Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.
»»»Bhuail Diarmuid Johnson le bean mhór le rá a raibh lámh aici i stair cheoil na hÉireann agus a raibh suim dá réir aici. Bhuail sé le fear beag le rá chomh maith ag an am céanna.
»»»Tá a fhios againn cérbh é Máirtín Ó Direáin ach bhí a mhacasamhail lastoir de Mhuir Mheann fágtha gan iomrá. Rinne Diarmuid Johnson iarracht an ceart a roinnt le fear díobh ar na mallaibh.
»»»Bíonn airnéis siúlach, mar a thuigeann Diarmuid Johnson go maith tharla gur thaistil sé féin trasna teorainn na Gearmáine le seanuaireadóir a cóiríodh sa bPolainn a bhailiú.
»»»Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.
»»»Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig. Cén t-ionadh a bhí air nuair a chonaic sé roimhe an chéad oíche amhrán Phádraig Uí Mhileadha, cóirithe i bhfráma.
»»»Bhí an World Music Exposition i bpríomhchathair na Breataine Bige, Caedydd, faoi Shamhain i mbliana. Bhí lucht ceoil an domhain i bpáirt. Céard a bhí le feiceáil ‘s le cloisteáil ann? Bhí Diarmuid Johnson i measc na dteachtaí thar ceann Beo.ie.
»»»Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.
»»»Chomh maith le teacht ar an gcéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge sa mBreatain Bheag, tháinig Diarmuid Johnson ar chainteoirí Gaeilge na Breataine Bige féin a bhfuil sí mar ateanga acu.
»»»Más lag lúbach an teanga seo mar a labhraítear in Éirinn í, ghlac Diarmuid Johnson misneach ón saibhreas agus ón gcruinneas urlabhra a mhothaigh sé i dTrier na Gearmáine an mhí seo caite.
»»»Chuir Diarmuid Johnson aithne ar choimhthíoch sa nGearmáin a tháinig aneas as an Afraic. Comhrá binse i bhfaiche ollscoile a thosaigh an cairdeas.
»»»Snámhann bá an duine le teanga trasna teorann de réir mar a shnámhfas a intinn. Bhí Diarmuid Johnson i gcomhluadar a bhí ag bíogadh amach as na teanga mórchúiseacha ar na mallaibh.
»»»Aithníonn an dream siúlach a chéile. Chuir Diarmuid Johnson aithne na léitheoireachta ar Pholannach iontach a shiúil ó cheann ceann na hAfraice agus ar ais le cuidiú seanrothair.
»»»Tá tochas ardáin ag teacht ar Dhiarmuid Johnson tharla gur bhuail fear siúlach rac-cheol isteach san oifig aige lá amháin agus cén fáth nach siúlfadh sé uaidh ‘as seo don tír anonn.’
»»»Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.
»»»Fear inste scéil é Diarmuid Johnson, is beag nach bhfuair sé bás ar son an dea-bhéasa ar Oileán na Meala faoi Nollaig tamall de bhlianta ó shin.
»»»Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn dar le Diarmuid Johnson. Ar íor na spéire as a theach sa mBreatain Bheag a chonaic agus a thuig Diarmuid gné bheag eile d’Éirinn.
»»»Le barr spéise sa Chorsaicis agus i scéal na teanga a thapaigh Diarmuid Johnson a dheis le cuid de shaol an oileáin a bhlaiseadh.
»»»A Rí na bhfeart, tá Diarmuid Johnson tar éis litir a scríobh chuig rí saolta na Rómáine faoina fhidil, fidil an rí, atá ar buanchoimeád in Iarsmalann sa bPolainn.
»»»Tá beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.
»»»Cheistigh Diarmuid Johnson é féin, cén fáth a raibh triúr Éireannach i dtacsaí a chosain na céadta euro idir Beirlin agus an Baile gan Baiste?
»»»An cineál saoil a d’éalaigh ar throigh gan tuairisc as tíortha go leor ó lár an chéid seo caite le meath na dtithe ceann tuí, tá sé beo bisiúil go fóill sa Rómáin dar le Diarmuid Johnson.
»»»D’fhreastail Diarmuid Johnson ar ócáid cheoil sa mBreatain faoi Nollaig. Láimh le baile Oswestry ar thaobh Shasana den teorainn, is seanamhráin Bhreatnaise a bhí á rá, agus is cainteoirí dúchais Bhreatnaise ón áit a bhí sna hamhránaithe.
»»»Le linn dó a bheith sa Rómáin, thug na daoine bronntanas do Dhiarmuid Johnson a chuir iontas agus áthas air.
»»»Chaith Diarmuid Johnson oíche Nollag i measc daoine gan dídean i bPoznań na Polainne bliain go ham seo.
»»»Boladh na staire agus an tslada a fuair Diarmuid Johnson ar a chamrian trí Dubrovnik, Mostar agus Sarajevo. Chonaic sé lorg na bpiléar agus chuala scéalta an bháis.
»»»Bhí ar Dhiarmuid Johnson blaisín ama agus smailcín baklava a mheilt i mBúdaipeist ar a bhealach anoir as an Rómáin. Níor chaill sé tada leis an moill.
»»»Préachadh, pócaí folmha agus faoiseamh an cheoil. Sin an méid a fuair Diarmuid Johnson as turas go Tuszyn na Polainne leis an mbanna ceoil, JRM.
»»»Ag taisteal na hEorpa dó le trí bliana anuas, casadh daoine spéisiúla go leor ar an scríbhneoir Diarmuid Johnson. Seo í an chéad mhír uaidh faoina chuid eachtraí sa bPolainn, agus i dtíortha nach í.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.