Tá Ruth Nic Giolla Iasachta ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta i bPáras faoi láthair agus ní Francaigh amháin atá ag freastal ar an rang - tá daoine as seacht dtír éagsúla ann.
Is cuimhin liom mo mhúinteoir féin sa naíonra agus pictiúir bheaga de shúile agus de shrón aici le cur ar an “mbuntús” (an t-ainm a thugadh sí ar phíosa adhmaid clúdaithe le stuif dubh]. Ní raibh mórán suime agam féin sna cúrsaí seo. Is cuimhin liom cailín sa rang a thuig “súil agus súil eile”, agus thosaigh sí ag rá “Michelle agus Michelle eile”, “Jennifer agus Jennifer eile”. Ní róshásta a bhí an dara Michelle agus an dara Jennifer, áfach. Ó, agus is dócha gur fhoghlamaíomar rud éicint ansin, ceart go leor.
Bhuel, ní inniu ná inné a tharla sé sin, ach sin an bunús a bhí agamsa maidir leis an teanga. Bhí mo mhuintir féin báúil leis an nGaeilge. Bhí seanathair amháin de mo chuid a raibh sí go maith aige (d’éalaigh a athairsean le bean ón Rinn chun í a phósadh agus é ina bhaintreach sna seascaidí). Bhíodh cúpla frása ag mo thuismitheoirí, mar a bhíonn ag formhór na nÉireannaigh, leithéidí “dún an doras”, “flaithiúlach” agus mar sin de. Níl mé cinnte cén fáth ar chuir mise an oiread sin suime sa teanga, dáiríre. Bhí múinteoir iontach agam agus mé i rang a sé, ach níor thosaigh mé a fhoghlaim na teanga i gceart go dtí gur thosaigh mé ag taisteal.
Tá cuid mhaith tíortha siúlta agam anois, agus tuigim tábhacht an dara teanga: ionas nach gceaptar gur turasóir thú, nó chun bheith in ann bheith ag comhrá go príobháideach in áiteanna poiblí). As na tíortha a raibh mé iontu, is beag ceann nach raibh cineál éigin dátheangachais inti, cé gurb é an Béarla teanga an mhargaidh ina bhformhór.
Anois, seo mé sa Fhrainc, ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta sa Centre Culturel Irlandais (www.centreculturelirlandais.com). Bíonn ceol, taispeántais ealaíne, cainteanna poiblí agus imeachtaí eile ar siúl sa lárionad seo. Tosaíodh na ranganna Gaeilge anuraidh, agus Seán Dingle mar mhúinteoir, agus bhí an oiread sin suime iontu gur shocraigh stiúrthóir an ionaid, Helen Carey, leanúint ar aghaidh leo i mbliana, agus cúrsa deich seachtaine a thairiscint.
Tá trí dhuine dhéag sa rang anseo agam, agus ní Francaigh amháin iad. Rang ilchultúrtha atá i gceist, agus tá daoine as suas le seacht dtír éagsúla ag freastal air. I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, patissier ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d’fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
Léargas níos fearr
Ach cén fáth an Ghaeilge? Deir formhór na bhfoghlaimeoirí gur chun léargas níos fearr a fháil ar an gcultúr atá siad ag tabhairt faoin teanga a fhoghlaim. Tá cuid acu ag iarraidh foghlaim faoi dhearcadh eile ar an saol (taitníonn na seanscéalta agus pisreoga leosan), cuid eile ag lorg eolais ar liricí amhrán nó píosaí filíochta - agus cuid eile ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim chun go mbeidh siad níos tuisceanaí ar na hÉireannaigh nuair a rachaidh siad chun na tíre ar saoire.
Bíonn rang amháin sa tseachtain ar siúl chuile thráthnóna Dé Máirt anseo i gcroílár Phárais (tá an t-ionad in aice leis an Panthéon). Maireann sé uair go leith, ach is minic a fhanaimid níos faide, ag cur is ag cúiteamh. Grúpa deas bríomhar atá ann, gan leisce dá laghad orthu labhairt amach am ar bith!
Is ar chothú scileanna cumarsáide agus ar chúlra cultúrtha na Gaeilge a chuirim an bhéim. Den chuid is mó, is ag labhairt a bhíonn na foghlaimeoirí sa rang. Éisteann siad le ceol chomh maith, agus bíonn fístéipeanna ar siúl ó am go chéile chun go gcloisfidh siad agus go bhfeicfidh siad an teanga sa saol réadúil. Go dtí seo, tá beannachtaí, slite beatha, tíreolaíocht, cúpla amhrán agus uimhreacha déanta againn - gan trácht ar Oíche Shamhna.
Tá médiatheque den scoth sa lárionad cultúrtha (cé go bhfuil sé beag) ina bhfuil neart achmainní faoi Éirinn agus faoi chultúr na tíre. Ó thaobh na Gaeilge de, tá cúpla leabhar agus foclóir ar fáil. Ba bhreá liom dá mbeadh réimse níos leithne ábhar Gaeilge ann amach anseo, ach braitheann sé sin ar chúrsaí airgid.
Ar aon nós, tá an-obair ar siúl ag na foghlaimeoirí faoi láthair.
B’fhéidir nach gceapfá é ach tá roinnt cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Fhraincis. Tá cúpla focal sa Ghaeilge, mar shampla, a tháinig ó na Normannaigh, leithéidí “séipéal” (chapelle) agus “gasúr"/ “garsún” (garçon); agus tá roinnt cosúlachtaí idir gramadach an dá theanga, nithe ar nós “táim tar éis…” (je viens de…).
Tá sé ar intinn ag roinnt mhaith den rang dul go hÉirinn ar saoire an bhliain seo chugainn agus tá siad réidh le dul sa seans lena gcuid nathanna. Is fada ón m*Buntús *atáimid anois!
Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Bhog sí go Páras an fómhar seo, tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.