TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Óg agus sean ag foghlaim na Gaeilge i nGlaschú
Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn Cóilín Ó Floinn

an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill. Labhair Cóilín Ó Floinn le hOifigeach Forbartha na craoibhe.

Íomhá
Gráinne Crothers leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern: chuir a roinn siúd maoiniú ar fáil don Chonradh i nGlaschú
Íomhá
Meánrang de chuid an Chonartha faoi lán seoil

Nuair a thug mé cuairt ar Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge i nGlaschú i mí an Mheithimh anuraidh chuir sé iontas orm an méid daoine a bhí foghlaim na Gaeilge ansin. Is dócha nár cheart go mbeadh iontas orm mar, sa lá atá inniu ann, tá daoine ó gach réimse den saol ag foghlaim na Gaeilge ar fud an domhain. Ach mar sin féin, bhí rud inteacht speisialta fá dtaobh den ghrúpa áirithe seo. Ar dhóigh, chuir siad na foghlaimeoirí a casadh orm i Meiriceá i gcuimhne dom. Tá an dearcadh céanna acu ó thaobh na teanga de, is é sin gur cuid dá ndúchas féin í, agus tá siad ar bís le hí a fhoghlaim.

Thosaigh Oifigeach Forbartha Chraobh Phádraig Mhic Phiarais, Gráinne Crothers, ag foghlaim na Gaeilge nuair a bhí sí ar scoil i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha. “Bhí múinteoirí den scoth ann; chuir siad cuid mhór béime ar an teanga agus d’fhéach siad le hí a chur chun cinn sa scoil agus sa cheantar.” Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh fosta, le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge, ach admhaíonn sí gur ar mhaithe leis an chraic a chuaigh sí ann fosta. Dúirt sí liom, agus í ag gáire, “Chuaigh go coláiste samhraidh gach bliain le mo chairde ar mhaithe leis an chraic agus d’fhoghlaim mé rud beag Gaeilge ansin fosta.” Sular fhág sí an mheánscoil, rinne sí staidéar ar an Ghaeilge don Ardleibhéal agus nuair bhí na scrúduithe déanta aici thug sí aghaidh ar Ghlaschú.

Ní raibh Gráinne i bhfad i nGlaschú nuair a thosaigh sí a chur suime sa Ghaeilge arís agus d’fhreastail sí ar chúrsa Gaeilge de chuid an Chonartha. Ach ní ar mhaithe le Gaeilge a fhoghlaim amháin a bhí sí i nGlaschú – rinne sí cúrsa ollscoile agus bhain sí céim amach sa chosliacht i 2005 ach ní raibh sé i ndán di bheith ina coslia. “Cé gur dhúirt na léachtóirí a mhalairt, ní raibh sé furasta post a fháil mar choslia i nGlaschú. Sa deireadh, bhí mé idir dhá chomhairle cé acu a bhfanfainn sa chathair nó an rachainn chun an bhaile go hÉirinn.”

DeontasI dtrátha an ama chéanna, fuair Craobh Phádraig Mhic Phiarais deontas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn a chuir ar a gcumas post mar oifigeach forbartha a fhógairt. “Chuir mé isteach ar an phost agus d’éirigh go maith liom san agallamh. Tá mé ag obair leo anois le bliain anuas.”

Déanann Gráinne imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a eagrú go rialta leis an Ghaeilge a chur chun cinn i nGlaschú. I measc na n-imeachtaí a reáchtálann sí féin agus Craobh Phádraig Mhic Phiarais tá ranganna Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa, céilithe, agus seisiúin cheoil.

Faoi láthair, tá Gráinne agus a comhghleacaithe ag obair ar dhá thionscadal mhóra. “Tá ciorcal comhrá á eagrú againn agus is é an aidhm atá leis an tionscadal sin ná muinín a spreagadh sna foghlaimeoirí lena gcuid Gaeilge labhartha a úsáid taobh amuigh den tseomra ranga.” Lena chois sin, tá Craobh Phádraig Mhic Phiarais ag obair i gcomhar le Coiste Áitiúil Oileán Acla le cuimhneachán a eagrú ar an tragóid a tharla i gCathair Cheann Tulaich ar 16 Meán Fómhair 1937, áit ar maraíodh deichniúr de mhuintir Acla nuair chuaigh a n-áit chónaithe le thine. Déanfaidh Údarás na Gaeltachta agus an eagraíocht Colmcille an taispeántas seo á mhaoiniú. “Beidh an taispeántas réidh i mí Mheán Fómhair agus tá sé i gceist againn é a chur ar camchuairt in Éirinn agus in Albain ar feadh bliana.”

Na ranganna

idir óg agus aosta ag freastal ar chuid ranganna Chraobh Phádraig Mhic Phiarais ach ní do mhuintir Ghlaschú amháin atá na ranganna. “Le cois muintir Ghlaschú, tá muintir na hÉireann agus daoine as an Pholainn ag freastal ar na ranganna fosta!” San iomlán, tá sé rang ag ceithre leibhéal éagsúla ar fáil faoi láthair: ceithre rang oíche Dé hAoine agus dhá rang oíche Dé Céadaoin. Dúirt Gráinne go ndearna cuid de na foghlaimeoirí an GCSE sa Ghaeilge anuraidh. “D’éirigh go hiontach maith leo agus tá sé mar rún ag tuilleadh acu an scrúdú a dhéanamh i mbliana.” I mí Mheán Fómhair, beidh rang Gaeilge do pháistí scoile ag tosú agus deir Gráinne go bhfuil sí ag tnúth go mór leis sin.

I lár mhí na Samhna, beidh Conradh Ghlaschú ag eagrú deireadh seachtaine cultúrtha sa chathair, i gcomhar leis an Lochràn (www.anlochran.co.uk), Colmcille (www.colmcille.net) agus Sult (www.clubsult.com). “Beidh ceardlanna teanga (Gaeilge agus Gàidhlig) ar siúl i rith an lae agus ceol agus craic san oíche,” a deir Gráinne. Beidh tuilleadh eolais, chomh maith le dátaí, le fáil ar shuíomh gréasáin Chraobh Phádraig Mhic Phiarais (www.cnag-glaschu.co.uk) go luath.As Nua-Eabhrac é Cóilín Ó Floinn ach tá sé ag cur faoi i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sé ag obair mar Bhainisteoir Cúrsaí Gaeilge leis an chomhlacht Gaelchultúr.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.