TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
An grá agus an Ghaeilge!
Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez Carmen Rodríguez

Chuir Carmen Rodríguez spéis sa Ghaeilge roinnt mhaith blianta ó shin agus í ina cónaí in Galicia agus chuir a suim sa teanga cor ina saol ina dhiaidh sin.

Íomhá
An phríomhchearnóg, A Coruña
Íomhá
An grúpa Altan: chonaic Carmen iad sa Spáinn
Íomhá

Chuala mé an Ghaeilge den chéad uair timpeall sé bliana déag ó shin agus mé ag éisteacht leis an raidió sa bhaile in A Coruña in Galicia na Spáinne. Ba é “Harry’s Game” le Clannad an t-amhrán a bhí i gceist agus cheap mé gan amhras go raibh draíocht faoi leith ag baint leis an teanga aisteach agus mhistéireach sin.

Cúpla mí ina dhiaidh sin cheannaigh mé an dlúthdhiosca *Watermark *le hEnya agus arís bhí an teanga chéanna i gceist ar an dlúthdhiosca sin. Ansin, fuair mé albam le hAltan agus chuir sé an-iontas orm (agus cuireann sé fós) an tslí ina raibh na ceoltóirí seo as Dún na nGall ag oscailt dhoras na Gaeilge agus na hÉireann do dhaoine ar fud an domhain.

Bliain ina dhiaidh sin fuair mé deontas Erasmus agus chuaigh mé go Londain ag staidéar, áit ar cheannaigh mé an leabhar *Learning Irish *le Mícheál Ó Siadhail. Ar ndóigh, bhí an leabhar ar an tseilf i mo sheomra ar feadh cúpla mí go dtí go ndeachaigh mé ar ais go dtí A Coruña agus bhain mé triail as cúpla ceacht a dhéanamh as mo stuaim féin.

Is cosúil go bhfoghlamaíonn daoine teangacha i mbealaí éagsúla. I mo chás féin, ní raibh an cur chuige a bhí agam ag an bpointe sin rómhaith mar bhí mé ag iarraidh liostaí focal a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Fuair mé amach cúpla seachtain ina dhiaidh sin go bhfoglaimím abairtí agus focail i bhfad níos tapúla agus níos éifeachtaí in abairtí fada nó, fós níos fearr, i sleachta. Chomh maith leis sin, caithfidh mé a rá gur fearr liomsa freastal ar ranganna seachas a bheith ag obair i m’aonar chun mé féin a spreagadh le beagán oibre a dhéanamh.

Ansin bhog mé féin agus cara liom go Maidrid mar go bhfuair muid post mar mhúinteoirí Béarla ansin. Oíche amháin bhuail mé le mo chara i dteach tábhairne Éireannach le haghaidh dí agus, iontas na n-iontas, thug muid faoi deara fógra ar an mballa faoi ranganna Gaeilge san *Escuela Oficial de Idiomas *(Scoil na dTeangacha) sa chathair sin.

Chuir muid glaoch ar an múinteoir, Pádraig Ó Dómhnalláin, an lá ina dhiaidh sin agus mhínigh sé dúinn go raibh sé ag múineadh na Gaeilge san *Escuela *le deich mbliana nó mar sin agus go raibh trí leibhéal ann: ceann amháin do na tosaitheoirí, ceann eile don dream a raibh taithí acu ar an teanga cheana féin agus grúpa eile do na daoine a bhí reasúnta líofa. Chomh maith leis sin, fuair muid amach go raibh na ranganna oíche seo saor in aisce (!) os rud é nach raibh aon aitheantas acadúil le fáil as freastal orthu.

Is múinteoir fuinniúil agus iontach díograiseach é Pádraig agus d’fhoghlaim gach duine sa rang an ghramadach is bunúsaí, ar nós an difríocht idir *is *agus *tá *(reasúnta cosúil leis na briathra *ser *agus *estar *sa Spáinnis), na huimhreacha, uaireanta an chloig, an aimsir láithreach, chaite agus fháistineach, an modh coinníollach, chomh maith leis an tuiseal ginideach agus rud eile an-aisteach ar fad do na mic léinn go léir: na forainmneacha réamhfhoclacha. Ba iad sin na rudaí ba dheacra, in éindí leis an tuiseal ginideach, do gach mac léinn a bhí ag freastal ar na ranganna.

