TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ó Ghaidhealtachd na hAlban go Gaeltacht na hÉireann
Beathag Mhoireasdan Beathag Mhoireasdan

Is cainteoir dúchais Gàidhlig í Beathag Mhoireasdan as Leodhas, an t-oileán amach ó chósta thiar na hAlban, agus chinn sí ar an nGaeilge a fhoghlaim de bhrí gur chuir sé isteach uirthi a bheith ag labhairt Béarla agus í ag tabhairt cuairte ar Éirinn.

Íomhá
Íomhá
Uig in Leodhas, ceantar dúchais Bheathag

Rugadh agus tógadh mé i nGaidhealtachd na hAlban agus, mar gheall air sin, tá an Ghàidhlig agam ó dhúchas. Tá sé tábhachtach tagairt a dhéanamh dó sin mar go raibh an Ghàidhlig agus an Ghaeilge mar aon teanga lá den saol; fós tá an-chosúlacht eatarthu ach, ag an am céanna, is fada óna chéile iad. Dá bhrí sin, bíonn deacrachtaí áirithe ag Gàidhligeoirí atá ag fèachaint le Gaeilge a fhoghlaim, agus mar an gcéanna i gcás Gaeilgeoirí atá ag foghlaim Ghàidhlig na hAlban. Ach más maith leat dúshlán, níl ceann níos fearr le fáil.

Deich mbliana ó shin a chuaigh mé go hÉirinn den chéad uair. Bhí an tOireachtas ar siúl i nGaillimh an bhliain sin agus bhíos i láthair i ról oifigiúil, mar ionadaí de chuid An Chomuinn Ghàidhealaigh, eagraíocht in Albain a chuireann tacaíocht ar fáil do theanga agus do chultúr Gàidhlig na tíre. Ní gá dom a rá chomh mór agus a bhain mé taitneamh as an gcéad turas sin go hÉirinn. I rith mo chuairte, d’aithin mé agus mhothaigh mé go raibh rud éigin draíochtúil agus tarraingteach ag baint leis an áit, le muintir na háite agus leis an teanga, agus b’in tús mo chairdis le bunadh na hÉireann.

Ina dhiaidh sin, chuaigh mé ar ais chun na tíre ó am go chéile, ach bhíodh fadhb agam go minic mar nach mbíodh sé ar mo chumas labhairt le mo chairde i nGaeilge, rud a chuir buaireamh orm. Cheap mé nach raibh sé ceart a bheith ag caint i mBéarla ar chor ar bith agus mheas mé gur cheart dom an Ghaeilge a fhoghlaim.

Bhí cónaí orm i nGlaschú (mar atá fós) agus rinne mé cuardach go bhfeicfinn cá háit a raibh ranganna Gaeilge ar fáil sa chathair nó an raibh ranganna Gaeilge ar bith á dtairiscint, mar nach raibh a fhios agam. I ndeireadh báire fuaireas rang tráthnóna a bhí ar siúl gach aon seachtain in Ollscoil Shrath Chluaidh agus thosaigh mé ansin, cúig nó sé de bhlianta ó shin, ar aistear fada fhoghlaim na Gaeilge.

Bhíos ag freastal ar an rang seo ar feadh b’fhéidir trí nó ceithre de bhlianta agus ag baint an-taitnimh as, ach ansin thosaigh mo chuid oibre ag méadú agus ní fhéadfainn freastal air ach go hannamh. Ag an am céanna, agus chomh maith leis an rang seachtainiúil i nGlaschú, shocraigh mé go rachainn ar chúrsaí teanga in Éirinn. Cúrsaí gairide a bhí i gceist agus chuaigh mé ar dtús go Gaoth Dobhair agus go Gleann Cholm Chille uair amháin.

Bhí spéis i gcónaí agam eolas a chur ar chanúint na Mumhan agus chuireas romham é sin a dhéanamh. Mar sin, le roinnt blianta anuas tá mé ag freastal ar chúrsaí gairide i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí agus táim lánsásta leis an áit agus leis an gcanúint. Mar is gnách, beidh mé ag freastal ar chúrsaí teanga ansin sna samhraí atá romhainn, ach beidh mé ag tabhairt cuairte ar Éirinn go minic chomh maith de bharr cúrsaí oibre.

Is é mo bharúilse nach bhfuil sé éasca an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe nuair nach mbíonn deis rialta agat a bheith á labhairt - ach leanaimis ar aghaidh agus rachaimid ó neart go neart!

Is múinteoir Gàidhlig, aisteoir agus amhránaí í Beathag Mhoireasdan. Tá cónaí uirthi i nGlaschú. Is féidir cuairt a thabhairt ar a suíomh gréasáin ag: www.beathag.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.