TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Seán Ó Fiannaí: fear a bhfuil éacht déanta aige i gcúrsaí Gaeilge
Mairéad Bean Uí Ghallchóir Mairéad Bean Uí Ghallchóir

Bhí Mairéad Bean Uí Ghallchóir, ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, Glaschú, ar dhuine de na daoine a bhí bainteach le hócáid an mhí seo caite a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do Sheán Ó Fiannaí, fear atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge sa chathair ó bhí 1945 ann.

Íomhá
Mairéad Uí Ghallchóir, Seán Ó Fiannaí agus Ciarán Ó Fearraigh
Íomhá
Mairéad Uí Ghallchóir, Seán Ó Fiannaí, Pól Ó Stíobhard (stiúrthóir an dráma) agus Cecilia McDaid (Rúnaí, Conradh na Gaeilge, Glaschú)

Bhí oíche speisialta ar siúl i Glaschú ar an 14 Bealtaine nuair a rinneadh an bhaint atá ag Sean Ó Fiannaí, cathaoirleach Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, leis an eagraíocht le seasca bliain anuas a cheiliúradh.

Rugadh agus tógadh Seán Ó Fiannaí in Uddingston, taobh amuigh de Ghlaschú ach b’Éireannaigh beirt dá sheantuismitheoirí. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna Gaeilge i 1945, ag foghlaim na teanga é féin i dtús ama agus ansin á teagasc do dhaoine óga agus aosta. Bhí sé i gcónaí foighdeach, stuama agus cuidiúil mar mhúinteoir. Trí amanna maithe agus dhrochamanna, bhí sé ansin. Ba chuma cén cineál aimsire a bhíodh ann, dhéanadh Seán an turas fada ar an bhus óna bhaile go dtí an rang Gaeilge. Bhéarfaidh sin barúil mhaith duit cén cineál grá atá aige don teanga, don Chonradh, agus d’Éirinn, agus an dlúthcheangal atá aige leo.

Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige. Mar a dúirt mé chomh maith, murach Seán ní bheadh Conradh na Gaeilge ag feidhmiú i nGlaschú sa lá atá inniu ann.

Shocraigh muidne ar choiste Chraobh Phádraig Mhic Phiarais go gcuirfeadh muid an dráma, An Corp, ar an ardán mar chuid den ócáid. Dráma dhá gníomh atá ann ach scríobh duine dár múinteoirí, Cecilia McDaid, gníomh breise, ceann a bhí fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí úra, mar sin, bhí daoine éagsúla, idir pháistí agus dhaoine fásta, ón bhun-, mheán- agus ardrang ábalta páirt a ghlacadh sa dráma.

Bhronn Ciarán Ó Fearraigh, gasúr óg atá ag freastal ar an mheánrang, seic ar Sheán agus bhronn Treasa O’Connor, thar ceann Fheis Ghlaschú, bronntanas air chomh maith.

Tá Seán ina bhall fosta de Chraobh Johnny Doherty de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, i Newarthill. I ndiaidh an dráma, bhí oíche cois tine ann le damhsóirí, ceoltóirí agus amhránaithe ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais, agus ó dhá chraobh eile de chuid an Chomhaltais, Irish Minstrels agus St James the Great, Glaschú.

Rugadh Mairéad Uí Ghallchóir i mBun Cranncha i nDún na Gall agus tógadh i nGlaschú í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.