TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Marcin Ostasz: Polannach i gConamaraa
Eithne Ní Ghallchobhair Eithne Ní Ghallchobhair

Tháinig Marcin Ostasz go hÉirinn ocht mbliana ó shin agus tá éirithe leis ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach ó shin. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Pholannach seo a bhfuil canúint chomh láidir sin aige go gceapann daoine gur as Conamara é!

Íomhá
Íomhá

Eithne Ní Ghallchobhair: Cén áit a bhfuil tú ag obair, a Mharcin?

Marcin Ostasz: Is bainisteoir tionscadal mé le comhlacht mór idirnáisiúnta i gcathair na Gaillimhe agus is aistritheoir páirtaimseartha mé freisin. Bím ag obair idir Polainnis, Ungáiris agus Béarla. Ní dhearna mé rud ar bith i nGaeilge go fóill ach b’fhéidir go ndéanfaidh amach anseo. Tá dúshlán romham!

ENíG: Tháinig tú go hÉirinn ocht mbliana ó shin. Cad chuige ar roghnaigh tú an tír seo?

MO: Bhí mé ag obair le hionad tacaíochta ríomhchórais sa Pholainn agus d’iarr mo chomhlacht orm teacht anseo de bharr go raibh na teangacha a luaigh mé cheana agam agus go mbeinn ábalta labhairt le daoine as tíortha éagsúla.

ENíG: Cén fáth ar thosaigh tú a fhoghlaim na Gaeilge?

MO: Nuair a tháinig mé go hÉirinn ar dtús bhí fear ag obair liom agus bhí cúpla focal Gaeilge aige. Dúirt sé liom go raibh teanga dá cuid féin ag an tír; b’in an chéad uair a chuala mé trácht ar an nGaeilge, fiú. Tá an-suim go deo agam i dteangacha agus bheartaigh mé ar í a fhoghlaim agus mé anseo. Anois buailim leis an gcara a chuir ar an eolas mé faoin nGaeilge an chéad uair i dteach tábhairne i nGaillimh agus bíonn muid ag déanamh staidéir ar an teanga.

ENÍG: Cé chomh fada is atá tú á foghlaim anois? Ar fhreastail tú ar ranganna?

MO: D’fhreastail mé ar mo chéad rang Gaeilge dhá bhliain ó shin i nGaillimh. Bunrang a bhí ann agus ní raibh mé róshásta leis ar chor ar bith – bhí sé i bhfad rómhall agus rófhurasta dom. Bhí mé ag déanamh staidéir ar thrí theanga dhifriúla ag an am céanna: an Spáinnis, an Fhraincis agus an Ghaeilge. Bhí mé trína chéile uaireanta! Oíche amháin bhí mé ag rang Fraincise agus dúirt mé “*Je m’appelle Marcin *agus tá mé i mo chónaí i nGaillimh”. Ar deireadh, d’fhág mé na ranganna Fraincise agus Spáinnise agus chloígh mé leis an nGaeilge amháin mar theanga eile.

ENÍG: Tá blas an-láidir Chonamara agat cibé, a Mharcin! Cad é an dóigh a tharla sin?

MO: Ní bhíonn sé ródheacair dom teangacha a fhoghlaim de ghnáth agus d’fhoghlaim mé blas na Gaeilge de réir mar a bhí mé ag foghlaim na teanga. Dá mbeinn ag labhairt Fraincise bheinn ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Francaigh, dá mbeinn ag labhairt Spáinnise bheinn ag déanamh aithrise ar na Spáinnigh. Tá an blas mar chuid lárnach de theanga ar bith. Tá mé i mo chónaí in Indreabhán anois – rud a chuidíonn leis an mblas, ar ndóigh!

ENÍG: An mbaineann tú úsáid as an Ghaeilge go rialta?

MO: Aisteach go leor, ní bhíonn duine ar bith san obair ag labhairt Gaeilge. Bím ag obair trí Bhéarla ach ós rud é go bhfuil mé i mo chónaí sa nGaeltacht anois tá go leor cairde agam ansin agus is féidir liom í a labhairt leo. Tá cairde eile agam a labhraím Gaeilge leo i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i dTír Chonaill.

ENÍG: Cad é do bharúil de dhearcadh daoine ar an Ghaeilge in Éirinn faoi láthair?

MO: Ceapaim go bhfuil an Ghaeilge beagáinín i bhfaisean faoi láthair; tá a lán daoine óga ag foghlaim na teanga anois. Ar an lámh eile, feicim go bhfuil a lán daoine gan Ghaeilge sa nGaeltacht agus is léir go bhfuil fadhb ann – tá siad ina gcónaí sa nGaeltacht agus labhraíonn siad Béarla amháin. I gceann cúpla bliana tá chuile sheans ann go mbeidh níos mó daoine gan Ghaeilge ná le Gaeilge sa Ghaeltacht féin.

ENÍG: An síleann tú go bhfuil seirbhísí cuí ar fáil do dhaoine as tíortha eile a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim?

MO: Ní cheapaim go bhfuil. Féach ar Chonamara. Cé go bhfuil sé ar an nGaeltacht is mó sa tír ní fheicim go bhfuil deis ar bith ann do dhaoine as tíortha eile an teanga a fhoghlaim lasmuigh de chúrsa ollscoile. Ní bhíonn go leor imeachtaí cultúrtha ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge lag acu ach suim acu í a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh bealaí eile ar fáil leis an nGaeilge a fhoghlaim seachas sa seomra ranga – leithéid Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Téim ansin go minic agus bainim an-sult as. Is féidir dul ag siúl sléibhe, cé go bhfuil sé beagáinín leadránach – níl na cnoic leathard go leor. Tá cairde agam ansin anois agus téim ag dreapadóireacht leo - as Gaeilge!

ENÍG: Tá suim ar leith agat sa dreapadóireacht. Tchím go bhfuil suíomh gréasáin dreapadóireachta as Gaeilge á chur le chéile agat. Cad é an dóigh ar tharla sé sin?

MO: Buailim le grúpa dreapadóireachta Gaeilge i nGaillimh agus bíonn muid ag baint úsáide as an teanga le linn dúinn bheith ag dreapadóireacht. Bíonn an chraic go hiontach ar fad. Bíonn muid ar thaobh aille agus duine éicint ag glaoch ag iarraidh téide: “Téad? Ní hea! Rópa atá ann!” Ar aon nós, bheartaigh mé ar rudaí a eagrú agus faoi láthair tá mé ag obair ar shuíomh gréasáin don ghrúpa: www.carraig.ie. Suíomh dreapadóireachta i nGaeilge a bheas ann agus beidh sé réidh i gceann cúpla seachtain.

ENÍG: An bhfuil plean ar bith eile agat maidir leis an Ghaeilge nó imeachtaí Gaeilge a eagrú?

MO: Beidh le feiceáil! Tá mé ag leanúint léi ar aon nós!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.