TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Liz Gabay: ag labhairt teanga a sinsear
Liz Gabay Liz Gabay Liz Gabay

Tá cónaí ar Liz Gabay i mBellingham, Washington agus bhí Gaeilge líofa aici sula bhfuair sí deis an teanga a labhairt den chéad uair riamh.

Íomhá
Red Square, Western Washington University. Tagann an rang Gaeilge le chéile san fhoirgneamh íseal ar an taobh clé den phictiúr
Grianghraf: Liz Gabay
Íomhá
An radharc ó theach Liz Gabay. Tá Oileáin San Juan agus Bá Bhellingham le feiceáil, mar aon le sliabhraon Olympic
Grianghraf: Liz Gabay
Íomhá
Liz Gabay le linn cuairte ar Bhaile Átha Cliath

Nuair a bhuailim le hÉireannach den chéad uair is léir dom nach dtuigeann sé an chúis ar fhoghlaim Meiriceánach mná an Ghaeilge ina haonar. Míneoidh mé an scéal daoibh anseo.

Rugadh agus tógadh mo mháthair in áit darb ainm Town of Kildare, ceantar feirmeoireachta a bhunaigh daoine as Éirinn in áit iargúlta i lár Wisconsin aimsir an Ghorta Mhóir. Tháinig ár sinsir anall anseo as timpeall deich n-áit éagsúla: Cill Dara, Muineachán, Ros Comáin, agus Uíbh Fháilí ina measc. Phós sliocht na n-imirceach a chéile ar feadh céad bliain. Ba neartmhar agus daingean na ceangail a d’airigh na Meiriceánaigh sin idir a bpobal féin agus tír na hÉireann. Ba í mo sheanmháthair a spreag mo shuim sa Ghaeilge ar dtús. Cé nach raibh focal aici, ba chuimhin léi na seandaoine a labhair an teanga agus bhí ardmheas aici uirthi.

Bhí spéis agam sa teanga i gcónaí, ach ní fhaca mé rang ná leabhar ar bith ar feadh na mblianta fada gur tháinig mé ar chóip de Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail i 1994. Dochtúir comhairleach ab ea mé gar do Los Angeles a bhí ag plé le galair ghabhálacha agus chaithinn uair nó dhó sa charr gach lá, ag tiomáint ó áit go háit. D’éist mé leis na téipeanna go díograiseach. Chuir sin fuaim na teanga i mo chluasa, cé nár thuig mé ach an corrfhocal. Dar liomsa gur cuma cén leabhar teagaisc atá agat. Éist agus léigh, agus beidh an teanga agat sa deireadh.

Lean mé orm ag úsáid na leabhar agus na dtéipeanna ach ba rídheacair dom ábhar léitheoireachta a fháil gur bronnadh ríomhaire orm i 1996. Nuair a chuir mé an focal “Gaeilge” isteach in inneall cuardaithe, osclaíodh saol na Gaeilge roimh mo shúile. Tá áiseanna breátha le fáil ar an idirlíon: gearrscéalta, comhaid fhuaime, raidió, siopaí leabhar, etc. Rinne mé mo chuid scríbhneoireachta a chleachtadh ar an liosta Gaeilge-B agus thug daoine flaithiúla cabhair dom agus chuir siad comhairle orm. Cé go raibh mé in ann an teanga a léamh agus a scríobh go réasúnta maith, ní raibh deis agam labhairt le Gaeilgeoir eile riamh.

Tá mé i mo chónaí i mBellingham, Washington anois. In Earrach na bliana 2001, chuaigh mé go “Lá Gaelach” i Seattle, a bhí á reáchtáil ag Mary Kelly, Dennis King agus Liam Boyle. Tháinig ionadh an domhain orm an lá sin. Bhí mé in ann an teanga a labhairt! Tháinig focail intuigthe amach as mo bhéal!

Cuairt ar Éirinn

Ina dhiaidh sin, chuaigh mé féin agus m’iníon go hÉirinn. Bhí eagla orm a bheith ag tiomáint ar an taobh clé den bhóthar agus, mar sin, chuamar timpeall na tíre ar na busanna. I mBaile Átha Cliath shiúil mé isteach i siopa leabhar Chonradh na Gaeilge agus cheannaigh mé mála leabhar gan focal Béarla a rá. Bhí mná an tsiopa lách is foighneach. D’fhreastail mé ar an Aifreann i nGaeilge i gConamara, agus chuala mé an teanga bheo as béal na ndaoine sa teach pobail.

Ina dhiaidh sin, chuaigh mé go “Deireadh Seachtaine Gaeltachta” a chuir Nikki Ragsdale ar fáil i San Francisco, i gcomhar le múinteoirí as Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. D’fhoghlaim mé cuid mhór den teanga ansin.

Ag an Lá Gaelach i Seattle, bhuail mé le beirt eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, Steve Henson agus Jeanne Armstrong. Tagaimid le chéile go rialta go fóill. Uaireanta, faighimid deis ar chomhrá a dhéanamh i nGaeilge le fear as Éirinn, Niall Ó Murchú. De réir a chéile, tá mé ag cur feabhais ar mo chuid cainte.

Tá an t-ádh dearg orainn i mBellingham toisc go bhfuil bean ina cónaí anseo, Sami Melillo, a thugann ceoltóirí iontacha chugainn as Éirinn. Tá gnaoi ag daoine ar an gceol “Ceilteach” anseo agus spreagann sin iad leis an teanga a fhoghlaim.

Chuir mé féin tús le bunrang Gaeilge i seomra a fuair mé ar iasacht ón ollscoil áitiúil, Western Washington University, i nDeireadh Fómhair 2003. Tá mic léinn óga sa rang, chomh maith le ceoltóirí agus daoine a bhfuil cion acu ar an teanga.

Tá deacrachtaí áirithe ag baint le múineadh na Gaeilge. Níl an teanga éasca a fhoghlaim. Dá bharr sin, is deacair dom díograis na dtosaitheoirí a choinneáil beo. Déanaimid amhrán a chanadh gach seachtain, rud a mbaineann siad an-sult as. Agus cuireann ceist na gcanúintí mearbhall orthu. Mar gheall ar thionchar Uí Shiadhail, tá luí agamsa le Gaeilge Chonamara ach tá canúintí eile le cloisint ar na téipeanna agus ar na dlúthdhioscaí atá ag na foghlaimeoirí.

Is cathair álainn í Bellingham ina bhfuil cónaí ar 67,000 duine. Tá sí suite ar imeall na farraige idir Oiléain San Juan agus bolcán ard suanach, Mount Baker. Níl Ceanada ach 23 míle uainn agus tá Seattle 90 míle síos an bóthar. Tá teocht measartha anseo, agus bíonn báisteach ann go minic ó Dheireadh Fómhair go Meitheamh. Tá lochanna áille, cnoic arda, agus crainn mhóra shíorghlasa againn. Bíonn an féar glas i gcónaí.

Nuair a bheidh mé i mo sheanbhean, tá súil agam go mbeidh mé i mo mhúinteoir Gaeilge go fóill, agus daoine óga i mo thimpeall ag foghlaim na teanga binne ceolmhaire sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.