Chuaigh Nollaig Ó Neill chun na Spáinne le gairid agus é ag súil le harásan a cheannach ansin. Cé nár cheannaigh sé réadmhaoin sa deireadh, fuair sé léargas suimiúil ar an áit, agus ar chleachtais tréandíola na ngníomhairí eastáit.
Chaith mé ceithre lá i ndeisceart na Spáinne le gairid; bhí mé thall mar go raibh mé ag iarraidh teach samhraidh a cheannach. Ní raibh ach cúpla lá saoire fágtha agam ón jab agus bhí gaineamh, grian agus gloiní fíona ag teastáil uaim!Bhí an bháisteach ag titim gan stop i mBaile Átha Cliath agus bhí aimsir níos tirime de dhíth orm. An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis!
Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm. Is féidir linn Barry Whyte a thabhairt air, cé nárbh é sin a ainm i ndáiríre! D’oscail sé doras cúil an chairr agus léim mé isteach, agus ar aghaidh linn chuig ár gceann scríbe. Nuair a bhain muid Marbella amach, tháinig Barry chomh fada leis an óstán liom, agus ansin d’fhág muid slán ag a chéile don oíche.
Chaith mé mo chéad oíche ansin ag siúl timpeall na háite. Is ceantar réasúnta saibhir é Marbella – tá na praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí san áit ina gcomhartha soiléir den rachmas sin. Tagann na mílte turasóir chuig an gceantar gach bliain agus tá tithe samhraidh ag cuid mhór Eorpach ansin chomh maith. Sula ndeachaigh mé chuig Marbella, bhí roinnt mhaith scéalta léite agam faoi chúrsaí tógála na háite. CaimiléireachtIs iarmhéara de chuid Marbella é Jesus Gil, an fear míchlúiteach céanna ar leis an club sacair Atlético Madrid tráth den saol. Sa bhliain 2002, cuireadh brú air eirí as a phost mar mhéara i ndiaidh do líomhaintí a bheith curtha ina leith go raibh sé
bainteach le caimiléireacht agus breabaireacht. Sa bhliain 2003, bhí méara nua ag muintir Marbella – Marisol Yague, an chéad mhéara mná a toghadh sa cheantar riamh. Ansin, ag tús 2006, gabhadh Yague agus leasmhéara Marbella. Ag an am céanna, gabhadh José Antoni Roca, fear a bhí ag obair mar chomhairleoir tógála. Ní ba dhéanaí sa bhliain gabhadh Rafael Del Pozo, ceannasaí an fhórsa póilíneachta. Ag an am, cheap mé go bhféadfaí scannán maith a dhéanamh bunaithe ar an scéal seo.
Nuair a d’fhill mé ar an óstán, bhí cúpla deoch agam sa bheár le fear ón bhFrainc. Ní raibh mórán Béarla aige agus thosaigh muid ag labhairt i bhFraincis. Bhí áthas orm go raibh deis agam mo chuid Fraincise a chleachtadh.
An mhaidin dár gcionn, d’éirigh mé ag a naoi a chlog. D’ith mé bricfeasta éadrom agus ansin d’fhág mé an t-óstan. Bhí Barry, ar fear meánaosta ó Londain é, ina shuí i gcarr nua taobh amuigh den óstán ag fanacht orm. Shuigh mé isteach sa charr. Bhí sé soiléir go raibh Barry cleachta le bheith ag déileáil leis na hÉireannaigh agus iad sa Spáinn, agus bhí muid ag caint agus ag gáire taobh istigh de chúpla nóiméad. Bhí an t-eolas ar fad ag Barry faoin gceantar, agus thuig sé cén cineál buiséid a bhí agam chomh maith. Ar dtús, thaispeáin sé árasán dom in La Cala, ach bhí sé sin róchostasach. Ansin, chuamar go hárasán eile in La Riviera. Arís, bhí se ródhaor. De réir a chéile, bhí mé ag eirí éadóchasach. I ndiaidh am lóin, chuaigh muid go Duquesa, ceantar turasóireachta idir Marbella agus Estepona. Rinne Barry tréaniarracht an t-árasán seo a dhíol liom. Bhí sé soiléir go bhfaigheadh sé coimisiún suntasach dá n-éireodh leis an t-árasán seo a dhíol, ach tionóntán a bhí ann. Tar éis dom an t-árasán seo a fheiceáil, bhí mé saor ó na hiarrachtaí teanndíola a bhí ar siúl ag Barry. D’fhág mé slán aige agus d’fhill mé ar m’óstán. Chaith mé an tráthnóna ag siúl timpeall na háite agus ag amharc ar an bhfarraige, dála gach turasóra eile. Nuair a bhí mo dhinnéar ite agam, thaistil mé ar bhus ó Marbella go Giobráltar.
