TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Saol Gaelach i Milwaukee Mheiriceá

As Dún na nGall í Seosaí Nic Rabhartaigh agus tá sí ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Wisconsin, Milwaukee (UWM) faoi láthair. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair léi faoina cuid oibre agus faoi bheith ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge i Meiriceá.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Eithne Ní Ghallchobhair: Is múinteoir Gaeilge tú in UWM le trí bliana anuas. Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn agat agus tú ag teagasc i Meiriceá?

Seosaí Nic Rabhartaigh: Is dócha go mbaineann cuid de na dúshláin le gach múinteoir teanga. Bíonn tionchar mór ag cúlra na mac léinn ar gach rang. Tá mé ag caint faoin chineál taithí a bhíonn acu cheana féin ar theangacha eachtrannacha sula bhfreastalaíonn siad ar mo rangsa. Bíonn riachtanais éagsúla ag mic léinn nach bhfuil cur amach acu ar theanga ar bith eile agus ag mic léinn atá líofa i dteangacha eile agus atá ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil spéis ar leith acu i dteangacha. Cumarsáid an fhadhb is mó, déarfainn. Bíonn an chuid is mó de na mic léinn cúthail, bíonn leisc orthu labhairt, bíonn eagla orthu go ndéanfaidh siad botúin. Bíonn sé doiligh iad a spreagadh chun athrá agus cleachtadh a dhéanamh ar na frásaí a bhíonn á bplé againn ó lá go lá. Braitheann siad ar a gcuid nótaí, ní bhíonn muinín acu ina gcuid éisteachta. Bíonn gach duine ag iarraidh an focal scríofa a fheiceáil i dtólamh.

Go minic, bíonn cuid de na leabhair a bhím ag iarraidh a úsáid le mo ranganna as cló. Bíonn sé deacair go leor cóipeanna a fháil don rang ó am go chéile.

ENíG: Cad chuige go roghnaíonn na mic léinn an Ghaeilge mar ábhar sa chéad áit?

SNíR: Bíonn cuid acu ag cuardach a ndúchais. B’fhéidir go raibh Gaeilge ag seanathair nó ag seanmháthair agus tá an mac léinn ar thóir a (h)oidhreachta. Mothaíonn na daoine seo go bhfuil rud éigin caillte acu nó gur baineadh rud éigin díobh. Bíonn spéis ag cuid de na mic léinn i dteangacha éagsúla agus roghnaíonn siad an Ghaeilge mar “mhionteanga” sa chéim.

Tá mic léinn eile ann a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge mar go bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta, go háirithe san amhránaíocht. Bíonn siad ag iarraidh a bheith ábalta na hamhráin a aistriú agus a thuigbheáil.

ENíG: An mbíonn sé doiligh teacht ar ábhar a bhíonn oiriúnach do mhic léinn eachtrannacha? Cad iad na hacmhainní a úsáideann tú sna ranganna?

SNíR: Ní bhíonn sé deacair teacht ar ábhar do na tosaitheoirí – mic léinn sa chéad agus sa dara téarma. Éiríonn an scéal níos casta sa tríú agus an ceathrú téarma. Úsáidim fístéipeanna ó chúrsaí éagsúla, dlúthdhioscaí, an nuacht ó Raidió na Gaeltachta, leabhair, an clár dubh. Bíonn muid ag comhrá agus ag aisteoireacht, ag athrú rólanna go minic. Déanaim iarracht meascán maith de stór focal ag baint le téamaí nua agus pointí gramadaí a theagasc, agus sleachta as na nuachtáin nó as

dán le Nuala Ní Dhomhnaill nó Cathal Ó Searcaigh a léamh gach lá. Déanaim iarracht na hábhair a bhfuil suim ag an rang iontu a ransú. Cineál pot pourri den teanga a bhíonn acu! Ós rud é gur daoine fásta iad na mic léinn uilig, bíonn siad i gcónaí ag iarraidh a gcuid smaointe a nochtadh mar a dhéanann siad sa Bhéarla, ar bhealach casta agus oilte. Bíonn go leor frustrachais i gceist agus iad ag iarraidh na smaointe doimhne seo a chumadh i nGaeilge chun ceist a fhreagairt nó chun bheith ag caint leis an duine taobh leo. Ag deireadh an téarma is léir go mbíonn dul chun cinn déanta acu. Is scaifte iontach ar fad iad!

ENíG: Is amhránaí tú. An amharcann tú ar an amhránaíocht mar acmhainn thábhachtach ranga?

SNíR: Is amhránaí mé agus, dár ndóigh, is dócha go bhfuil baint ag mo stíl agus mo mhodh múinteoireachta féin leis an chúlra sin sa cheol. Cuidíonn an amhránaíocht liom agus mé ag obair ar fhoghraíocht le mo rang, nó fiú chun pointe gramadaí a mhíniú. Bím ábalta samplaí den bhriathar saor nó den aimsir fháistineach in amhrán éigin a aimsiú agus a scríobh ar an chlár. Is iontach an rud é téama éigin, mar shampla, an grá, a leanúint trí na hamhráin chun stór focal a aimsiú nó a leathnú, mar bíonn athrá sna hamhráin go minic; cloistear na frásaí céanna arís agus arís eile.

Ó am go chéile casann muid amhrán nó dhó chun spórt a bheith againn!

ENíG: An mbíonn deis agat féin an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den ollscoil?

SNíR: Le déanaí tá cúpla duine a bhfuil Gaeilge líofa acu tar éis bogadh go Milwaukee. Déanaim iarracht labhairt le duine acu gach lá, go pearsanta nó ar an ghuthán. Agus, ar ndóigh, seolaim téacsanna i nGaeilge chuig mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha in Éirinn beagnach gach lá. Labhraím le mo thuismitheoirí agus le mo chairde in áiteanna éagsúla fosta. Tá scaifte i Chicago a bhfuil Gaeilge bhreá acu.

