Míníonn Pól Ó Fearghusa cad iad na gníomhaíochtaí a mbaineann sé úsáid astu agus é i mbun ranganna Gaeilge do dhaoine fásta in Union County, New Jersey.
Bhí deis agam dul chuig deichiú comhdháil bhliantúil an North American Association for Celtic Language Teachers in Ollscoil Concordia i Montreal, Ceanada, i mí na Bealtaine. Bíonn comhdhálacha bríomhara ag NAACLT i gcónaí, agus bhí mé ag tnúth go mór léi. Tagann daoine ó na Stáit Aontaithe, Ceanada, Éire, An Bhreatain Bheag, agus Albain chuici chun smaointe agus teoiricí a roinnt. Chualamar léachtaí thar a bheith suimiúil faoi ábhair éagsúla, mar shampla, tuismitheoirí ag tógáil clainne go dátheangach, acmhainní Gàidhlig d’fhoghlaimeoirí, tionscadal foclóra Gaeilge-Breatnais, srl.
Mar gheall ar gur múinteoir Gaeilge mé féin, thug NAACLT deis dom mo chuid smaointe faoin múinteoireacht a phlé ag an gcomhdháil i mbliana. Thug mé léacht dar teideal “Strategies for Motivating and Encouraging the Continuing Education Student”. Seo thíos na príomhphointí ón léacht sin.
Úsáidim cluichí cártaí agus cluichí eile le mo chuid mac léinn, mar go bhfuair mé amach go gcruthaíonn gníomhaíochtaí mar seo atmaisféar níos réidhe sa seomra ranga. Phioc mé cluiche cártaí do pháistí dar teideal Crazy Eights *(is leagan simplí den chluiche cártaí *"Gin Rummy” *é). Thug mé faoi deara go raibh na mic léinn cúthaile ag caint níos minice nuair a bhí an cluiche seo ar siúl. Foghlaimíonn na mic léinn an stór focal atá ag baint le cluichí cártaí chomh maith. Imrímid an cluiche focal *Scrabble fosta: sa chluiche seo, tá ar na mic léinn focail a dhéanamh ó ghrúpa litreacha measctha. Is cluiche eile é seo chun atmaisféar neamhfhoirmiúil a chruthú.
Déanaimid ár gcraoladh nuachta féin sa seomra ranga, le ceannlínte, fógraí faoi cheolchoirmeacha, scannáin, srl, agus réamhaisnéis na haimsire. Úsáideann na mic léinn foinsí mar Foinse, Beo!, *agus *Lá, agus cuireann siad Gaeilge ar scéalta ó nuachtáin Bhéarla fosta.
Bíonn an mac léinn is fearr i bpáirt an léitheora; glacann an mac léinn a bhfuil scileanna níos bunúsaí aige/aici páirt fhear nó bhean na haimsire.
Tugaim deiseanna do na mic léinn a gcuid Gaeilge a úsáid go nádúrtha chuile lá. Mar shampla, scríobhann siad dialann faoina n-imeachtaí laethúla agus seolann siad litreacha agus teachtaireachtaí ríomhphoist chugam. Scríobhann siad litir nó ríomhphost chuig eagras nó comhlacht Gaelach chun eolas nó bróisiúir a fháil. Tagann Gaeilgeoirí go dtí an seomra ranga agus labhraíonn siad leis na mic léinn, duine ar dhuine. Ar an gcaoi seo, faigheann na mic léinn seans blasanna agus canúintí difriúla a chloisteáil. Fágaim féin an seomra ranga nuair a bhíonn an comhrá ar siúl; tar éis an ranga, cuirim ceist ar an nGaeilgeoir faoin leibhéal Gaeilge labhartha atá ag mo chuid mac léinn.
Na briathra neamhrialta
Fuair mé amach nach mbíonn na briathra neamhrialta ag na mic léinn an chuid is mó den am. Taispeánaim modh dóibh, mar sin, chun na briathra sin a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Iarraim orthu na briathra neamhrialta go léir (san aimsir láithreach, chaite, agus fháistineach) a scríobh ar chártaí - mar shampla, cuireann siad “An bhfuil tú? Tá/Níl” ar chárta amháin. Déanann siad é seo uilig a thaifeadadh chomh maith. Leis an modh seo, bíonn na mic léinn in ann na briathra neamhrialta a chleachtadh nuair a bhíonn siad ag baile, ag tiomáint nó ar an traein - aon uair a mbíonn am saor acu.
Tá sé tábhachtach go mbeadh na mic léinn ag úsáid a dteanga nua taobh amuigh den seomra ranga, agus insím dóibh faoi na hacmhainní agus na himeachtaí atá le fáil inár gceantar agus sna meáin chumarsáide. Inár gceantar féin, i mbruachbhailte Nua-Eabhrac, eagraíonn grúpaí mar Dhaltaí na Gaeilge, Tara Circle, agus The Irish American Association of Northwest New Jersey deirí seachtaine agus laethanta Gaeilge. Tagann ceoltóirí Gaelacha go dtí an ceantar seo go minic; anuraidh, mar shampla, tháinig Pádraigín Ní Uallacháin agus Máire Ní Chathasaigh le ceolchoirmeacha a thabhairt. Bhí mé an-bhródúil as mac léinn amháin a chuaigh chuig na ceolchoirmeacha mar gur labhair sé le Pádraigín agus le Máire ina dteanga dhúchais.
Tá an t-ádh dearg ar fhoghlaimeoirí na laethanta seo mar go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 le fáil ar an idirlíon, agus molaim dóibh a bheith ag éisteacht leo.
Ar ndóigh, úsáidim leabhair mar Progress in Irish agus *Buntús Cainte *le mo mhic léinn go rialta. Bainim triall as na modhanna eile sin chun a muinín a mhéadú. An phríomhaidhm atá agam mar mhúinteoir ná cur ar chumas na bhfoghlaimeoirí an Ghaeilge a úsáid go muiníneach nuair a bhuaileann siad le cainteoirí eile.
Is turas iontach é an turas ó bheith i do thosaitheoir go bheith i do mhúinteoir. D’fhreastail mé ar chúrsa Gaeilge mar ghlantosaitheoir ag Oideas Gael i nDún na nGall i 1996. D’fhill mé abhaile go New Jersey agus lean mé ar aghaidh leis an teanga in Ollscoil Nua-Eabhrac agus le Daltaí na Gaeilge. Thóg mé sos gairme sa bhliain 2000, agus d’fhan mé i gConamara agus i nGaillimh ar feadh sé mhí chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú. Chaith mé seal ag múineadh rang oíche i Nua Jersey, agus thosaigh mé ag teagasc mar oide in 2002. Tá áthas orm go bhfuil deis agam an Ghaeilge a mhúineadh ach tá a fhios agam go mbeidh mé féin i m’fhoghlaimeoir go deo.
Rugadh agus tógadh Pól Ó Fearghusa i New Jersey. B’as Éirinn a shin-seantuismitheoirí. Tá sé ag obair mar eagarthóir le comhlacht fógraíochta.