TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Tok Thompson: Alascach ar fearr leis an Ghaeilge ná an Béarla!
Tok Thompson Tok Thompson

Is as Alasca ó dhúchas é Tok Thompson agus tá sé i ndiaidh filleadh ar na Stáit Aontaithe tar éis breis is dhá bhliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath. Míníonn sé anseo an tslí ar chuir an Ghaeilge go mór lena shaol agus é ag cur faoi in Éirinn.

“Fáilte go Fairbanks,” arsa an seanduine, ollamh agus ceannasaí an Alaska Native Language Center. Bhí muid san aerfort in Fairbanks, Alasca an geimhreadh seo caite, agus mise ansin chun agallamh a dhéanamh do phost. Thosaigh muid a chomhrá i nGaeilge le chéile – Michael Krauss ab ainm dó, d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge in Inis Meáin caoga bliain ó shin, agus tá sí aige fós. Labhair muid le chéile i nGaeilge go rialta le linn mo thréimhse ghearr in Fairbanks.

Níl mórán Gaeilgeoirí in Alasca, ach sin é an áit ar thosaigh mé féin a fhoghlaim na teanga. Fuair mé mo chead leabhar Gaelach (Gàidhlig na hAlban) nuair a bhí mé óg, b’fhéidir dhá bhliain déag d’aois. *Gaelic without Groans *an teideal a bhí air agus cé go raibh sé deacair agam bheith ag obair i m’aonar, d’fhoghlaim mé cúpla rud as ar aon nós. Cara de chuid mo mháthar a thug an leabhar dom nuair a fuair sí amach go raibh suim agam sa bhéaloideas Gaelach.

Tar éis roinnt blianta, bhí mé i mbun staidéir in ollscoil Harvard in Cambridge, Massachusetts, áit a raibh seans agam freastal ar rang Gaeilge. Rinne mé bliain amháin ansin, ach fós bhí deacrachtaí agam. Bhí dhá leabhar againn: Teach Yourself Irish *(Myles Dillon) agus *Buntús Cainte. Bhí an teanga a bhí le fáil in *Teach Yourself Irish *an-chasta - agus beagán sean chomh maith (rinne muid staidéar ar an tuiseal tabharthach, mar shampla, gan tuiscint ar bith bheith againn nach bhfuil sé chomh coitianta leis na tuisil eile). Agus, lena chois sin, bhí an réamhfhocal “do” le fáil sa leabhar leis an aimsir chaite i gcónaí, ach ní raibh sé sin in Buntús Cainte! Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo!

Nuair a bhí mé críochnaithe le mo chuid scolaíochta in Harvard, thóg mé sos ón fhoghlaim agus bhí mé gníomhach mar cheoltóir ar feadh ocht mbliana. Le linn na tréimhse sin, ní raibh seans agam níos mó Gaeilge a fhoghlaim. Ach, nuair a d’fhill mé ar an choláiste, in Ollscoil Berkeley, d’fhreastail mé ar rang Gaeilge arís – agus, de bharr gur mac léinn iarchéime a bhí ionam, bhí deontas ar fáil dom le teanga a fhoghlaim i rith an tsamhraidh. Chuir mé iarratas isteach agus fuair mé an deontas. Go hiontach! Thabharfainn aghaidh ar Oideas Gael (www.oideas-gael.com) i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall!

I mbun cúrsa Gaeilge

Shroich mé an Gleann i samhradh na bliana 1999. Cé go raibh mé tar éis freastal ar ranganna sna Stáit Aontaithe, agus go raibh beagán eolais agam ar an ghramadach agus ar fhocail, ní raibh cleachtadh ar bith agam ar bheith ag labhairt na Gaeilge ná bheith ag éisteacht léi. Dá bharr sin, bhí sé deacair go leor orm, agus rinne mé leibhéal a dó an chéad seachtain a bhí mé sa Ghleann. Ach mhair an deontas sé seachtaine agus tar éis tamaill bhí mé níos ábalta focail a chur le chéile.

San fhómhar, bhí mé ar ais i mBerkeley agus ag freastal ar rang Gaeilge, ach b’fhearr liom deis bheith agam níos mó comhrá a dhéanamh. Mar sin de, chuir mé féin agus duine eile tús le ciorcal comhrá i mBerkeley ar a dtug muid an “Berkeley Breac-Ghaeltacht” agus tá sé ar siúl ó shin. Cé go bhfuil sé beag, gach Dé Máirt tagann daoine (suas le deichniúr nó mar sin) le chéile chun bheith ag labhairt na Gaeilge i gcúl theach tábhairne Éireannach, Beckett’s, i lár na cathrach. Eagraíonn an grúpa imeachtaí spéisiúla fosta, Oíche Shamhna mar shampla, leis an Ghaeilge a chur faoi bhráid an phobail, agus b’fhéidir beagán suime inti a mhúscailt i ndaoine.

