THALL IS ABHUS
Súil nua ar na seanradhairc
Máire Ní Chuagáin Máire Ní Chuagáin

Tá go leor taistil déanta ag Máire Ní Chuagáin le dornán blianta anuas ach tháinig sí ar an tuiscint an mhí seo caite go bhfuil áiteanna speisialta níos cóngaraí do bhaile freisin.

Íomhá
Krakow: gheobhaidh tú luach do chuid airgid ansin
Íomhá
Gleann Dá Loch
Íomhá
Teampall Chríost, Baile Átha Cliath

Téimid ar fad thar lear ar chúiseanna éagsúla – athrú ón aimsir, taithí a fháil ar chultúir agus ar shochaithe difriúla, áit nó sainchomhartha mór le rá a fheiceáil. Uaireanta, bímid ar bís le teacht abhaile agus uaireanta ní bhíonn. Nuair a fheicimse an méid a bhíonn le tairiscint ag tíortha agus ag cathracha eachtracha, agus an luach ar a chuid airgid a fhaigheann an cuairteoir in áiteanna mar Barcelona agus Krakow, cuirim ceist orm féin cén fáth a meallann Éirinn agus Baile Átha Cliath na mílte cuairteoir gach bliain. Is deacair, go minic, na rudaí dearfacha faoi do cheantar féin a fheiceáil agus tú i do chónaí ann, ach ó am go chéile bíonn deis againn súil nua a chaitheamh ar ár gceantar dúchais. B’in a rinne mé féin an mhí seo caite agus mé ag feidhmiú mar threoraí turais do chara a bhí ar cuairt chugam as Albain.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas mé, agus cé go bhfuil mo bhaile féin, na Clocha Liatha, athraithe as cuimse le cúpla bliain anuas, tá an áilleacht nádúrtha a bhaineann leis an gcontae mar an gcéanna i gcónaí. Is deacair suíomh Chill Mhantáin idir an fharraige agus na sléibhte a shárú. Thug mé féin agus mo chara cuairt ar Ghleann Dá Loch, ceann de na háiteanna is mó le rá ar an gcósta thoir. Ní hamháin go bhfuil an áit fíoraláinn ó thaobh na timpeallachta de, lena gleannta galánta agus a heasa cumhachtacha, ach tá sé iontach spéisiúil ó thaobh na staire de.

Is minic a bhím amuigh ag siúl i nGleann Dá Loch agus is fada an lá ó chuaigh mé isteach go dtí an chathair mhainistreach ansin. Ón séú haois cuid de na foirgnimh atá ann, an aois inar bhunaigh Naomh Caoimhín iad. Is deacair áit atá chomh sean seo a thuiscint – is féidir smaoineamh ar chúpla céad bliain mar thréimhse ama, ach téann míle go leath bliain thar theorainn mo shamhlaíochta féin! Is deacair gan a bheith tógtha leis an radharc ar an gcloigtheach agus ar na seanchrosa Ceilteacha i lár na ngleannta agus na sléibhte atá níos sine fós ná iad. Is é seo mo dhúchas, mo stair, m’áit féin, agus mhothaigh mé ceangal láidir leis seo ar fad i nGleann Dá Loch. Dá mba thurasóir mé, is cinnte go mbeinn tógtha leis an meascán speisialta seo de stair agus d’áilleacht nádúrtha atá ansin lámh le chéile.

Thiomáineamar abhaile trí Bhearna Bhealach Sailearnáin agus thart le Loch Te, agus bhí mo chara an-tógtha leis an dúlra fiáin a bhí timpeall orainn. Caithfidh mé a rá go raibh bród orm a rá gurb é seo mo cheantar féin, go raibh deis agam éirí aníos in áit atá chomh hálainn. Cé go bhfuil go leor áiteanna iontacha feicthe agam le cúpla bliain anuas, is rud ar leith é breathnú ar áit agus fios a bheith agat gur leatsa é agus nach féidir le duine ná deoraí é sin a thógáil uait!

Lár na cathrachTáim i bhfad níos ceanúla ar Bhaile Átha Cliath anois ná mar a bhí mé cúpla bliain ó shin, toisc go dtuigim anois an carachtar a bhaineann léi i gcomparáid le cathracha eile. Thugamar cuairt ar roinnt de na príomhradhairc i lár na cathrach, Teampall Chríost, Coláiste na Tríonóide, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Leabharlann Chester Beatty ina measc. Ní dheachaigh muid in aice leis an Guinness Store House, ach bhí mé ann cúpla bliain ó shin agus, cé go bhfuil sé an-mhaith, tá sé costasach go leor!

Chuir sé iontas orm go mbíonn ort táille íoc le dul isteach i dTeampall Chríost, ach tá an foirgneamh féin mórthaibhseach amach is amach. Arís, mar gheall ar an aois mhór atá ag an-chuid de na foirgnimh i mBaile Átha Cliath, faigheann tú léargas éigin ar stair na cathrach, go bhfuil fréamhacha ceart ag an áit agus go bhfuil scéal beag nó scéal mór timpeall gach cúinne. Tá an ceantar is sine in Sydney thart ar 200 bliain d’aois ach bhain mise mo chéim amach in ollscoil a bhunaíodh os cionn 400 bliain ó shin! Cé gur chaith mé (agus go gcaithim fós, uaireanta) tamall fada ag taibhreamh faoi imeacht liom go dtí tíortha i bhfad i gcéin, agus mé ag breathnú trasna na Life i dtreo Teach an Chustaim, bhraith mé go bhfeadfadh áiteanna níos measa a bheith mar chathair chónaithe agat! Tuigim cén fáth a mbíonn turasóirí tógtha le Baile Átha Cliath (cé go nglacaim leis go mbíonn siad ag gearán faoi na praghsanna díreach mar a bhímse): is féidir teacht ar stair na cathrach go héasca, trí na taispeántais Lochlannacha, an Leabhar Ceanannais, na foirgnimh Sheoirseacha, Caisleán Bhaile Átha Cliath, agus na siopaí ilchultúrtha ar Shráid Parnell! Is i mBaile Átha Cliath atá na tithe tábhairne is ansa liom, leithéidí Kehoes, The Stags Head agus Nearys. Dá mbeinnse i mo thurasóir, bheadh sé deacair a rá arbh fhearr liom iad seo nó leithéid The Temple Bar, ach is faoin duine féin an cinneadh sin!

Tá sé tábhachtach súil leathan a chaitheamh ar an saol, bailiú leat go dtí na háiteanna a ghlaonn ort, breathnú ar na radhairc a mbaineann a n-áilleacht siar asat, ach amanna is fiú go mór breathnú ar na rudaí atá ar leac ár ndorais. Seans maith go bhfuil do stair fhada, dúlra mórthaibhseach agus pionta breá Guinness ag fanacht ort.Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus tá tréimhsí caite aici ag obair san Afraic ó shin i leith. Tá sí ar ais in Éirinn faoi láthair agus ag obair leis an gcomhlacht Gaelchultúr.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.