Nuair a thosaigh Bearnaí Ó Doibhlin a athfhoghlaim na Gaeilge san Astráil tamall de bhlianta ó shin ba bheag a shíl sé go mbeadh sé féin ag múineadh ardranga taobh istigh de thréimhse ghearr.
Is iar-mheánmhúinteoir Béarla mé agus, dála cuid mhór de mo chomhghleacaithe, bainim sult as sleachta le húdair áirithe a chur de ghlan mheabhair agus, uaireanta, a úsáid nuair a bhíonn deis oiriúnach ann. Is é WB Yeats duine de na húdair mhóra is ansa liom agus is breá liom an líne shimplí ach dhuibheagánach sin, “Things fall apart.”
Nuair a smaoiním, áfach, ar an mbaint atá agam le blianta anois leis an nGaeilge, braithim gur chóir an sliocht thuas a athrú go: “Titeann rudaí le chéile”. Agus, mar a tharlaíonn go minic i gcúrsaí a mbaineann ádh leo, bhí trí rud éagsúla i gceist a tharla gar dá chéile.
Sa chéad dul síos, nuair a bhí sé ag druidim leis an am a raibh mé le dul ar scor agus mé ag machnamh ar fhéidearthachtaí an tsaoil ar féarach, chonaic mé fógra do scoil samhraidh, seachtain Ghaeilge bhliantúil ar fheirm amuigh faoin tuath sa Bhreatain Bheag Theas Nua. Tar éis cúig bliana is tríocha a chaitheamh gan baint ar bith a bheith agam leis an nGaeilge, cheap mé go mbainfinn craic as iarracht a dhéanamh an teanga a labhairt arís.
Is cuimhin liom go raibh na cearthaí orm sa chéad cheacht in ardrang na scoile samhraidh nuair a iarradh orm mo shonraí pearsanta a mhíniú, ach ba ghrúpa an-bháúil é agus, sul i bhfad, bhíos ag baint an-taitnimh as an gcaidreamh. Ba spreagadh an-mhór dom an taithí dhearfach sin agus ag deireadh na seachtaine bhí fonn orm leanúint ar aghaidh ag athfhoghlaim na teanga.
Dá leanfainn orm go hiomlán i m’aonar, ámh, ní dóigh liom go mbeadh rath rómhaith orm. Ach ansin bhí an t-ádh orm arís mar bhí fear eile as Canberra, Peadar Ó Dálaigh, ag freastal ar an scoil samhraidh agus, cé go raibh i bhfad níos mó Gaeilge aige ná mar a bhí agamsa, bhí sé toilteanach bualadh liom uair nó dó sa mhí chun cleachtadh comhrá a dhéanamh.
Agus ansin, mar chomhtharlú teagmhasach, bhí eagraíocht Éireannach i gCanberra, Cairde na hÉireann, ag déanamh iarrachta rang Gaeilge a bhunú agus iarradh orm cabhrú leo. Mar is eol do chách, an tslí is éifeachtaí le hábhar ar bith a fhoghlaim ná é a theagasc.
Murach go raibh an tacaíocht thuasluaite ar fáil dom, is é mo thuairim nach mbeadh níos mó ná cúpla focal agam anois.
Na ranganna
Le seacht mbliana anuas tá ranganna Gaeilge ar siúl sa phríomhchathair faoi chúram Chairde na hÉireann. Faigheann muid tacaíocht freisin ón gCumann Gaelach, a sholáthraíonn seomra ranga agus áiseanna múinteoireachta dúinn. Faoi láthair tá dáréag cláraithe don ardrang agus seachtar don bhunrang. Tá meascán ann idir óg agus sean, mná agus fir, Éireannaigh agus Astrálaigh, ach is Astrálaigh iad a bhformhór.
Dála mo stairr pearsanta féin, is léir go bhfuil fáthanna éagsúla ann go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an ardrang le blianta anois. Thar gach rud eile, an buntáiste is mó ná go bhfuil beirt againn i mbun na múinteoireachta, mé féin agus an cara a luaigh mé thuas, Peadar Ó Dálaigh. Ní hamháin go mbíonn an bheirt againn ar fáil chun an obair a roinnt agus cabhrú le chéile, ach cé go mbíonn fonn orainn dís roinnt mhaith taistil a dhéanamh le linn na bliana, is fíorannamh nach mbíonn duine againn i láthair. Fiú má bhíonn muid beirt as láthair, bíonn na mic léinn ábalta leanúint ar aghaidh as a stuaim féin.
Chomh maith leis sin, bunaíodh bunrang úr chóir a bheith gach bliain le tamall anuas agus, le cúpla bliain anois, tá mac léinn atá san ardrang, Brús Ó Ciannaith, ag teagasc na nglantosaitheoirí. Dé ghnáth, tar éis bliana sa bhunrang téann daoine áirithe atá meáite ar an teanga a fhoghlaim suas go dtí an t-ardrang agus, cé go mbíonn deacrachtaí go leor acu, tá cleachtadh ag na mic léinn eile ar a bheith ag feidhmiú mar chomhairleoirí dóibh. Cothaíonn an caidreamh sin spiorad comhoibrithe sa rang.
Is féidir a rá go bhfuil an t-atmaisféar san ardrang anois níos cosúla leis an atmaisféar a bhíonn i gceist agus grúpa cairde ag cruinniú le chéile. Is club ceadúnaithe é an Cumann Gaelach agus bíonn deoch againn i dtólamh i ndiaidh an ranga - nó fiú i rith an ranga má bhíonn tart ar an múinteoir bocht. (Is tír an-tirim í an Astráil agus tá triomach ar siúl anseo le trí bliana anuas!)
Luaigh mé an scoil samhraidh, nó An Daonscoil, níos luaithe agus faoi láthair bíonn sí ar siúl gach Eanáir ar feadh seachtaine i mbaile beag lasmuigh de Melbourne, príomhchathair Victoria, agus freastalaíonn cuid de mhic léinn Chanberra uirthi. Mar aon leis an Daonscoil, anuraidh bunaíodh scoil gheimhridh, scoil deireadh seachtaine fada, i Sydney, cathair atá an-chóngarach dúinn, agus d’fhreastail an chuid is mó againn uirthi.
Is léir go bhfuil an teanga beo i bpríomhchathair iargúlta na hAstráile agus, dá bhrí sin, tá an seanfhear seo gnóthach agus lánsásta lena shaol ar féarach. Lena chois sin, tá leithscéal maith aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht áirithe gach cúpla bliain chun cúrsa inseirbhíse a dhéanamh.
As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Fuair sé a chuid oideachais bunscoile agus meánscoile leis na Bráithre Críostaí agus bhain sé BA amach in Ollscoil na Ríona. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Chanberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.
Eolas faoi imeachtaí Gaeilge san Astráil: www.gaeilgesanastrail.com
Tá teacht ar Bhearnaí Ó Doibhlin ag angelabarney@homemail.com.au