Nuair a d’fhill mé ar an Ghleann ina dhiaidh sin, bhraith mé go raibh na cúrsaí i bhfad níb éasca. Bhí mé ábalta rudaí a léamh, bheith ag comhrá, agus bheith ag smaoineamh i nGaeilge. Le gach céim a thóg mé, d’fhás an sult a bhí mé ag baint as an teanga agus mo spéis inti.

Nuair a bhí mó chuid staidéir (san antraipeolaíocht agus sa bhéaloideas) críochnaithe, fuair mé post dhá bhliain i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Bhí mé an-sásta an deis bheith agam mo chuid Gaeilge a chleachtadh tuilleadh. Ar dtús, ní raibh aithne agam ar mhórán daoine ansin, ach d’fhreastail mé ar Sult (www.clubsult.com), club Gaeilge Bhaile Átha Cliath, agus bhí go leor Gaeilgeoirí cairdiúla ansin. Théinn ann go rialta, agus d’fhreastail mé ar ranganna oíche de chuid Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) sa chathair chomh maith. Chuir mé aithne ar Ghaeilgeoirí éagsúla, agus thaitin mo thréimhse ansin ní ba mhó liom mar gheall air sin.

Ar ais sna Stáit Aontaithe

Nuair a bhí mo chonradh críochnaithe, ba ghá dom filleadh ar na Stáit Aontaithe – ní raibh ceadúnas oibre agam, mar sin ní raibh mé ábalta fanacht. Anois, tá mé ar ais i gCalifornia. Cinnte, tá an aimsir go hálainn anseo, ach mothaím mo shaol in Éirinn agus an teanga uaim. Na laethanta seo, áfach, tá níos mó deiseanna ann le bheith ag úsáid na Gaeilge ar fud na domhain, leis an idirlíon, go speisialta. Léim *Beo! *gach mí, éistim le Raidió na Gaeltachta, agus bím ag léamh leabhar Gaeilge chomh maith.

Táim an-bhuíoch de lucht na Gaeilge in Éirinn, agus de na daoine atá ag obair ar a son, mo mhúinteoirí agus daoine eile. Bhí siad an-chairdiúil agus an-fhoighneach liom, agus tá meas mór agam orthu.

Más foghlaimeoir thú, ceapaim go bhfuil sé tábhachtach ceangal a chothú leis na daoine eile timpeall a bhfuil Gaeilge acu, nó a bhfuil suim acu sa teanga – tá sé deacair aon teanga a fhoghlaim i d’aonar. Ach, anois is féidir an t-idirlíon agus an teicneolaíocht nua a úsáid. Ar an idirlíon, is féidir leat nuacht na lae a fháil, irisí a léamh, comhrá a dhéanamh le daoine eile, gramadach a fhoghlaim, agus mórán rudaí eile. Cé go bhfuil sé deacair cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht (ach más féidir, sin é an rud is fearr, ar ndóigh), tá sé níos éasca bheith ag foghlaim na Gaeilge anois ná mórán teangacha eile. Chomh maith leis sin, déarfainn go bhfuil sé tábhachtach sult a bhain as an phróiseas, agus as gach píosa beag den teanga. Píosa ar phíosa, beidh tú níos líofa, agus le gach céim a thógfaidh tú, bainfidh tú níos mó suilt as an teanga.

Táim an-sásta mo chuid Gaeilge a úsáid agus is breá liom an tslí a gcuirim mo smaointe le chéile sa teanga sin. Anois, i ndáiríre, is fearr liom í ná mo chéad teanga, an Béarla. Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin. Is Gaeilgeoir mé anois (níl mé ró-líofa, b’fhéidir, ach is Gaeilgeoir mé ar aon nós) agus tá mo shaol níos saibhre dá bharr. Is cinnte go mbeidh mé ag foghlaim agus ag úsáid na teanga go deo.

Is as Alasca ó dhúchas é Tok Thompson ach tá sé ina chónaí in Oakland, California anois. Cumann sé amhráin i nGaeilge agus i mBéarla agus tá sé tar éis seinm le racghrúpaí éagsúla thar na blianta, The Mighty Bushmen agus Blunt Truth (www.cdbaby.com/cd/blunttruth) ina measc.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.