Bhí Sinéad Mhic Éamoinn an-mhíshásta lena saol i Meiriceá ach nuair a d’aimsigh sí an Ghaeilge tháinig feabhas mór ar chúrsaí.
Más féidir leat teangacha eile a labhairt i Méiriceá, cuireann sé sin iontas go minic ar mhórán daoine - agus iontas an domhain más í an Ghaeilge ceann amháin acu. “Tá Gaeilge agamsa freisin,’ ar siadsan go minic, agus i nguth súgach deir siad abairt mar "Cod milley fall-chi" leat! Ina dhiaidh sin, go hiondúil, insíonn siad scéal éigin duit faoi bheoir uaine agus cabáiste.
Ní chreidim gur “Gaeilgeoir i gcéin tipiciúil” mé féin, agus níl mé cinnte an bhfuil a leithéid ann ach oiread. Nuair a bhí mé óg, is dócha nár smaoinigh mé faoi Éirinn nó faoin chultúr Éireannach ar chor ar bith. Ní raibh aon teagmháil agam leo ag an am sin, agus mé ag fás aníos i mo theaghlach bruachbhailteach Meiriceánach. Ach nuair a bhí mé ocht mbliana déag d’aois, bhog mé go Bostún, lárionad an diaspóra mhóir Éireannaigh. Bhí mé i mo chónaí sa chathair iontach álainn sin ar feadh ceithre bliana agus, cé nár fhoghlaim mé focal amháin Gaeilge sular fhág mé Bostún, d’aimsigh mé an splanc a spreagfadh an tine i bhfad ní ba déanaí: an ceol Éireannach.
Is cuimhin liom go maith Flemings, an bhialann a dtéinn chuici go minic le mo chairde. Éireannach ab ea an t-úinéir, fear mór gnó a raibh gníomhaireacht taistil aige freisin ar bhain sé usáid aisti chun ceoltóirí óga as a thír dhúchais a thabhairt go Bostún, agus chun blaiseadh maith den cheol a thabhairt freisin do na daoine agus iad ag ithe a gcuid boxty *agus a *mixed Irish grill platters.
Bhí mé i ngrá leis an bhialann sin, leis an Guinness úr agus leis na ceoltóirí dathúla óga, ach lá amháin, faraor, dúnadh doirse Flemings agus ní raibh a fhios agamsa, mar gheall ar chomh soineanta is a bhí mé, go raibh an deoch dhubh agus ceol croíúil den saghas céanna le fáil sna céadta tábhairne eile i mBostún. Bhí sé beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin sula bhfuair mé tobar an cheoil Éireannaigh arís. Ní rud éasca é sin a aimsiú - níl an ceol sin le cloisteáil ar an raidió i Meiriceá, níl na dlúthdhioscaí le fáil sna siopaí ceoil, agus muna bhfuil tú i do chónaí i gcathair mhór éigin, ní féidir leat cuairt a thabhairt ar thábhairne ná ar fhéile cheoil.
Lá amháin, áfach, fuair mé amach go raibh cara de chara liom an-tógtha leis an ghrúpa Altan agus go raibh cupla ticéad breise aige do cheolchoirm dá gcuid. Bhí na doirse oscailte arís. Tríd an phasfocal sin “Altan” bhí mé ábalta faoi dheireadh domhan mór an cheoil Éireannach a aimsiú. Agus fuair mé amach faoi rud éigin eile freisin: an Ghaeilge. Tá a fhios ag gach éinne a chuala Mairéad Ní Mhaonaigh riamh ag canadh as Gaeilge go bhfuil smacht agus brón ann, a d’fhéadfadh duine ar bith a thuiscint, fiú gan focal amháin Gaeilge bheith aige.
Míshásta
Ar aghaidh linn anois trí bliana, nó b’fhéidir beagáinín níos mó. Bhí mé míshásta le mo phost, bhí mé i mo chónaí i bhfad ó sheanchairde agus ó mo theaghlach, agus bhí mé croíbhriste tar éis do dheireadh brónach teacht le caidreamh fada agus casta. Fuair mé mo chuid sóláis ón cheol Gaelach, agus gheall mé dom féin go bhfeicfinn an tír, tobar an cheoil seo, chomh luath is a d’fhéadfainn.
