TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Nikki Ragsdale – bean ildánach!
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Beidh deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil i San Francisco ag Nikki Ragsdale arís i mbliana. Labhair Éamonn Ó Donaill léi faoin obair atá ar siúl aici ar son na Gaeilge agus faoina dlúthdhiosca d’amhráin sean-nóis atá sí ag brath a sheoladh in Éirinn gan mhoill.

Íomhá
Íomhá
Nikki Ragsdale: níor chuir sí suim sa Ghaeilge go raibh sí sna tríochaidí
Íomhá

Beidh neart Gaeilge le cloisteáil sa United Irish Cultural Center, sa Sunset District, in aice na farraige i San Francisco, idir Dé hAoine, 22 Meán Fómhair agus Dé Domhnaigh, 24 Meán Fómhair mar go mbeidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta ar siúl ansin den ochtú bliain as a chéile. Is í Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, a chuir tús leis an chúrsa seo sa bhliain 1999 agus tá an-rath air ó shin i leith. Bhí Liam Ó Cuinneagáin ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i láthair ag an chéad deireadh seachtaine sin agus tá ceangal ag a eagraíocht siúd leis an imeacht go fóill.

Bhí sé de phléisiúr ag an scríbhneoir seo bheith i láthair ag an chúrsa faoi dhó go dtí seo agus beidh mé ar ais arís i mbliana, ag múineadh an ardranga, mar is gnách. Bíonn suas le cúig dhuine dhéag sa rang áirithe sin agus bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu. Ba chúis iontais dom féin an chéad uair a mhúin mé an rang sin go raibh cainteoirí líofa ag freastal air nach raibh ach seachtain nó dhó caite acu in Éirinn riamh: daoine mar Galt Barber agus Micheál Robinson, agus, gan amhras, Nikki í féin.

Rugadh Nikki i nGlendale, California agus chaith sí cuid dá hóige i gceantair Los Angeles agus San Francisco. B’innealtóir é a hathair a bhí ag obair leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta Bechtel’s agus thug a chuid oibre thar lear é go háiteanna éagsúla agus Nikki ag éirí aníos, an Iodáil agus an Ghearmáin ina measc.Bhí Nikki sna tríochaidí sular chuir sí suim sa Ghaeilge ar dtús. Bhí sí ag cur fúithi i Londain ag an am agus ba mhinic daoine ag fiafraí di cén áit in Éirinn arbh as í de bhrí go raibh cuma Éireannach uirthi, dar leo. Chinn sí ar chuairt a thabhairt ar Éirinn sa deireadh, i gcuideachta cara dá cuid. Mar a dúirt sí liom in agallamh a rinne mé léi do Beo! (Deireadh Fómhair 2002):

“Chaith muid trí seachtaine in Éirinn agus chuala mé an Ghaeilge ansin den chéad uair, ar an Cheathrú Rua. Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm. Bhí mé brónach agus muid ar ár mbealach ar ais go Sasana, bhí mo chroí trom. Bhí na mothúcháin ní ba láidre ná ba cheart dóibh a bheith. Chuala mé an ceol agus an sean-nós chomh maith le linn an turais sin agus bhí mé tógtha leo ón nóiméad sin.”

Nuair a chuaigh sí chun cónaithe i Meiriceá arís, ní raibh mórán deiseanna ag Nikki an Ghaeilge a labhairt agus sin an fáth gur chuir sí tús leis an Deireadh Seachtaine Gaeltachta. D’éirigh go geal leis ón tús agus is minic a bhíonn liosta feitheamh ann d’áiteanna ar an chúrsa.

Tá a comhlacht féin ag Nikki, One Source Graphics (www.onesourcegraphics.com), a bhunaigh sí le cara dá cuid, Sandy Neal, i 1993, ach ní duine í a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair, mar a dhéanann go leor daoine sna Stáit Aontaithe. Le cois na Gaeilge, tá an-suim ag Nikki sa cheol agus san amhránaíocht. Is ball an-ghníomhach í de le Chraobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall de bhlianta agus, mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin (agus Chraobh West Region), tá sé mar sprioc aici cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.

Ach ní ag éisteacht leis an cheol amháin a bhíonn Nikki – is ceoltóir agus amhránaí sean-nóis í féin a bhfuil albam, Seansaol na hAislinge, eisithe aici. Tá amhráin as gach cearn d’Éirinn le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo, mar aon le poirt thraidisiúnta á seinm ag a dlúthchairde Galt Barber (fidil, guth), Janet Herman (bainseo, feadóg stáin, guth) agus Micheál Long (giotár).

Ní raibh deis ag Nikki an t-albam seo a sheoladh in Éirinn go fóill ach tá sé beartaithe aici é sin a dhéanamh nuair a bheidh sí i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair. Ach ní ar mhaithe leis an seoladh a dhéanamh amháin atá sí ag teacht go Baile Átha Cliath – beidh sí san ardchathair ar feadh deich lá ag léamh lámh daoine, ceird a bhfuil sí ag plé léi le blianta fada. Is éard a deirtear san ábhar bolscaireachta don “Hand Analysis Intensive” seo ná:

“Learn what your hand shape, palmar lines, and finger prints reveal about who you are, what makes you do what you do, and what will help you to experience more fulfillment and purpose in your life.”

céim ag Nikki ón International Institute of Hand Analysis agus bhí sí ar dhuine den dream a bhunaigh an t-irisleabhar Hand Analysis Journal. Tá na mílte lámh léite aici le fiche bliain anuas, ach ní dhearna sí seisiún trí mheán na Gaeilge go fóill. Deir sí go mbeadh suim aici a leithéid a dhéanamh agus í i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.

Is cinnte go mbaintear barraíocht úsáide as an fhocal “ildánach” ach is focal é atá deacair a sheachaint i gcás Nikki Ragsdale: amhránaí sean-nóis, ceoltóir, dearthóir grafach agus léitheoir lámh.

Tá eolas le fáil mar gheall ar an Deireadh Seachtaine Gaeltachta ag:

www.grafxsource.com/Gaeilge/DeireadhSeachtaine.html

Tá eolas le fáil faoin dlúthdhiosca Seansaol na hAislinge ag:

www.nikkilynnragsdale.com

Chun níos mó eolais a fháil faoi léamh lámh, téigh go:

www.knowthyself.name

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.