TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
An Gaeilgeoir bródúil aonair
Tadhg Ó Muiris Tadhg Ó Muiris

Chaith Tadhg Ó Muiris roinnt mhaith blianta ag foghlaim na Gaeilge ina aonar ach bhí an-leisce air an teanga a labhairt an chéad uair a bhuail sé le cainteoir líofa.

Íomhá
Íomhá

Rugadh mé in Toronto, Ceanada, i 1959, ach tháinig mo thuismitheoirí ó áit iargúlta in Abhantrach Ottawa Uachtaraí, ceantar inar chuir mórán Gael fúthu sa 19ú céad. Is amhlaidh a bhí an Ghaeilge á labhairt mar phríomtheanga na ndaoine ann go dtí tús na 20ú haoise.

Bhíodh an nós agam bheith ag éisteacht le ceirníní Éireannacha beagnach gach lá agus mé i mo ag éirí aníos. Ocht mbliana ná mar sin a bhí agam nuair a chuala mé Liam Clancy den chéad uair agus “Éamonn an Chnoic” á chasadh aige. Mheas mé gurbh é an t-amhrán ab áille agus ba bhrónaí dár chuala mé riamh, ach níorbh fhéidir liom focal de a thuiscint, dar ndóigh. D’fhiafraigh mé de mo mháthair cad é a bhí á rá ag an bhfear sin ar an gceirnín, agus d’fhreagair sí nach raibh fhios aici, gurbh í an Ghaeilge a bhí á canadh aige, agus gur teanga a bhí inti a bhí marbh ar fad. “Ní labhraíonn aon duine í na laethanta seo,” ar sise.

Ba dheacair dom é seo a chreidiúint, agus dóbair gur bhris mo ghol orm nuair a chuala mé an scéal uafásach seo. Chiúnaigh mo mháthair mé trí chur in iúl dom gur i gCeanada amháin a bhí i gceist aici, agus go raibh an teanga á labhairt in Éirinn fós. Is mar sin a thosaigh mo shuim agus mo dhúil sa Ghaeilge, agus thar na blianta mhéadaigh mo mhian chun an teanga a fhoghlaim. Ach ní raibh mórán áiseanna ar fáil chun an méid sin a dhéanamh in Toronto na laethanta sin: go bhfios dom, ní raibh ranganna le fáil ná leabhair le ceannach, easnamh a ghoill go mór orm.

Agus mé sé bliana déag d’aois, thug mé faoi deara leabhar, Teach Yourself Irish, le Myles Dillon agus Donncha Ó Cróinín, ar díol i siopa. Gheit mo chroí le háthas: faoi dheireadh, bheinn in ann mistéirí “Éamonn an Chnoic” a fhuascailt! Cheannaigh mé an leabhar gan mhoill ina dhaidh sin agus abhaile liom le mo stór nua-aimsithe.

Is é seo an modh féinteagaisc a chuir mé romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile. Tar éis sí mhí, bhí gach uile cheacht sa leabhar críochnaithe agam, agus chuaigh mé tríd arís - faoi dhó, faoi thrí - nó gur thit an leabhar as a chéile ar fad. Cheannaigh mé cóip eile ansin, agus thosaigh mé arís. Ní raibh an dara rogha agam ag an am sin, gan ranganna, gan leabhair Ghaeilge, gan Ghaeilgeoirí. Ní raibh aon Ghaeilge le fáil agam taobh amuigh den leabhar beag ionúin sin, ach bhí mé sásta go leor.

De réir a chéile, leathnaigh an domhan Gaeilge romham. Osclaíodh siopa Éireannach sa chathair, agus bhí leabhair Ghaeilge ar díol ann: foclóirí, úrscéalta, filíocht agus drámaí. Thairis sin, bhí an athbheochan cheoil faoi lánseol, agus neart amhrán Gaeilge le cois “Éamonn an Chnoic” le cloisteáil agam chomh maith. Lean an scéal mar sin ar feadh deich mbliana - mé i mo Ghaeilgeoir bródúil aonair, agus gach aon duine in éad liom, nó sin mar a cheap mé.

Sea, bhí mé an-sásta liom féin agus an méid a bhí foghlamtha agam - nó gur casadh mo chéad fhíor-Ghaeilgeoir orm, mo léan! Labhair sé Gaeilge liom agus thuig mé é, a bheag nó a mhór, ach b’in é é. Ní raibh mé in ann dhá fhocal a chur le chéile le labhairt leis. Ní raibh aon chleachtadh agam ar an teanga labhartha, dar ndóigh, toisc nár ghá dom í a labhairt le haon duine riamh go dtí sin. Thit mé in éadóchas láithreach - ní raibh ionam ach bréag-Ghaeilgeoir. *Poseur! Dilettante! *

Ar ámharaí an tsaoil, chuala mé go raibh rang Gaeilge chun tosú sa chathair, agus chuaigh mé ann. Cé go raibh caighdeán an ranga róbhunúsach dom ó thaobh na gramadaí de, thug sé deis dom aithne a chur ar Ghaeilgeoirí cearta, leithéidí an mhúinteora, Audrey Nic Ailpín, agus seans an teanga a labhairt le daoine beo. Théimis amach tar éis an ranga i gcomhair comhrá agus craice, agus tar éis cúpla mí d’fhéadfainn comhrá ceart a dhéanamh; tar éis cúpla mí eile chuireamair craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun in Toronto.

