Nuair a thug Éamonn Ó Dónaill aghaidh ar Portland, Oregon an mhí seo caite chun freastal ar an chéad Lá Gaeilge sa taobh sin tíre bhí sé ag súil go mbeadh b’fhéidir scór i láthair, ach mheall an t-imeacht i bhfad ní ba mhó ná sin.
»»»Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill. Labhair Cóilín Ó Floinn le hOifigeach Forbartha na craoibhe.
»»»Tá Cumann Carad na Gaeilge, eagraíocht atá lonnaithe i Meiriceá, ag baint úsáide as an teicneolaíocht is nuálaí, mar a mhíníonn Gearóid Ó Ceallaigh, díreach mar a rinne an té a bhunaigh an cumann.
»»»Nuair a bhí Richard Archibald ag éirí aníos i mBaile Monaidh, Contae Aontroma ní raibh eolas ar bith aige ar an Ghaeilge, ach thosaigh sé a fhoghlaim fúithi agus é ag déanamh taighde ar an Ultais agus anois tá sé an-tógtha leis an teanga.
»»»Beidh deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil i San Francisco ag Nikki Ragsdale arís i mbliana. Labhair Éamonn Ó Donaill léi faoin obair atá ar siúl aici ar son na Gaeilge agus faoina dlúthdhiosca d’amhráin sean-nóis atá sí ag brath a sheoladh in Éirinn gan mhoill.
»»»Tá Conradh na Gaeilge gníomhach i nGlaschú le blianta fada ach tá borradh úr faoin eagraíocht agus faoin Ghaeilge sa chathair faoi láthair, mar a fuair Éamonn Ó Dónaill amach agus é ag múineadh ar chúrsa deireadh seachtaine ansin an mhí seo caite.
»»»As Dún na nGall í Seosaí Nic Rabhartaigh agus tá sí ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Wisconsin, Milwaukee (UWM) faoi láthair. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair léi faoina cuid oibre agus faoi bheith ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge i Meiriceá.
»»»Tháinig Marcin Ostasz go hÉirinn ocht mbliana ó shin agus tá éirithe leis ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach ó shin. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Pholannach seo a bhfuil canúint chomh láidir sin aige go gceapann daoine gur as Conamara é!
»»»Cé gurbh as Conamara athair \Chonchobhair Uí Raighne níor labhair sé aon Ghaeilge lena chlann agus iad ag éirí aníos i Sasana. Agus é tagtha i méadaíocht, áfach, chinn Conchobhar ar luí isteach ar fhoghlaim na teanga.
»»»Ní bhíonn mórán deiseanna ag Stefan Müller a chuid Gaeilge a chleachtadh ach tá sé meáite ar feabhas a chur ar a chuid scileanna sa teanga mar sin féin.
»»»Tá an tAthair Maitiú Ó Cléirchín an-tógtha leis an Ghaeilge ach is beag deis a fhaigheann sí í a labhairt san áit a bhfuil sé ag cur faoi anois: i Wellington na Nua-Shéalainne.
»»»Nuair a thug Marcas de Faoite, ar tréidlia é san Astráil, cuairt ar Éirinn den chéad uair i 1994 ní raibh focal Gaeilge aige ach spreag an turas sin é le luí isteach ar fhoghlaim na teanga.
»»»Níl Yolanta Kruk ag foghlaim Gaeilge ach le cúpla bliain ach tá an-líofacht bainte amach aici, a bhuíochas sin ar mhúinteoir den scoth agus áiseanna iontacha idirlín.
»»»Chaith Aifric Mac Aodha roinnt laethanta ag múineadh Gaeilge do chainteoirí Gàidhlig in Ionad Chaluim Chille (www.iccile.co.uk), in Ìle na hAlban an samhradh seo agus chuaigh an ceantar agus na daoine i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»An mhí seo caite, sheol Glór na nGael comórtas nua Gaeilge atá dírithe ar dhreamanna atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear. Bhí Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí na heagraíochta, i láthair ag an seoladh, a bhí ar siúl le linn fhéile Éireannach Milwaukee, Irish Fest.
»»»Is as Alasca ó dhúchas é Tok Thompson agus tá sé i ndiaidh filleadh ar na Stáit Aontaithe tar éis breis is dhá bhliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Míníonn sé anseo an tslí ar chuir an Ghaeilge go mór lena shaol agus é ag cur faoi in Éirinn.
»»»Is as Alasca ó dhúchas é Tok Thompson agus tá sé i ndiaidh filleadh ar na Stáit Aontaithe tar éis breis is dhá bhliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Míníonn sé anseo an tslí ar chuir an Ghaeilge go mór lena shaol agus é ag cur faoi in Éirinn.
»»»Bhí Mairéad Bean Uí Ghallchóir, ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, Glaschú, ar dhuine de na daoine a bhí bainteach le hócáid an mhí seo caite a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do Sheán Ó Fiannaí, fear atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge sa chathair ó bhí 1945 ann.
»»»Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús. Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
»»»Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús. Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
»»»Bhí Sinéad Mhic Éamoinn an-mhíshásta lena saol i Meiriceá ach nuair a d’aimsigh sí an Ghaeilge tháinig feabhas mór ar chúrsaí.
»»»Tá leabhar nua gramadaí, A Learner’s Guide to Irish, leis an Mheiriceánach Donna Wong, díreach foilsithe ag Cois Life. D’inis an t-údar d’Éamonn Ó Dónaill cad é a spreag a suim sa Ghaeilge agus cén fáth ar chinn sí ar an leabhar seo a scríobh.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta i bPáras faoi láthair agus ní Francaigh amháin atá ag freastal ar an rang - tá daoine as seacht dtír éagsúla ann.
»»»Míníonn Pól Ó Fearghusa cad iad na gníomhaíochtaí a mbaineann sé úsáid astu agus é i mbun ranganna Gaeilge do dhaoine fásta in Union County, New Jersey.
»»»Is cainteoir dúchais Gàidhlig í Beathag Mhoireasdan as Leodhas, an t-oileán amach ó chósta thiar na hAlban, agus chinn sí ar an nGaeilge a fhoghlaim de bhrí gur chuir sé isteach uirthi a bheith ag labhairt Béarla agus í ag tabhairt cuairte ar Éirinn.
»»»Nuair a thosaigh Bearnaí Ó Doibhlin a athfhoghlaim na Gaeilge san Astráil tamall de bhlianta ó shin ba bheag a shíl sé go mbeadh sé féin ag múineadh ardranga taobh istigh de thréimhse ghearr.
»»»Chaith Tadhg Ó Muiris roinnt mhaith blianta ag foghlaim na Gaeilge ina aonar ach bhí an-leisce air an teanga a labhairt an chéad uair a bhuail sé le cainteoir líofa.
»»»Chuir Carmen Rodríguez spéis sa Ghaeilge roinnt mhaith blianta ó shin agus í ina cónaí in Galicia agus chuir a suim sa teanga cor ina saol ina dhiaidh sin.
»»»Is múinteoir meánscoile é Brian Richter in Kent Shasana. Míníonn sé anseo cén fáth ar chinn sé ar an Ghaeilge a fhoghlaim.
»»»Tá cónaí ar Liz Gabay i mBellingham, Washington agus bhí Gaeilge líofa aici sula bhfuair sí deis an teanga a labhairt den chéad uair riamh.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.