa – ar a bhfuil an mana cruálach Arbeit macht Frei scríofa – gan trácht ar na seomraí gáis agus na créamatóiriamaí. Ach bhí na céadta duine i láthair agus ba dheacair dom a bheith sáite sna rudaí seo agus na sluaite móra thart timpeall orm, go mór mór agus cuid acu ag glacadh grianghraf in áiteanna nár chóir dóibh a bheith á nglacadh. Ní iarsmalann amháin é Auschwitz; is ionad cuimhneacháin é atá ann in ómós do na mílte duine a d’fhulaing agus a cuireadh chun báis ansin. An rud ba mhó a ghoill ormsa ná na rudaí a thug na daoine leo ón Ísiltír, ón nGearmáin, ón Ungáir agus ón nGréig; na málaí, na scuaba fiacla agus na boscaí snasáin bróg. Ba dheacair do dhuine ar bith dearmad a dhéanamh ar na seomraí sin, atá lán bróg agus a bhfuil
gruaig a baineadh de mhná iontu. Tá sé ríthábhachtach, dar liomsa, áiteanna mar Auschwitz a fheiceáil, chun léargas a fháil ar an taobh is dorcha den chine daonna agus chun foghlaim ó cheachtanna na staire.
Is iomaí rud suimiúil atá i ndán don té a thugann cuairt ar Craców – idir stair, chultúr agus atmaisféar. Tá sé spéisiúil an chaoi a luíonn an chathair nua-aoiseach chomh éasca is chomh nádúrtha sin le seanghnéithe na cathrach, agus b’fhéidir gurb í an chothromaíocht sin a fhágann a rian ar mheon an chuairteora.*Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus tá tréimhsí caite aici ag obair san Afraic ó shin i leith. Tá sí ar ais in Éirinn faoi láthair agus ag obair leis an gcomhlacht Gaelchultúr. *