Cheannaigh mé ticéad eitleáin go Baile Átha Cliath chun deich lá a chaitheamh in Éirinn. Ach cad a dhéanfainn leis an am ar fad? Mo chéad phlean: dhá lá a chaitheamh i mBaile Átha Cliath, dhá lá i nDún na nGall, dhá lá i nGaillimh, dhá lá sa Daingean agus dhá lá i gCorcaigh. Ach ní raibh mé sásta leis an phlean sin. Tar éis bheith ag taisteal mar sin, bheadh neart grianghraf agam - ach bhí mé ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil agus, dá bhrí sin, thuig mé gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna, gan bheith ag rith i gciorcail. D’athraigh mé mo phlean - d’fhanfainn seachtain in áit amháin. Ach cén áit?
Fuair mé rang Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, agus ní bréag é gur fhoghlaim mé i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí ar intinn agam a fhoghlaim. Bhí tús maith déanta agam maidir leis an teanga, agus leis an damhsa agus an amhránaíocht freisin.
Chuir mé tús maith le caidreamh nua freisin agus, tar éis bliana de shuirí, lán de thurais eitleáin agus glaonna teileafóin go mall san oíche, d’fhág mé mo shaol míshásúil i Meiriceá agus bhog mé go Sasana chun mo chomh-Ghaeilgeoir dílis a phósadh. Agus is féidir liom an Ghaeilge a labhairt agus a léamh anois agus, anois is arís, bíonn deis agam canadh sa teanga.
Maidir leis an cheol, níor shamhlaigh mé riamh go mbeinnse lá amháin i measc na gceoltóirí. Léigh mé i leabhar éigin, nó chuala mé ó dhuine éigin, nach mbíonn na hamhráin thraidisiúnta beo ach amháin nuair a bhíonn siad á rá ag daoine, agus lucht éisteachta acu. Is ceol iad, cinnte, ach cultúr freisin, stair, béaloideas, cumarsáid; tá baint mhór acu leis an teagmháil idir daoine, agus is cuma má tá guth ard nó íseal, maith nó measartha agat, má tá tú ábalta scéal nó amhrán a roinnt leis an chomhluadar sa phub nó sa seomra suí, is féidir leat páirt a ghlacadh i rud neamhchoitianta, rud níos sine, níos leithne ná ceol agus focail.
Nuair a chuaigh mé ar ais go Meiriceá, bhain mé triail as an taithí a bhí agam maidir leis an Ghaeilge agus i measc na nGaeilgeoirí a mhíniú do dhaoine eile. “Teanga gan focail mar yes agus no, an dtuigeann tú cé chomh deacair, cé chomh difriúil is atá an chumarsáid?” nó “Scríobhann siad *leery *mar ‘laoghaire’” nó “Níor theanga scríofa í i dtús ama, agus is cultúr béil agus béaloidis é fós”. Níl aon duine ábalta a leithéid a mhíniú, áfach, muna bhfuil an comhthéacs ar fad acu sin atá ag éisteacht cheana féin. Dá bhrí sin, bíonn slite eile agam anois chun taispeáint dóibh cad atá i gceist leis an chultúr Gaelach, agus conas atá sé. Canaim, má bhíonn seans agam; labhraím Gaeilge, má bhíonn aon duine ann ar féidir leis mo chuid focal a thuiscint, agus caithim m’fháinne, toisc nach mbíonn a fhios agat riamh cá dtiocfaidh tú ar Ghaeilgeoir sa domhan seo.
Rugadh agus tógadh Sinéad Mhic Éamoinn i gConnecticut i Méiriceá. Tá sí ina cónaí i Sasana anois agus ag obair in Ollscoil Nottingham faoi láthair mar oifigeach teicneolaíochta sna dána.