Chomh maith leis sin, d’fhoghlaim muid faoi scéalta na bhFianna agus amhráin a fhoghlaimíonn na páistí sna scoileanna in Éirinn ar nós “Baidín Fheilimí”, “Trasna na dTonnta” nó “Beidh Aonach Amárach”.

Cúrsa in Éirinn

Ag deireadh na bliana acadúla sin, shocraigh mac léinn darbh ainm José cúrsa a dhéanamh in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, agus nuair a bhuail mé leis san fhómhar chuir sé iontas orm cé chomh sásta a bhí sé leis na cúrsaí sin agus an méid a bhí foghlamtha aige.

Mar sin, shocraigh mé féin triail a bhaint as na cúrsaí céanna ag deireadh an dara bliain san Escuela. Chaith mé coicís i nGleann Cholm Cille agus bhain an cur chuige a bhí acu croitheadh asam, ós rud é gur chuir na múinteoirí an bhéim ar an teanga labhartha. Cé go raibh an ghramadach is bunúsaí ar eolas agam féin, ní raibh mé ábalta na focail a chur le chéile ar bhealach sothuigthe. Chomh maith leis sin, bhí mé róbhuartha faoi na botúin go léir, ach thuig mé i ndiaidh tamaill go bhfuil siad nadúrtha agus tú ag foghlaim teanga iasachta.

Nuair a bhí mé ar ais i Maidrid thosaigh mé ag siúl amach le José (nach bhfuil an Ghaeilge chomh rómánsach céanna leis an bhFraincis!). Bhí muid ag roinnt árasáin agus chruthaigh muid ár nGaeltacht fhíorúil féin. Bhí an leabhar *Now You’re Talking *le hÉamonn Ó Donaill ceannaithe againn agus rinne mé staidéar air i rith an gheimhridh. Ba mhinic a d’éist mé leis na téipeanna a théann leis na ceachtanna agus mé ar an traein faoi thalamh. Chabhraigh sé seo go mór liom chun mo chumas cainte a fhorbairt. Chomh maith leis sin, d’fhreastail muid ar na ranganna san *Escuela *anois is arís agus bhí muid ag éisteacht le ceol Gaelach an t-am ar fad san árasán. Bhímis ag dul go rialta chuig ceolchoirmeacha le bannaí Éireannacha ar nós Altan, The Chieftains nó Patrick Street. Ar ndóigh, chuaigh muid ar ais le chéile go Gleann Cholm Cille sa samhradh.

Cúpla mí i ndiaidh na laethanta saoire, bhí orm féin agus José cinneadh éigin a dhéanamh. Bhí muid ag smaoineamh ar theach a cheannach i Maidrid, ach ag deireadh an lae shocraigh muid bogadh go Baile Átha Cliath ós rud é go raibh an Tíogar Celtic faoi lán seoil ag an am sin. Fuair José post mar chláraitheoir ríomhaireachta láithreach agus rinne mé féin céim sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. (Bhain mé an-sult as na blianta san ollscoil, ach ceapaim nach gcaitheann na mic léinn go leor ama sa Ghaeltacht.)

Chomh maith leis an gcéim, d’oibir mé go páirtaimseartha i bhFiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Rinne mé beagainín oibre deonaí do Raidió na Life fosta. Bhí mé ag cur i láthair cláir ansin de cheol as Galicia, ar ar thug mé “Gaita”. Ar ndóigh, chuaigh mo chuid Gaeilge i bhfeabhas agus mé ag obair sna háiteanna seo.

Cé nach bhfuil sé furasta a bheith i do Ghaeilgeoir, buailim le cairde a bhfuil Gaeilge acu le haghaidh cupáin caife nó le haghaidh lóin go minic. Chomh maith leis sin, is áis mhaith é an club Sult do Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath, cé nach mbíonn móran deiseanna againn a bheith i láthair aige na laethanta seo, mar gur féidir leis a bheith deacair duine éigin a fháil chun aire a thabhairt d’ár leanbh, Róisín.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.