Is múinteoir meánscoile é Brian Richter in Kent Shasana. Míníonn sé anseo cén fáth ar chinn sé ar an Ghaeilge a fhoghlaim.
Thosaigh mé a fhoghlaim na Gaeilge timpeall deich mbliana ó shin. Ag an am sin a bhí mé in Éirinn den chéad uair riamh. Ag an aerfort agus ar na bóithre, thug mé faoi deara comharthaí dátheangacha, ach níor chuala mé ach Béarla á labhairt ag daoine mórthimpeall orm. Bhí mé ag iarraidh níos mó a fháil amach... B’fhéidir gur músclaíodh mo shuim sa Ghaelainn ansin, níl a fhios agam. Chuaigh mé isteach i siopa leabhar i gCill Áirne agus cheannaigh mé cúrsa Gaeilge, *Teach Yourself Irish *le Diarmuid Ó Sé agus Joseph Sheils.
Tar éis dul abhaile go Sasana chuir mé an leabhar ar an tseilf leabhar agus caithfidh mé a admháil nár fhéach mé ar feadh bliana air. D’fhill mé ar Éirinn an bhliain ina dhiaidh sin, áfach, agus chrom mé ar an obair.
Níl se éasca teanga a fhoghlaim i d’aonar, ach is féidir é a dhéanamh, má tá an toil agat. Is múinteoir nuatheangacha mé i Sasana, agus ba chabhair é sin gan amhras. Má bhíonn teanga amháin eile agat, bíonn tú in ann teanga nua a fhoghlaim níos tapúla.
Chun feabhas a chur a mo chuid Gaeilge, bím ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar an idirlíon, tá síntiús agam leis an nuachtán *Foinse *agus, chomh maith leis sin, léim an iris seo, *Beo!, *gach mí. Tá a fhios agam go bhfuil cúrsaí Gaeilge ar fáil i Londain agus in áiteanna eile sa tír seo. An fhadhb atá agamsa (agus ag a lán daoine eile sa lá atá inniu ann), áfach, ná easpa ama, go háirithe agus gan mé i mo chónaí sa phríomhchathair!
An deacracht is mó, i mo thuairimse, ná an easpa deiseanna ar chomhrá a dhéanamh le daoine eile, ach amháin sna seomraí cainte ar an idirlíon. Mholfainn na cúrsaí atá ar fáil in áiteanna éagsúla in Éirinn d’fhoghlaimeoirí. Rinne mise mo chéad chúrsa i nDún na nGall, le Gael Linn. Ina dhiaidh sin, d’éirigh liom deontas a fháil ón Aontas Eorpach, agus chaith mé breis is trí seachtaine ar chúrsa in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.
Is i gCiarraí a bhuail mé le daoine a chabhraigh go mór liom: Pádraig Tyers, Matt Mac Cárthaigh agus Máire Uí Shíthigh. Agus is i dtigh Nell Ní Chinnéide, “Ollscoil na Gráige”, a thosaigh mé a chur snas ar mo chuid Gaeilge. Is iomaí uair a d’fhan léi, go ndéana Dia trócaire uirthi. Beidh mé i gcónaí buíoch di. Chomh maith leis sin, tá mé ag déanamh cúrsaí le hOideas Gael i nDún na nGall le cúig nó sé de bhlianta anuas, agus bainim an-sult astu. Déarfainn gur cheart do thosaitheoirí cúrsa nó dhó a dhéanamh, is cuma cén áit nó cén Ghaeltacht, go háirithe mura bhfuil gaolta agat in Éirinn.
Is duine mise a dteastaíonn dúshlán uaidh. Mar gheall air sin, rinne mé socrú scrúduithe a dhéanamh (ar dtús an GCSE, ansin AS agus A-Leibhéal). Uair amháin sa tseachtain, ar leathuair tar éis a cúig tráthnona Dé Luain, bíonn comhrá as Gaeilge ar siúl i mo sheomra ranga sa scoil. Ní daltaí a bhíonn i láthair, ach daoine fásta a rugadh agus tógadh in Éirinn, ach atá ina gcónaí i Sasana anois.
Agus an dúshlán atá romham anois? Ba mhaith liom daltaí i mo scoil a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Tharlódh sé seo tar éis an lae scoile ach, mar a deirtear, fonn a níos fiach!
Rugadh Brian Richter in Edenbidge, Kent agus tá an chuid is mó dá shaol caite sa cheantar sin aige. Tá sé ag múineadh Gearmáinise agus Rúisise i meánscoil i Rochester, Kent anois le dhá bhliain is fiche.