Nuair a thug Marcas de Faoite, ar tréidlia é san Astráil, cuairt ar Éirinn den chéad uair i 1994 ní raibh focal Gaeilge aige ach spreag an turas sin é le luí isteach ar fhoghlaim na teanga.
Ní raibh ach baint an-bheag agam leis an nGaeilge agus mé ag éirí aníos amuigh anseo san Astráil. Cinnte, tháinig mo mhuintir ar an dá thaobh as Éirinn. Ach rinne siad an turas fada go dtí an tír iargúlta seo blianta ó shin, idir an Gorta Mór agus an Chéad Chogadh Domhanda, cosúil leis na mílte Éireannach eile le linn na tréimhse céanna.
Rugadh mé i mbaile beag tuaithe i dtuaisceart New South Wales (NSW) ar a dtugtar Maclean. Bas Oileán Sgitheanach na hAlban iad na chéad Eorpaigh a chuir fúthu ann san 18ú haois. Cainteoirí Gàidhlig ab ea iad na ceannródaithe sin agus mhair an ceantar mar bhreac-Ghaeltacht ar feadh glúine nó dhó. Tá a rian fós le feiceáil sa cheantar sna comharthaí bóthair dátheangacha, Béarla agus Gàidhlig.
Bhí feirm bheag déiríochta ag mo thuismitheoirí nach raibh in ann teacht isteach ceart a sholáthar dúinn i ndáiríre agus sa deireadh bhogamar go Sydney. Shocraigh muid in Bankstown, bruachbhaile a raibh cáil air sna blianta tosaigh a raibh coilíneacht anseo i NSW mar Irishtown. Nuair a bhíos réidh sa mheánscoil, isteach san ollscoil liom agus roinnt blianta ina dhiaidh sin bhain céim tréidliachta amach. Níor chuala mé focal Gaeilge ar bith le linn an ama sin, ach bhíos ag foghlaim na Spáinnise mar chaitheamh aimsire agus, mar gheall air sin, bhí taithí éigin agam ar an sult atá le baint as foghlaim teanga.
Chaith mé seal mar thréidlia tuaithe, sa Nua-Shéalainn go phríomha, ach sa deireadh thiar thall thug mé aghaidh ar an ollscoil arís chun roinnt taighde a dhéanamh. I 1994 bhí orm caint ghairid a thabhairt ag comhdháil a bhí ar siúl i nDún Éideann na hAlban. Ní rabhas riamh san Eoraip agus thapaigh mé an deis chun cuairt a thabhairt ar an seanfhód ag an am céanna.
Ar mo shlí go hÉirinn dom, thug mé sciuird ar an Oileán Sgitheanach agus chuir tírdhreach an oileáin álainn sin faoi dhraíocht mé. Casadh bean orm a bhí ag obair i siopa beag agus í ag éisteacht le clár éigin Gàidhlig ar an raidió - bin an chéad uair a chuala mé Gaeilge de shórt ar bith. Tháinig beagán náire orm nach raibh focal amháin agamsa agus go rabhas chomh scartha sin ó mo dhúchas féin. Bíonn na céadta teanga le cluinstin ar na sráideanna i Sydney agus bfhéidir go raibh rud beag éada orm fosta nach rabhas chomh hilteangach le mo chairde ó thíortha eile sa bhaile.
Ní rabhas in Éirinn féin ach ar feadh míosa ach thaitin an chuairt liom go han-mhór. Bhíos ar an gcéad duine sa chlann a leag cos ar thalamh na hÉireann le 80 bliain. Bhíos iomlán aineolach ar an teanga ag an am sin. Bhí a fhios agam go raibh sí ann agus nach raibh sí á labhairt go forleathan ach bin é. Ní raibh fiú amháin an coincheap Gaeltacht agam. Ach bhain mé sult as na comharthaí bóthair dátheangacha a fheiscint, agus rinne mé iarracht iad a thuiscint, fiú má bhíos ag cur isteach ar na paisinéirí in aice liom ar na busanna áitiúla le ceisteanna. Thug mé faoi deara go raibh cúpla focal ar a laghad ag cuid mhaith acu, cé go rabhadar drogallach í a labhairt. Bhí bileoga dátheangacha ar fáil freisin a bhain le tithe stairiúla agus mar sin de. Fiú, bhí na coinníollacha taistil scríofa i nGaeilge ar thaobh amháin de thicéid Bus Éireann, rud a chuir ionadh orm. Cé nach raibh Gaeilge labhartha le cloisint go minic ar na sráideanna, chuala mé corrfhocal ó am go chéile.
