Is minic a théann sé dian ar dhaoine idirdhealú idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile, ach tá bunadh na Nua-Shéalainne an-bhródúil go deo as a gcultúr agus féiniúlacht féin, mar a mhíníonn Ruth Nic Giolla Iasachta.
Agus muid fós ar an Oileán Theas agus tar éis dúinn míolta móra Kaikoura a fheiceáil, thugamar aghaidh ar an oirthuaisceart chun cuairt a thabhairt ar fhíonghoirt Blenheim. Tá neart acu ann. Leanamar treoraí ar thuras lae chun réimse deas fíonghort a fheiceáil, agus chun foghlaim faoi na cineálacha éagsúla fíniúna.
Tá na hionaid fíona an-éagsúil óna macasamhail san Eoraip sa chaoi is go bhfuil siad an-nua-aimseartha ar fad. Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
Tá aeráid agus talamh na Nua-Shéalainne feiliúnach don chineál seo saothair. Thaispeáin an treoraí na fíonghoirt is fearr dúinn agus i chuile cheann acu bhí deis againn cuid mhaith cineálacha fíona a bhlaiseadh. Tugadh leathghloine de chuile chineál fíona dúinn. Deirtear gur cheart blaiseadh gan slogadh – ach ní thagann scil mar sin ach le cleachtadh!
Tá fíonta geala na Nua-Shéalainne an-mhaith go deo agus tá siad níos éadroime ná cinn gheala na Fraince. Thaitin Villa Maria, Mud House agus Cloudy Bay go mór liom, go háirithe na Sauvignon Blancs. D’fhoghlaim mé go leor faoin bpróiseas táirgiúlachta, ach ní cuimhin liom na sonraí anois. Beidh orm tuilleadh taighde a dhéanamh.
An lá dár gcionn, thug mé aghaidh ar chuan suaimhneach Picton áit ar chaith mé cúpla lá, sular thaistil mé ar bhád farantóireachta go cathair Wellington. Tar éis dom oíche dheas chompordach a chaitheamh i mbrú óige ansin, bhraitheas réidh le thabhairt faoi Bhealach na Banríona Charlotte. Tugadh an t-ainm seo ar an áit chun ómós a thabhairt do Charlotte, bean an rí Shasanaigh Seoirse III.
Tá an bealach, atá suite ar leithinis, 69 ciliméadar ar fhad. Téann sé trí choillte, thar chnoic, thart le himeall cuanta agus cois farraige. Is féidir siúlóid trí lá a dhéanamh, ach de bhrí go raibh deireadh ag teacht le mo shaoire, shocraigh mé go gcaithfinn lá amháin ag siúl. Iompraíonn báid na paisinéirí ó chuan go cuan agus is féidir leat fad do shiúlóide féin a roghnú.
Bhí radharcanna áille le feiceáil, ach tháinig an fhearthainn agus na scamaill. Bhí foscadh le fáil faoi na crainn dhúchasacha, agus níorbh fhada go dtí go raibh sé geal arís. Ag deireadh an bhealaigh, bhuail mé le beirt fhear agus trí ghadhar a bhí amuigh ag seilg. Cheap mé nach gceadaítear a leithéid i bpáirc náisiúnta, ach bhí gunnaí acu. D’fhiafraigh mé go béasach díobh ar éirigh leo aon rud a ghabháil. “D’éirigh,” a d’fhreagair siad. “Céard atá á sheilg agaibh? Possums?”, a dúirt mise (mar bhí ceann marbh feicthe agam ní ba luaithe). “Gabhair fhiáine”, a dúirt siadsan. Go tobann bhí gabhair Chiarraíocha ag léim timpeall i m’intinn – níor cheap mé riamh go mbeadh cónaí ar ghabhair i gcoill. Ansin mhínigh an bheirt fhear dom go raibh siad ag obair don Bhord Caomhantais.Thóg sé lá iomlán, nó sé huaire, an tsiúlóid sin a chríochnú. Tháinig an bád chun na siúlóirí a iompar ar ais chuig baile Picton. Bhí mé chomh sásta liom féin gur shocraigh mé go gceiliúrfainn le siorc agus sceallóga. Is é an siorc an t-iasc is coitianta a bhíonn ar díol i siopaí éisc agus sceallóg sa Nua-Shéalainn.
Seal i gcathair Wellington
I gcathair Wellington, tá iarsmalann nua-aoiseach Te Papa Tongarewa, a bheadh suimiúil d’éinne a bhfuil dúil aige sa stair nó sa tíreolaíocht. Tá neart taispeántas idirghníomhach ann agus ranna éagsúla faoi bholcáin, creatha talún agus faoin gcultúr Maorach. Oíche amháin bhí díospóireacht sa halla mór faoi bhratach na tíre. Ó thaobh na staire de, tá cúlra casta go leor ag an dearadh atá in úsáid ag na Kiwis faoi láthair.
Deirtear gur léiriú é an gorm sa bhratach ar an spéir agus ar an bhfarraige agus gur léiriú iad na réaltaí sa bhratach ar an Crux Australis. Ach is léir go bhfuil scéal níos casta ag baint leis de bhrí go bhfuil bratach na Breataine le feiceáil i gcúinne bhratach na tíre.