An Chloch Mhór
Nuair a bhain an bus Giobráltar amach, chonaic mé an Chloch Mhór den chéad uair i mo shaol. Is áit eisceachtúil é Giobráltar, a bhfuil stair an-suimiúil ag baint leis. Sa bhliain 1967, reáchtáladh reifreann inar chaith níos mó ná 95 faoin gcéad de dhaonra na háite vóta ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine. Ó aimsir an reifrinn – agus roimhe sin, gan dabht – d’éirigh aighneas idir uachtarán na Spáinne, Francisco Franco, agus an Bhreatain.
Agus tú ag trasnú na teorann idir an Spáinn agus Giobráltar, tarlaíonn rud an-aisteach. Is é an chéad rud atá le feiceáil agus duine ag dul thairsti ná Winston Churchill Avenue, agus tá na póilíní gléasta in éide phóilíní na Breataine. Labhraíonn formhór mhuintir na háite Béarla, nó teanga éigin eile nach Spáinnis í. Tá cultúr iolraíoch i gceist ar an “oileán”, agus is beag Spáinnis atá le cloisteáil san áit. Tá thart ar 650 Giúdach ina gcónaí i nGiobráltar agus is leosan formhór na siopaí ansin.
Agus mé ag siúl timpeall na háite, chuala mé Giúdach fir ag labhairt lena bheirt mhac faoi chúrsaí brabúis – nach aoibhinn an saol é! Cheannaigh mé cúpla bosca toitíní i siopa áitiúil – €14 a d’íoc mé ar 200 B&H! Nílim ag magadh! Cheannaigh mé cúpla buidéal fuisce – an branda sin Paddy – ar €7 an buidéal. Ni ghearrtar cáin ar earraí áirithe agus tagann muintir La Linea, cathair bheag atá suite in aice le Giobráltar, trasna na teorann gach lá chun a gcuid toitíní a cheannach. An mhaidin dár gcionn, d’fhág mé Giobráltar agus bhraith mé go raibh mé tar éis ceann de na háiteanna is suimiúla a bhí feicthe riamh i mo shaol agam a fhágáil i mo dhiaidh.
Ar an mbus ar mo bhealach ar ais ó Ghiobráltar, chonaic mé na mílte árasán ar díol. Le blianta beaga anuas, tá tírdhreach na háite athraithe go mór ag lucht tógála dheisceart na Spáinne. Is mór an trua é sin. Nuair a bhain mé Marbella amach, bhí Barry ag fanacht orm ina charr nua os comhair m’óstáin. Ní raibh teach díolta aige fós agus bhí sé ag éirí mífhoighneach liom. Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, ach ní raibh sé íoctha acu fós. Caithfidh tú a bheith an-chúramach sna cásanna seo, mar sin shocraigh mé go ndéanfainn é a ghiúmaráil. Bhí cúpla áit eile aige le taispeáint dom, agus tar éis dom mo chuid bagáiste a fhágáil san óstán, bhíomar ar an mbóthar arís. Nuair a bhí muid sa chéad árasán, cuireadh tús leis an treanndíol láithreach. Lean Barry leis lena chaint san aer faoi “áilleacht na háite” agus “na comharsana cneasta”. Bhí mé ag ligean orm go raibh mé éisteacht leis. Tar éis dom an dara hárasán a fheiceáil, bhíomar ar ais ar an mótarbhealach ag tiomáint i dtreo an óstáin. Bhí an teannas le brath go soiléir sa charr. Faoi dheireadh, d’fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin. Dúirt mé leis nach raibh aon chinneadh déanta agam go fóill, ach go ndéanfainn mo mhachnamh air thar oíche. An lá dár gcionn, d’fhill mé ar Bhaile Átha Cliath gan freagra a thabhairt dó. Ní raibh teach samhraidh aimsithe agam, ach bhí mé i ndiaidh saoire shuimiúil a bheith agam, buíochas le Dia!Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Nollaig Ó Néill agus tá sé ag obair sa Roinn Comhshaoil sa chathair sin.