Ag foghlaim an cheoil

Le linn mo chuid staidéir ar an nGaeilge, bhí rudaí eile ar siúl i mo shaol, ní nach ionadh - bhí mé ag foghlaim na cruite Gaelaí, mar shampla. Dála mo chuid Gaeilge, áfach, níor sheinn mé riamh in áit phoiblí, go dtí gur iarr Audrey orm roinnt píosaí a chasadh ar an gcláirseach ag “tigín tae” a bhí á eagrú sa Chraobh. Bhain na daoine a bhí i láthair a lán taitnimh as mo chuid ceoil, de réir dealraimh, agus tugadh cuireadh dom chuig seisiún a bhí ar siúl i dtábhairne Éireannach cúpla trathnóna in aghaidh na seachtaine. Thosaigh mé dul ansin go rialta. Chláraigh mé i gComhaltas Ceoltóirí Éireann chom maith, agus sara bhfad bhí mé ag seinm le grúpa ceoil darbh ainm Kitty’s Kitchen. Thug mo chairde misneach dom amhráin Ghaeilge a cheapadh, agus fiú ceann nó dhó a chur ar an dlúthdhiosca a bhí á thaifeadadh againn. Rinneamar amhlaidh, agus chuir an pobal Gaeilge agus pobal an cheoil thraidisiúnta sa chathair fáilte fhial rompu.

I 1996, chuaigh mé go hÉirinn den chéad uair, agus ba chúis áthais dom seans a bheith agam Gaeilge na nGaeltachtaí a choisteáil. I 1998, chuaigh mé ar ais agus bhain mé an tríú háit amach ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal an Átha sa rannóg “Amhráin Nuacheaptha i nGaeilge”. Bhain mé an áit chéanna amach i 1999 sa Fhleadh in Inis Corthaidh. An bhliain dár gcionn, fuair mé deontas ó Chomhdháil Cheanadach na nEalaíon chun taighde agus cumadóireacht a dhéanamh in Éirinn sa cheol traidisiúnta Gaelach.

Is lárphointe tábhachtach Abhantrach Ottawa Uachtaraí, an réigiún arbh as do mo mhuintir, i dtaca leis an gceol agus leis an gcultúr Gael-Cheanadach go dtí an lá atá inniu ann. Baineann téamaí mhórchuid na n-amhrán a scríobhaim leis an gceantar sin, mar aon le troid na mbundúchasach i gcomhair féinrialtais, agus oidhreacht an Ghorta Mhóir i gCeanada.

Níor fhoghlaim mé an Ghaeilge, agus ní scríobhaim amhráin sa teanga sin, toisc gur bréag-Éireannach éigin mé ar mhaith leis seilbh a ghlacadh ar chultúr nach mbaineann leis i ndáiríre. Rinne mé amhlaidh toisc gur Ceanadach bródúil mé, duine de shliocht na nGael a tháinig go Ceanada agus a chuir le hoidhreacht chultúrtha na tíre sin. Dar liomsa nach féidir mo chuid cumadóireachta a scarúint ó chomhthéacs an ilchultúrachais, ceann de bhunphrionsabail phobal s’againne i gCeanada.

Dá mbeinnse chun comhairle a chur ar aon duine ar mhaith leis an Ghaeilge a fhoghlaim, déarfainn leis gan mo shlíse a leanúint. Níl mórán daoine ann atá chomh diongbháilte sin agus go ndéanfaidís staidéar uaigneach fada leo féin (thugadh mo chairde “torathar” orm) - agus ní dheanfainnse féin an tslí chéanna é, dá mbeadh an dara rogha agam.

Chun an fhírinne a rá, is é an t-aon chleachtadh de mo chuidse a mholfainn don fhoghlaimeoir ná ceachtanna a athdhéanamh arís agus arís eile, nó go mbeidh siad i bhfastó go dlúth ina inchinn. Tá níos mó áiseanna ann na laethanta seo mar chúnamh don fhoghlaimeoir nua ná mar a bhí ann nuair a thosaigh mise - an t-idirlíon thar gach uile ní. Is iad an dá rud is tábhachtaí ná an dúil dhóite bheith agat an teanga a fhoghlaim, agus daoine eile a bheith agat ar féidir leo cuidiú leat sa chúram seo. Faigh daoine eile a bhfuil an teanga acu, más féidir, agus bí á foghlaim uathusan - agus, le cúnamh Dé, ní thógfaidh sé deich mbliana ort dhá fhocal a chur le chéile!

Tá níos mó eolais le fáil faoi Thadhg Ó Muiris agus a chuid ceoil ag: www.geocities.com/Paris/Cathedral/3638

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.