Nuair a bhíos i gCiarraí thug mé camchuairt ar fud fad Chorca Dhuibhne ar rothar agus chonac fógra: Teach Pheig Sayers. Níor chuala mé riamh trácht ar Pheig roimhe sin agus cheap mé gur focal Béarla ab ea Teach a bhain le cúrsaí múinteoireachta! Ní raibh an doras faoi ghlas agus ní raibh ach mise ann agus is amhlaidh a bhuail mé an doras isteach. Bhain sé geit asam an méid deja vu a tháinig orm. Níl suim dá laghad agam féin i gcúrsaí piseog ach mhothaigh mé ar an lá sin gurbh áit faoi leith an tigín sin agus gur duine cneasta, cineálta, dílis a bhíodh ina chónaí ann. Bfhéidir nach mbeadh chuile dhalta scoile in Éirinn ar aon intinn liom ar an ábhar sin, áfach, agus staidéar á dhéanamh ar a beathaisnéis acu.
Deirtear in Éirinn go gcuireann na comharthaí bóthair dátheangacha daoine ar strae ach i mo chás féin bin an rud ba mhó a spreag suim sa teanga ionam. Fuair mé amach go raibh an Ghaeilge fós beo ar éigean agus tháinig fonn orm triail a bhaint as blaiseadh den teanga ar a laghad a fháil. Thit mé i ngrá leis an teanga agus táim fós gafa léi, ach ní féidir liom fós míniú ceart a thabhairt ar cén fath.
Staidéar neamhfhoirmiúil
Ní raibh seans agam a thuilleadh a dhéanamh maidir leis an teanga, áfach, go dtí cúpla bliain tar éis dom filleadh abhaile. Ansin thosaigh mé a dhéanamh staidéar neamhfhoirmiúil sa bhaile. Ní rabhas ag smaoineamh ar a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt i ndáiríre. Cheap mé nach mbeadh ach cúpla focal agam agus tuiscint shimplí ar an ngramadach. Dfhreastail mé ar chúrsaí gairide Gaeilge anseo is ansiúd i Sydney. Bhí cuid acu ar fheabhas, ach ní nach ionadh, baineann éagsúlacht leis an gcaighdeán múinteoireachta i gcás mionteanga. Nílim féin róthógtha le rialacha, gramadach, stair na teanga agus mar sin de - oireann sé níos fearr dom seans a bheith agam éisteacht le cainteoir líofa. Nílim ag rá nach bhfuil léamh tábhachtach, mar cuireann sé sin leis an stór focal agus an chaighdeán litrithe. Ach botún atá éacsa a dhéanamh i gcás an té atá ag foghlaim i gcéin i mo bharúilse ná an iomarca béime a chur ar an teanga scríofa in ionad na teanga labhartha.
Buntáiste ab ea é dom gur thosaigh cara liom a fhoglaim na Gaeilge ag an am céanna. Bhí saghas comhaontú eadrainn ón tús nach mbeadh ach Gaeilge á labhairt againn le chéile. Ar dtús ní rabhamar in ann an teanga a labhairt i ndáiríre ach ba chuma linn faoi sin agus leanamar ar aghaidh gan focal Béarla.
I 1998 dfhreastail mé ar scoil samhraidh seachtaine den chéad uair, a bhí curtha ar fáil in iarthar NSW. Bhain mé an-tairbhe as, toisc go raibh cailín óg Gaelach againn a bhí ina múinteoir oilte, líofa agus lánábalta labhairt go nádúrtha. Tá an t-ádh linn go dtagann na mílte Éireannach óg anseo ar víosa bliana, líofacht sa Ghaeilge bainte amach ag cuid acu agus iad toilteanach páirt a ghlacadh sna campaí Gaeilge. Ó shin i leith, tá mé ag freastal ar scoil samhraidh gach bliain, an ceann i Victoria anois go bhfuil deireadh curtha leis an scoil i NSW. (Tá suíomh gréasáin den scoth ag an gcumann i Victoria: www.gaeilgesanastrail.com)
Ag an am céanna, chuaigh mé isteach i ngrúpa comhrá a bhíodh ag an gClub Gaelach i Sydney. Bhíos i mo thost ar feadh tamaill mhaith, ach bhain mé an-tairbhe as a bheith ag éisteacht le daoine eile. Bhí orm dul i dtaithí ar an saghas Gaeilge a bhí ag chuile dhuine sa ghrúpa mar bhí chuile chanúint agus blas le cluinstin ann.