Tar éis d’Ian Harris alt a scríobh sa Dominion Post (nuachtán laethúil sa Nua-Shéalainn), cuireadh tús arís leis an tseandíospóireacht faoi thodhchaí na brataí náisiúnta. Chuaigh mé chuig an gcaint phoiblí i Te Papa inar pléadh an bhratach agus d’éist mé leis na hargóintí.
Ag tús na cainte, bhí cur síos ar stair na brataí. I dtús báire bhí bratach na dtaoiseach aontaithe ann agus meirge coilíneach (mar chomharthaí cosantacha do longa i gcoinne na n-údarás a sciob aon rud nach raibh marc ríoga air). Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin atá luaite thíos.
Nuair a smaoinítear ar an mbratach a athrú, tagann ceist nó dhó chun cinn láithreach bonn. Sa chéad dul síos, cé leis í? Cé atá i dteideal athrú a dhéanamh? Cén fáth? Cén íomhá den tír atá á cur chun cinn ag bratach? Agus i gcás na Nua-Shéalainne, cén bhaint atá acu anois leis an mBreatain?
Is dócha gur maith an rud é féiniúlacht a cheistiú, agus mar a dúirt duine sa lucht éisteachta ansin, ba cheart do chuile shaoránach an rud a phlé, ní hamháin an Ríchomhairle.Tháinig dearcaidh éagsúla chun cinn ansin. Dúirt fear amháin, “Ní maith liom na dathanna, agus cén fáth go bhfuil tír ón taobh eile den domhan chomh mór sin ar mo bhratachsa?”
Bhí daoine áirithe ag iarraidh an nasc leis an mBreatain a laghdú, agus luaigh go leor daoine an t-éan an cíobhaí mar shiombail neodrach a thaitneodh leis an tromlach. “Ó na nóchaidí ar aghaidh, táthar ag tabhairt Kiwis orainn,” a deir siad. Úsáidtear an tsiombail sin chun idirdhealú a dhéanamh idir muintir na Nua-Shéalainne agus muintir na hAstráile. Bhí caint faoin íomhá seo den chíobhaí a úsáid ar éide fhórsaí síochána na Nua-Shéalainne san Afganastáin. D’éirigh go maith leis an íomhá seo nuair a bhí fórsaí ón Nua-Shéalainn i dTíomór Thoir mar go bhfuil mothúcháin fhrith-Astrálacha ag muintir Tíomór agus na hIndinéise.
Is léir go spreagann an bhratach seo mothúcháin láidre fós. Smaoiníonn daoine ar an aontas leis an mBreatain mar bhunchloch na Nua-Shéalainne. Chonacthas an bhratach den chéad uair le linn Chogadh na mBórach san Afraic ag tús an chéid seo caite. Cé go bhfuil an Nua-Shéalainn scoite amach ón Eoraip, tá nasc cultúrtha aici fós leis na hEorpaigh. Bíonn "Little Britain"* *le feiceáil ar TVNZ, agus bíonn na buachaillí scoile (fiú agus iad aois na hardteiste) gléasta i mbríste gearr agus stocaí fada ar nós Shasanaigh na ndaichidí!
Ach i ndáiríre, tá an bhratach seo ríthábhachtach do go leor daoine sa Nua-Shéalainn, mar go gcuimhníonn siad ar thraidisiúin a sinsear agus ar shaighdiúirí sna cogaí domhanda (seanaithreacha, aithreacha agus uncailí na glúine atá sa tír faoi láthair). “Throid siadsan faoin mbratach seo ar ár son agus ar son na síochána,” a deir siad.De réir an dearcaidh sin, ba mhór an masla dóibh uilig a fuair bás dá gcasfadh a bpáistí nó a ngarpháistí i gcoinne na híobartha sin agus dá n-athróidís an bhratach. An ea go gcaithfear fanacht go dtí go dtarlóidh eachtra mhór pholaitiúil nó géarchéim féiniúlachta chun gur féidir an bhratach seo a athrú? Dúirt bean amháin nár cheart dóibh fiú smaoineamh faoi go dtí bás na Banríona Éilís, mar shampla.
Ar a laghad, tá rogha eile acu ó thaobh siombaile de. Is é an rogha sin ná an toradh an cíobhaí, in ionad an éin. B’fhéidir nach mbeadh an toradh níos ciallmhaire mar fheathal náisiúnta ná an t-éan, ach bheadh sé níos so-aitheanta. Tá ollfheirm Kiwi360 anois ag éileamh na dtorthaí milse seo. Sa bhliain chéanna ina raibh a chomhghleacaithe ag troid san Afraic Theas le linn Chogadh na mBórach, chuir múinteoir scoile cúpla síol "spíonán Síneach" i gcré shaibhir na Nua-Shéalainne. D’fhás siad agus d’fhás siad. Cé nach bhfuil cuma rótharraingteach ar an taobh amuigh den toradh míorúilteach sin, deirtear in ábhar margaíochta Kiwi360 go bhfuil sé inchurtha leis na All Blacks féin mar ícón!
An toradh an cíobhaí: www.Kiwi360.com
Bratach: www.mch.govt.nz/nzflag/
Fíon: www.destination.co.nz/blenheim/wine&food/
Bealach siúil: www.qctrack.co.nz/
*Iarsmalann Te Papa: *www.tepapa.govt.nz/Tepapa/
Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ó mhí Feabhra 2007, tá sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.