ENíG: Labhraíonn tú Gaeilge le do chuid páistí féin. Cad chuige gur bheartaigh tú sin a dhéanamh agus cad é mar atá ag éirí leat?

SNíR: Chaith mé cúig bliana ag múineadh páistí bunscoile i scoil idirnáisiúnta sa Bheilg sular tháinig mé go Meiriceá le m’fhear céile. Bhí dhá thrian de na daltaí dá- nó trítheangach agus ag leanúint an churaclaim trí mheán an Bhéarla. Chonacthas dom san am go raibh meon éagsúil ag na páistí seo agus rinne mé taighde ar an dátheangachas. Leathnaíonn an dátheangachas an intleacht. Bíonn níos mó ná aon bhealach amháin ag an pháiste chun féachaint ar an saol agus bíonn an leanbh sin níos oscailte do theangacha eile agus do dhaoine eile. Bíonn bua na cumarsáide ag an pháiste dátheangach i mbealach speisialta, ní bhíonn moill air/uirthi modhanna éagsúla a oibriú amach chun fadhbanna a réiteach sa seomra ranga nó sa chlós.

Tá sé spéisiúil an dearcadh seo a bheith agam ar intinn an linbh óig ag foghlaim dhá theanga ag an am chéanna, go háirithe nuair is mise an t-aon fhoinse atá ag mo pháistí féin do theanga amháin. Tá Conall trí bliana go leith anois agus tá sé ag úsáid an dá theanga. Níor labhair sé mórán i gceachtar teanga go dtí go raibh sé ocht mí dhéag ach ansin rinne sé an-dul chun cinn. Thóg mé liom é go Toys R Us den chéad uair an tseachtain seo caite agus phléasc mé amach ag gáire nuair a scread sé os ard i nGaeilge: "Mamaí, féach ar an siopa seo! Tá gach rud acu anseo!" Agus bhí! Chuir sé lúcháir orm é a chloisteáil ag labhairt as Gaeilge i measc na siombailí uilig den chultúr tomhaltais sa tír seo.

Tá Aisling seacht mí dhéag anois agus is iad na frásaí is fearr léi faoi láthair ná "Mamaí, tuilleadh bia!" agus "Amach!" Tá Aisling ag baint triail as gach focal, is cuma faoin teanga, tá fonn uirthi a bheith ag labhairt. Deirtear faoi chailíní go dtagann an chaint chucu roimh bhuachaillí. Bíonn sí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar a deartháir mór an t-am ar fad. Éisteann muid le dlúthdhioscaí Thaidhg Mhic Dhonnagáin gach lá - tá na focail uilig de ghlan mheabhair ag Conall. Canann sé le Tadhg sa charr! Go raibh maith agat, a Thaidhg! Cé nach n-amharcann muid ar mhórán teilifíse tá fístéipeanna agam de Bouli agus de Clifford, an Madra Mór Rua i nGaeilge agus amharcann muid orthu sin le chéile. Nuair a bhíonn siad críochnaithe, bíonn comhrá beag againn faoin mhéid atá feicthe againn.

Agus mé ag fás aníos bhí ardmheas ag an teaghlach ar an Ghaeilge - tugadh ómós di mar mhodh cumarsáide agus mar chuid dár bhféiniúlacht chultúrtha náisiúnta. Chaith mise go leor ama le mo mháthair mhór agus bhíodh sé de nós aici a rá "Dá labhródh gach duine a bhfuil Gaeilge aige an teanga, ní bheadh sí i dtrioblóid!" Sin an fáth go bhfuil mise ag tógáil mo chlainne le Gaeilge anseo i Milwaukee. Tá mé ábalta an teanga a labhairt mar gur labhraíodh liom í agus tá mé chun í a labhairt. Níl mé ag iarraidh go dtiocfaidh mo pháistí chugam i gceann fiche bliain ag rá "Choinnigh tú uainn cuid dár n-oidhreacht, ár dteanga dhúchais". Ní linne an teanga, tá muid á coimeád do na glúnta atá romhainn. Tá sé de dhualgas orainn seo a dhéanamh chun í a choinneáil beo, fiú má tá sé doiligh.

ENíG: **An bhfuil pleananna ar bith agat féin faoi láthair ó thaobh cúrsaí oibre de?**

SNíR: Ó thaobh cúrsaí oibre de, tá mé ag múineadh san ollscoil ach tá mé oscailte i gcomhair deiseanna nua an t-am ar fad – giota beag aistriúcháin, b’fhéidir, scríbhneoireacht, taighde! Tá spéis agam in an-chuid ábhar ach is beag rud a bhfuil grá agam dó. Tá grá agam don Ghaeilge agus meallann sí ar ais arís agus arís eile mé. Tá an saol sa bhaile ag éirí giota beag níos fusa anois agus na páistí ag fás aníos. Ós rud é nach bhfuil mé ag obair go lánaimseartha bím saor chun rudaí difriúla a thriail. Tá an t-ádh dearg orm go dtugann m’fhear céile, Dominic, an-chuid tacaíochta dom mo rogha rud a dhéanamh. Tá an saol go breá againn anseo i Milwaukee – agus Gaelach leis!

Is as iardheisceart Dhún na nGall d’Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ag obair mar eagarthóir cúnta ar *Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Rinne sí MSc sa Nua-Ghaeilge Luath in Ollscoil Dhún Éideann agus PhD ar na lámhscríbhinní leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.