TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Dúnta i ngrá leis an Ghaeilge
Maitiú Ó Cléirchín Maitiú Ó Cléirchín Maitiú Ó Cléirchín

Tá an tAthair Maitiú Ó Cléirchín an-tógtha leis an Ghaeilge ach is beag deis a fhaigheann sí í a labhairt san áit a bhfuil sé ag cur faoi anois: i Wellington na Nua-Shéalainne.

Íomhá
An tAthair Maitiú Ó Cléirchín (ar chlé ar fad) le beirt sagart eile, Peadar Mac Ruaidhrí agus Cronán O Fáthaigh. Tá Sliabh Ruapehu (2297m) le feiceáil sa chúlra
Íomhá
An tAthair Ó Cléirchín agus a chairde i mbun ceoil i nDún Éidin

Tá sé dhá bhliain is tríocha ó tháinig mé den chéad uair go dtí an Nua-Shéalainn. Ba dhuine fásta mé faoin am sin. Mar sin, cibé Gaeilge atá agam, d’fhoghlaim mé in Éirinn í, sa scoil náisiúnta i mBaile na Lorgan, Contae Mhuineacháin; i gColáiste Mhic Carthainn i mbaile Mhuineacháin; ar an ollscoil i gCorcaigh mar a raibh an Ghaeilge mar ábhar agam don chéad bhliain agus, ina dhiaidh sin, nuair a bhí baint agam le Coláiste Bhríde i Rann na Feirste ar feadh ceithre bliana.

Ní raibh mé riamh i measc na gcainteoirí ba líofa sa teanga, ach i gcónaí bhí an-dúil agam inti agus tá go fóill. Sin an fáth go léim an Ghaeilge chóir a bheith gach lá. Tig liom sin a dhéanamh mar go bhfaighim roinnt irisí – *Comhar, An tUltach, An Sagart *– agus an nuachtán *Saol *agus go bhfuil roinnt leabhar Gaeilge agam, mar shampla na cinn ó FÁS a gheibhim i rith na bliana. Chomh maith leis sin, le tamall anuas, tá teacht agam ar an Ghaeilge ar an idirlíon. Nach iontach an rud é go dtig linn éisteacht le Raidió na Gaeltachta amuigh anseo sa Nua-Shéalainn!

Caithfidh mé mo bhuíochas a ghabháil le bainisteoirí na n-irisi thuasluaite toisc go leanann siad ag cur eagrán chugam, fiú nuair nach mbíonn mo shíntiús curtha isteach agam ag tús na bliana.

Sular tháinig mé go dtí an Nua-Shéalainn, bhí neart failleanna agam cumarsáid as Gaeilge a dhéanamh, ach ó tháinig mé anseo ba bheag seans a bhí agam sin a dhéanamh, ach amháin nuair a théinn ar ais go hÉirinn ar laethanta saoire. Ní hé nach bhfuil go leor Éireannach sa tír seo a dtig leo an Ghaeilge a labhairt, ach is annamh a bhímid le chéile agus is fíorannamh nach mbíonn daoine eile inár gcuideachta nach mbíonn ach Béarla acu. Mar sin, is é an Béarla a labhraítear.

Ta roinnt cainteoirí dúchais a bhfuil aithne agam orthu, ach is Connachtaigh iad agus is deacair dom uaireanta iad a leanstan de bharr na canúna. Gaeilge Chúige Uladh, dar ndóigh, a d’fhoghlaim mé féin ar scoil agus bhí Gaeilge na Mumhan le cluinstin agam ar an ollscoil.

Roinnt blianta ó shin, chaith mé seacht mbliana i nDún Éidin, i ndeisceart na tíre, agus bhí scaifte againn ansin a chuir craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar bun. Bhíodh seisiún againn gach seachtain, dúinn féin den chuid is mó, ach anois is arís bhíodh daoine eile ag éisteacht linn agus ghlacamar páirt i gcoirm cheoil no dhó. Tar éis tamaill, bhí sé deacair na ceoltóirí a choinneáil le chéile agus cuireadh deireadh leis an chraobh. Ach nuair a bhí sí beo go fóill, bhíodh ranganna Gaeilge á dtabhairt agam féin do scaifte beag, idir Éireannaigh agus Nua-Shéalannaigh. Cuid de na daoine sin, bhí siad ag obair san ollscoil, mar léachtóirí nó i bpostanna eile. Bhíodh téipeanna agus leabhair d’fhoghlaimeoirí againn agus bhainimis úsáid astu sin sna ranganna.

Bhí ranganna Gaeilge á reáchtáil ar feadh tamaill chomh maith in Auckland (ba í Máire Áine Ní Cheallaigh as Conamara a bhí ina mbun) agus i Wellington (áit a raibh Ciarraíoch, Máire Wesley-Smith, ag múineadh) agus ag daoine eile nó in áiteanna eile, b’fhéidir, ach níl eolas ar bith agam faoi cad tá ar siúl san am i láthair.

Tá cúpla clár raidió faoi ainm na hÉireann anseo ach is annamh a chluintear Gaeilge orthu. Focal no dhó anseo is ansiúd, sin an méid. Ach bíonn an ceol Éireannach le cluinstin orthu, ceol uirlise traidisiúnta agus, uaireanta, amhráin as Gaeilge. Tá grúpaí sa tír chomh maith a sheinneann an ceol traidisiúnta agus is féidir iad a chluinstin sna tithe tábhairne nó, ar ocáidí áirithe, i gClub na nÉireannach.

Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar mo chumas labhartha Gaeilge. Rud a chuireann áthas mór orm is ea an glao gutháin a gheibhim go coitianta ag an Nollaig ó chara de mo chuid i nDoire, fear a bhí ag teagasc i gColáiste Cholmcille sa chathair sin agus a bhfuil baint aige le fada an lá le Coláiste Bhríde i Rann na Feirste. Gaeilge amháin a labhraímid le chéile.

Sna blianta a chuaigh thart, scríobh mé cúpla alt don Fhloclóir Bíobalta a chuir an tAthair Mairtín MacConmara MSC le chéile. Rinne seisean a dhícheall, agus tá sé á dhéanamh go fóill, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcúrsaí diagachta agus d’éirigh go maith leis. Thug sé spreagadh dom. Sagart eile in Éirinn a bheireann inspioráid dom de bharr a dhíograise is ea an Canónach Pádraig Ó Fiannachta sa Daingean, eagarthóir *An Bíobla Naofa *agus na hirise *An Sagart. *

Go maire siad i bhfad!

Rugadh agus tógadh Maitiú Ó Cléirchín in aice le Baile na Lorgan i gContae Mhuineachain. Tar éis na meánscoile, chuaigh sé isteach in Ord na gCaipisíneach agus oirníodh mar shagart é i 1966. Tá sé ina shagart paróiste i Kilbirnie i gcathair Wellington anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.