TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
I measc Ghaeil na hAlban in Ìle
Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha Aifric Mac Aodha

Chaith Aifric Mac Aodha roinnt laethanta ag múineadh Gaeilge do chainteoirí Gàidhlig in Ionad Chaluim Chille (www.iccile.co.uk), in Ìle na hAlban an samhradh seo agus chuaigh an ceantar agus na daoine i bhfeidhm go mór uirthi.

Íomhá
Ionad Chaluim Chille Ìle, áit a raibh Aifric ag múineadh na Gaeilge
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ba dheacair áit níb áille do sheachtain oibre a thoghadh ná Oileán Ìle, inis d’Inse Ghall, atá suite amach ó chósta na hAlban. Tharla mise ann i mí Iúil i mbliana, mar gur tugadh cuireadh dom cúrsa Gaeilge a mhúineadh do dhream Albanach.

Is féidir eitilt go díreach as Glaschú go hOileán Ìle ach is fearr go mór taisteal ann ar bhus agus ar bhád. Tá draíocht allta ag roinnt leis an tír lastall d’fhuinneog an chóiste: faigheann beanna na hAlban greim ort. Níorbh fhada ar an mbóthar muid gur stad an tiománaí ag sráidbhaile beag. Seanmhná is mó a bhí sna siopaí ann. Ní haon namhaid acu an turasóir, agus bronnann siad brioscarán te air. Níor airíos go raibh aon cheangal orm a n-earraí a cheannach ach oiread, ach thabharfaidís an lá ag caint leat. Dá thaitneamhaí an turas bus, is deise fós an trasnú ar an mbád farantóireachta. Déanann an bád cúr den fharraige agus braitheann tú an spéir an-ghorm agus an-mhór. Casadh oileánach mná ar an deic liom agus ní shásódh tada í ach bealach a thabhairt dom chun an óstáin. Bíonann cineáltas dóibh uilig.

Cois cladaigh a bhí mé féin ag stopadh. Nuair a mhúsclaíos an mhaidin dár gcionn, bhí radharc agam ar oileán eile: Oileán Jura, áit ar scríobh George Orwell Nineteen Eighty-Four. Chaitheas an mhaidin ag féachaint isteach ar loime an oileáin sin, gur thugas beirt i mbáidín calaidh faoi deara.

“An dtugann sibh daoine amach ar an bhfarraige libh?” a d’fhiafraíos de na bádóirí, mé ag ceapadh gurb obair shéasúrtha acu a leithéid. Níor den áit iad, chor ar bith.

“Ní thugann,” ar siadsan, “ach má thrustann tú muid, isteach leat.”

Bhíos rud beag míshocair ionam féin ach thógas i mo cheann é dul leo. Ní raibh aon aiféala orm dá bharr. Thug an báidín i leith an tsoithigh mhóir sinn. Anairde linn, agus mar is dual do stráinséirí, b’oscailte, nádúrtha ár gcomhrá. Seif ab ea duine acu agus thug sé cuireadh dom dinnéar a chaitheamh leo ar bhord na loinge. Réitigh sé hagaois dom féin agus don cheathrar bádóirí eile. Ní fada a hagaois seisean ó phióg an aoire agus ba bhreá amach an béile é. D’osclaíodar buidéal uisce bheatha de chuid na háite agus chaith mé féin agus na seanmhairnéalaigh siar é. Ach bhí teacht le chéile le bheith ann an oíche sin, do lucht an chúrsa Ghaeilge, agus chaithfinn talamh tirim a thógaint orm féin arís.

Ní bhíonn a fhios agat riamh conas mar a bheidh ag cúrsa samhraidh. Is féidir a bheith deimhin de i gcónaí go mbeidh éan corr amháin agat i rang Gaeilge: má bhíonn leat, ní bheidh an t-ál iomlán suite os do chomhair, iad ag grágaíl d’aonghob. Bhí áthas nach beag orm, dá bhrí sin, nuair a chuireas aithne ar mo rangsa an oíche chéanna. Ní raibh duine orthu nar thaitin thar barr liom, agus b’anamúil gealgháireach an dream iad.

An chaoi gur leagadh an cúrsa amach, bhíodh rang againn ar maidin agus turas um thráthnóna. Thugamar cuairt ar Finlaggan an chéad lá. Tá dhá oileán le feiceáil ar an dúiche sin: Eilean Mor agus Eilean na Comhairle. Ar an Eilean Mor a thoghtaí Tiarna na nOileán, fear a mbíodh ceannas Inse Ghall ar fad aige, mar aon le cuid de chósta Iarthar na hAlban. Go hEilean na Comhairle a théadh an Tiarna, in éineacht lena chuid consailéirí, an uair a bhíodh scéal mór le cíoradh acu.

Thaitin sé liom nach raibh aon ionad míniúcháin buailte anuas ar an gceantar glas. Ní raibh aon fhíseánathchruthúchán bréige faoi. Ba é a d’fhoilsigh cúlra an cheantair dúinn ná na fothraigh féin agus treoraí de bhunús na háite. Bhíos go mór i dtuilleamaí mo rangsa fad is a bhí an treoraí ag cur de, mar bhí an Ghàidhlig an-ramhar go deo aige. Tháinig an chaint go réidh chuige agus bhí an-spórt ar fad againn, mar ba léir dó nár thugas féin ach blúirí liom. Cairde bréige iad an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, dar ndóigh. Bhíos i gcraiceann mo rangsa le linn don treoraí a bheith ag caint, agus is dóigh liom go ndearna an tráthnóna sin teagascóir níos tuisceanaí díom.

Bhí rang an-bhog againn an mhaidin dár gcionn agus chaitheamar an lá ar an mBogha Mor. Is ann atá an drioglann is ársa in Ìle agus is féidir an t-uisce beatha a fheiceáil á dhéanamh ann, ó thús a scagtha go deireadh. D’ólamar toradh an tsaothair i ndiaidh an turais, agus chuaigh an rang i gcionn amhránaíochta.

Is luachmhar liom na laethanta sin: boladh na móna ón bhfuisce, port meidhreach na nAlbanach i mo thimpeall: “’S ann an Ìle,’n Ìle,’n Ìle,’S ann an Ìle…’ atá mo chroíse.”

Is as Cnoc Mhuirfean i mBaile Átha Cliath í Aifric Mac Aodha. Bhain sí céim amach sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath roinnt blianta ó shin agus anois tá sí i mbun dochtúireachta sa choláiste céanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.