Nuair a bhí Richard Archibald ag éirí aníos i mBaile Monaidh, Contae Aontroma ní raibh eolas ar bith aige ar an Ghaeilge, ach thosaigh sé a fhoghlaim fúithi agus é ag déanamh taighde ar an Ultais agus anois tá sé an-tógtha leis an teanga.
“Ach, cad chuige a bhfuil tú ag foghlaim na Gaeilge?” Cuireann daoine an cheist sin orm i gcónaí nuair a fhaigheann siad amach gur as Baile Monaidh mé. Is baile beag é Baile Monaidh atá in aice le cósta álainn Aontroma thuaidh agus d’fhéadfá a rá gur ceantar stóinseach é. “Níl mé cinnte” an freagra fírinneach ach déanfaidh mé iarracht an scéal a mhíniú anseo. Nuair a bhí mé óg, bhí mé fiosrach faoin chineál teanga a bhí i mbéal phobal Bhaile Monaidh. Níor thuig mo chairde scoile mé agus mé ag caint faoi “thunner plumps” (ó “plimp thoirní”, ach faoin bháisteach féin a bhíonn muidne ag caint sa chás sin) nó ag fiafraigh díobh “Whur’ ye fae?” Bhí mé cinnte go raibh teanga eile ann roimh an Bhéarla agus thosaigh mé a chuartú an idirlín nuair a chuaigh mé chun na hollscoile i nDún Éideann. An chéad rud a fuair mé amach ná gur “Ulster Scots” an t-ainm a bhí ar an chineál teanga a bhí á labhairt i mBaile Monaidh. Ní bheidh mé ag rá anseo cé acu teanga nó canúint í an Ultais – níl mé ach ag rá go bhfuil daoine ag labhairt mar sin agus gur rud difriúil é. Dúradh ar go leor suíomh gréasáin go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais agus spreag sé seo suim sa Ghaeilge ionam.
Bhí mé tuairim is fiche bliain d’aois nuair a thosaigh mé a chur suim mhór sa Ghaeilge. Caithfidh tú a thuiscint nach bhfaca mé focal ar bith Gaeilge roimhe sin agus shíl mé go raibh an teanga marbh. Bhí mé ar mo chamchuirt idirlín nuair a tháinig mé chuig an suíomh gréasáin Blas, atá ag BBC Thuaisceart Éireann, agus thosaigh mé a fhoghlaim na teanga leis an tsraith "Giota Beag". Shíl mé nach n-éistfinn ach le cúpla clár agus go mbeinn sásta ach, roimh i bhfad, bhí mé an-tógtha leis an teanga. Agus cé go raibh mé idir dhá chomhairle mar gheall ar na fochialla follasacha polaitiúla sna laethanta luatha seo, thosaigh mé ag amharc ar an Ghaeilge sa deireadh mar theacht abhaile teanga – tá go leor focal ón Ghaeilge inár gcaint féin, tá an ghramadach ag dul i gcion orainn go fóill agus bhraith mé go raibh sé furasta go leor í a fhoghlaim ón tús.
Ceist eile a chuirtear orm go minic ná “Cad é mar atá tú ag foghlaim na Gaeilge?” Bhuel, déarfainn gur tús iontach maith a bhí sa tsraith “Giota Beag” mar go raibh an bhéim ar an chomhrá inti. Ina dhiaidh sin, cheannaigh mé Now You’re Talking agus ba é seo an cúrsa a chuir tús le mo dhianstaidéar ar an Ghaeilge.
Bíonn a sáith iontais ar dhaoine nuair a chloiseann siad nár fhreastail mé ach ar chúrsa amháin Gaeilge (ranganna ar feadh lá amháin i nGlaschú), i rith an tsamhraidh seo caite. Creidim féin go bhfuil leibhéal réasúnta bainte amach agam. Ní bhíonn mórán deiseanna agam mo chuid Gaeilge a chleachtadh anseo i nDún Éideann nó sa bhaile i mBaile Monaidh agus sílim gurb é an t-idirlíon an fáth go bhfuil mé ábalta labhairt le daoine. Is acmhainn iontach é; tugann sé deis do dhaoine nach dtig leo taisteal chun na Gaeltachta nó a mbeadh cineál scátha orthu dul chuig imeachtaí Gaeilge sna sé chontae an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh. Bím féin ábalta scríobh chuig foghlaimeoirí eile ar fud an domhain trí na liostaí ríomhphoist agus ríomhchláracha mar Messenger agus ICQ. Má tá Skype agat, thig leat a bheith ag caint le daoine, fiú. D’fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
Tá súil agam go bhfuil spreagadh tugtha agam do dhaoine atá ag streachailt leis an Ghaeilge ina n-aonar. Is féidir leibhéal maith cumais a bhaint amach, fiú má shíleann tú go bhfuil tú scartha amach ón Ghaeilge. Má bhí mé ábalta a thaispeáint anseo go bhfuil an Ghaeilge agus an Ultais comhlántach, is rud maith é sin fosta.
Tá Richard Archibald i mbun dochtúireachta sa mhatamaitic in Ollscoil Dhún Éideann faoi láthair.