Bhíodh clár Gaeilge á chraoladh ar an raidió anseo, uair an chloig in aghaidh na seachtaine, agus cuidiú mór ab ae é sin chomh maith. Bhíodh sé de nós agam taifeadadh a dhéanamh ar na cláracha agus iad a athsheinm arís is arís. Bainim úsáid as na háiseanna atá ar fáil ar an idirlíon freisin, ach uaireanta bíonn fadhbanna teicniúla ann a chuireann isteach orm toisc nach saineolaí ríomhaireachta mé.
De réir a chéile tháinig focal chugam, agus focal eile agus focal eile arís. Cúis iontais dom é tar éis cúpla bliain go rabhas in ann nathanna beaga comhrá a thuiscint ó am go chéile. Anois, de ghnáth, ní bhíonn mórán deacrachtaí agam daoine a thuigbheáil a bhfuil an Ghaeilge foghlamtha acu. Ach caithfidh mé a admháil go mbíonn fadbhanna fós agam i gcás cainteoirí a bhfuil an Ghaeilge acu ón gcliabhán, agus tá scaifte acu siúd ina gcónaí i Sydney. Bfhéidir gurb í mo chuid Gaeilge féin, agus an meascán canúintí atá agam, is cúis leis sin. Bíonn sé deacair dom cloí le canúint amháin de bhrí go mbíonn tionchair éagsúla orm.
Bhí an méid sin suilt agus tairbhe bainte amach agam as na scoileanna samhraidh gur rith sé liom gur chúis náire é nach raibh rud éigin á dhéanamh ar son na teanga anseo i Sydney, an chathair is mó sa tír. Bhí an smaoineamh céanna ag seansagart as an gCóbh ó dhúchas, an tAthair Micheál Ó Súilleabháin, atá ar scor anois. Bhí an bheirt againn sa rang comhrá sa daonscoil i Victoria, agus bhí muintir na daonscoile lántoilteanach tacú linn. Tháinig Donnchadh Ó Caoimh, Béal Feirsteach, isteach sa ghrúpa agus bhí an Winter School Group faoi lán seoil. Bhí eagla orainn ar dtús nach mbeadh múinteoirí líofa ar fáil nó nach mbeadh suim ag daltaí ar bith teacht ach chuir sé iontas orainn go raibh ag éirí go maith leis an scoil. Thug na grúpaí Gaeilge agus cainteoirí líofa ar fud na tíre an-tacaíocht dúinn, ó thaobh múinteoirí, daltaí agus deontas, agus bhí breis is 80 duine i láthair an chéad bhliain sin, 2003. Tá deontais faighte againn freisin ó fhathach Éireannach na hAstráile, Muiris Ó Súilleabháin, agus ó Rialtas na hÉireann. An bhliain seo caite, doscail Consal Ginearálta na hÉireann, Áine Webster, an scoil go hoifigiúil.
Ní rabhas riamh ar ais in Éirinn ón gcéad chuairt agus níor fhreastail mé riamh ar chúrsa Gaeilge in Éirinn, cé gur bhreá liom é sin a dhéanamh. Tá mo shaol anseo agus táim gafa le mo theaglach agus comhlacht beag bith-theicneolaíochta atá bunaithe againn. Ach idir chainteoirí is fhoghlaimeoirí, tá pobal na Gaeilge beo bríomhar san Astráil.
Ceist amháin atá faoi chaibidil againn ná cad é an tslí is oiriúnaí chun muid féin a eagrú as seo amach. An caitheamh aimsire í an teanga sa tír seo nó cuid den ghluaiseacht teanga dhomhanda? Céim eile chun tosaigh ba chóir dúinn a thógáil más féidir é, i mo thuairimse, ná ranganna a chur ar fáil sna hollscoileanna do na fochéimithe sa Léann Éireannach/Ceilteach, rud nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith san Astráil faoi láthair.