TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ed Foley: an Laidineoir ar chráigh gramadach na Gaeilge é!

Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús. Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.

“Cad chuige a bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge?”

Lean an cheist sin mé ar nós madra ocraigh i rith mo chuairte ar Éirinn anuraidh. Bhí mearbhall ar go leor daoine fá dtaobh de mo spéis sa teanga dheacair seo dá gcuid. “Níl sí ró-úsáideach mar theanga, an bhfuil?” a deiridís. “Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil, ach…” Uaireanta ní raibh faic agam le rá. Bhí ionadh orm. Is dócha go raibh mé ag súil le buíochas mór ar son mo chuid iarrachtaí. Tuigim níos fearr anois, ach ag an am sin tháinig na ceisteanna seo aniar aduaidh orm. Is dócha gurbh é an ceol an chéad rud a mheall mé chuig an teanga. Thaitin ceol Gaelach liom i gcónaí. D’éistinn le hamhráin de chuid Chlannad, mar shampla, agus bhínn ag rá liom féin: “Cad é ábhar na n-amhrán seo?” Bhí siad lán d’uaigneas agus de dhúil. Bhí diamhracht áirithe ag baint le fuaim na teanga. Níorbh ionann í agus na teangacha eile a raibh mé eolach orthu. Níor chuala mé a leithéid riamh.

De réir a chéile d’fhás mo shuim sa Ghaeilge, agus chinn mé ar í a fhoghlaim. Ach cén dóigh a dtabharfainn faoi? Ní raibh mórán ranganna nó leabhar don fhoghlaimeor fásta ar fáil ag an uair úd. Muise, ní raibh ach aon leabhar amháin agam, ach thosaigh mé a dhéanamh staidéir air go fonnmhar.

Bhuel, ní raibh sé i bhfad go raibh mé in ísle brí mar gheall ar go raibh an iomarca gramadaí sa leabhar seo. Tá cleachtadh agam ar an ngramadach mar is múinteoir Laidine mé ach bhí cuma róchasta ar ghramadach na Gaeilge domsa, agus chuir mé an leabhar ar leataobh ar feadh tamaill fhada. Ó am go ham, d’osclaínn é arís, ach d’fhaigheadh an ghramadach an ceann is fearr orm gach uair agus bhraithinn pian i mo chroí. Ní maith liom éirí as rud éigin nuair atá cinneadh déanta agam é a dhéanamh. Bhí díomá mór orm nach raibh mé in ann an bac seo a shárú. “Caithfidh go bhfuil slí ann,” a cheap mé.

Smaoineamh

Lean cúrsaí ar aghaidh mar seo ar feadh blianta agus gan dul chun cinn ar bith á dhéanamh agam le mo chuid staidéir. Lá amháin, áfach, rith an smaoineamh seo liom: “Ní gá dom gach riail agus coincheap gramadúil a thuiscint. Is féidir liom cúpla frása agus abairt a fhoghlaim agus úsáid a bhaint astu.”

Bhí an smaoineamh seo chomh simplí sin go raibh náire orm nár bhain mé triail as cheana. Cheannaigh mé bosca cártaí agus thosaigh a scríobh abairtí orthu. Ar thaobh amháin scríobhainn frása as Gaeilge; ar an taobh eile scríobhainn an frása céanna as Béarla. Uaireanta scríobhainn seanfhocail agus sleachta as dánta ar na cártaí. Ba bhreá liom iad seo mar go raibh siad suimiúil agus go raibh mé ábalta iad a chur de ghlanmheabhair. Nuair a bhíodh deis agam nó nuair a bhínn ar mo shuaimhneas, d’amharcainn orthu agus, roimh i bhfad, bhí go leor focal, abairtí, agus cora cainte ar mo thoil agam. Chothaigh an ghníomhaíocht seo muinín ionam as mo chuid Gaeilge ó thús mar gur thug mé faoi deara go raibh mé ag tosú a thuiscint na gramadaí níb fhearr, agus é sin gan iarracht a dhéanamh!

De réir a chéile, d’aithin mé go raibh rud éigin ar iarraidh, áfach. Bhí mé ag léamh agus ag éisteacht le téipeanna oiread agus a d’fhéadfainn, ach bhí deisanna de dhíth orm le comhrá a dhéanamh. Dá bhrí sin, chinn mé ar thuras chuig an “bhfód dúchais” a dhéanamh. Fuair mé eolas ar an idirlíon faoi chúrsa a bhí á thairiscint ag Oideas Gael (www.oideas-gael.com) i nDún na nGall. Ní raibh a fhios agam cad é a bhféadfainn a bheith ag súil leis ansin, ach mheas mé go bhfoghlaimeoinn rud inteacht ar a laghad.

Nuair a shroich mé Gleann Cholm Cille (i ndiaidh turais gharbh ar an mbus), bhain áilleacht na háite siar asam. Bhí radhairc aoibhne mórthimpeall na háite: an fharraige fhiáin ar thaobh amháin agus cnoic ghlasa ar an taobh eile. Go hálainn ar fad. Chuaigh na múinteoirí agus an stiúrthóir i bhfeidhm orm fosta. Chorraigh (agus corraíonn go fóill) a gcuid iarrachtaí ar son na teanga go mór mé. Tá fuinneamh mór agus paisean ag na daoine seo. Is minic a ritheann sé liom go bhfuil siad ag troid cath laochta.

Bhain mé an-tairbhe as an am a chaith mé in Éirinn, cé gur thuig mé go raibh bóthar fada romham mar fhoghlaimeoir. Ní chríochnaíonn an obair choíche agus tú ag plé le teangacha. Bíonn rud éigin le foghlaim i gcónaí. Dá bhrí sin, má tá cead agam, cuirfidh mé an chomhairle a leanas ar an tosaitheoir: ná cuir stró rómhór ort féin an teanga a fhoghlaim, ach bíodh grá agat di. Sa tslí sin, mairfidh an Ghaeilge go deo i do chroí.

Rugadh agus tógadh Ed Foley i mBostún, áit a bhfuil sé ina chónaí go fóill agus ag obair mar mhúinteoir Laidine. Seinneann sé le racghrúpa, Van Gogh Cart, ó am go chéile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.