AR NA SAOLTA SEO
Gaeltacht Aberystwyth agus Foclóir Nua
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Chomh maith le teacht ar an gcéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge sa mBreatain Bheag, tháinig Diarmuid Johnson ar chainteoirí Gaeilge na Breataine Bige féin a bhfuil sí mar ateanga acu.

Íomhá
Leathanach sa bhfoclóir nua Breatnais-Gaeilge
Íomhá
Éalú Gruffydd ap Cynan
(le T. Prytherch ar Vicipéid)
Íomhá
Bratach na Breataine Bige
(le Tobias Jakobs)
Íomhá
Comhartha sean-nascanna, an t-ogham sa mBreatain Bheag

Roimh ré seo na himirce móire, samhlaítí teanga le fód dúchais ar leith, agus is ar bhfód sin a labhraítí í. Lenár linn féin, tá an scéal in aimhréidh a bheag nó a mhór. Ar ndóigh, tá an Spáinnis i nDeisceart Mheiriceá agus an Fhraincis i dtuaisceart na hAifrice le fada, ach ní móide go raibh oiread teangacha á labhairt san iasacht riamh sa saol ‘s atá anois. Más Polannais atá uait, déanfaidh Chicago nó Londain cúis chomh maith le Vársá, agus más í an Arabais is spéis leat, b’fhéidir go mb’fhearr duit Páras ná Cairo. Maidir leis an Nua-Eabhrais, tá sí le cloisteáil san Eoraip anois don chéad uair ó cumadh í mar theanga. Agus ó thaobh na Gaeilge de, má tá craobh den chrann i mBoston, ní bréag a rá go bhfuil bláth ar an sceach anseo sa mBreatain Bheag.

Tá anois agus bhí fadó. Le linn an chéid seo caite, aimsíodh os cionn scór cloch Oghaim sa mBreatain Bheag. Bhí ceann acu san eaglais i Llanwenog, Ceredigion, láimh leis an teach cónaithe a bhí againn féin tráth. Tá ceann eile i Nevern, baile i Penfro a luaitear le Brechan, naomh a bhfuil cuimhne air sa logainm Cill Bhriocáin i Ros Muc. Má bhí Gaeilge sa mBreatain Bheag aimsir Phádraig agus Choilm Cille, tá seans go raibh sí sna háiteacha a dtugtar Trewyddel orthu ̵ Baile na nGael.

Iasachtaí Fáin agus Gaeilge na hÁite

Sa dara haois déag, le linn do Gruffydd ap Cynan a bhí ina thaoiseach i Gwynedd, bhí trácht lucht éigse agus lucht ceoil anall ó chúige Laighean, agus níos faide anall, aimsir an Drochshaoil casadh Gaeilgeoirí ar an bhfear siúil George Borrow sna sléibhte. (’We call ourselves tinkers,’ arsa bean díobh leis. ‘Bi-do-hosd,’ arsa a fear.) D’fhan roinnt focla Gaeilge sa mBreatnais, go mór mór sa tuaisceart. An focal ‘joch’ ciallaíonn sé ‘bolgam’. Chuala mé an focal ‘mwnci’ i mBreatnais ar chuid de bhéalrach capaill, is é sin ‘muince’ na Gaeilge.

Ach ní iasachtaí fáin mar sin a bhíonn le cloisteáil ar shráideanna Aberystwyth sa lá atá inniu ann. Maidin Dé Sathairn, ní hannamh comhrá Gaeilge san áit a bhfuil an Bhreatnais agus an Béarla chomh maith. Tá baint nach beag ag coláiste na hollscoile leis sin ar ndóigh. Is ar an mbaile seo a scríobh Caerwyn Williams Traidisiún Liteartha na nGael i mBreatnais, chomh maith le Storïau ac Ysgrifau Pádraig Ó Conaire, aistriúchán ar shaothar Shean-Phádraig. I measc na nGaeilgeoirí eile a chuir comaoin ar an traidisiún céanna bhí Proinsias Mac Cana, cuir i gcás. Ach ní hionann leabharlann dá fheabhas agus Gaeltacht dá laghad. Agus más féidir Gaeltacht a thabhairt ar an áit a bhfuil dhá theach Ghaelacha buailte lena chéile, ní bréag a rá go bhfuil a leithéid an taobh seo den chuan. Ní iontas ann féin é sin b’fhéidir, ach tarlaíonn sé sa gcás seo nach Éireannaigh atá sa dá theach sin ar chor ar bith. Ní hea, ach Breatnaigh.

Saothar Mór Joe Mitchell, an Foclóir Breatnais-Gaeilge

Duine díobh sin, fear dúthrachtach séimh, tá blianta maithe caite aige ag cur an chéad fhoclóir Breatnais-Gaeilge i dtoll a chéile. Tá dréacht iomlán aige feasta ag Joe Mitchell, múinteoir seal dá shaol, tiománaí veain na leabharlainne anois i gCo. Ceredigion. Ag grinneadh profaí an fhoclóra a bhí muid an tseachtain seo caite.

“Cén Ghaeilge atá ar ‘goresgyniad’?” a deir sé liom

Ionradh,” arsa mise.

“Níl sé ann!” arsa Joe.

“Cuir ann é!” arsa mise.

“Ach tá ‘iomramh’ ann.”

“Go maith.”

Tá foclóir Breatnais-Gaeilge i riocht a fhoilsithe anseo in Aberystwyth más ea. Cén chaoi a bhfuil an scéal maidir le foclóir maith Béarla-Gaeilge in Éirinn? Scéal fada ar an easpa! Níl aon mheas ar fhoclóir Gaeilge ach rud atá i bhfad as dáta. Ach fanaimís sa mBreatain Bheag go fóill nó beidh sé ina sceanairt anseo ...

An Athghlúin le Gaeilge na Breataine Bige

Sa teach is gaire do thigh Joe Mitchell in Aberystwyth tá cónaí ar Felicity Roberts, bean a casadh dom ar chúrsa Gaeilge do Bhreatnaiseoirí bliain sa Spidéal agus bliain i gCill Chiaráin i dtús na naochaidí. Labhraíonn Joe agus Felicity Gaeilge lena chéile. Ach ní mar gheall ar chomhrá beirte a thabharfainn Gaeltacht ar an dá theallach. Ní hea, ach tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha a labhraíonn Joe lena chlann féin chomh maith. Duine díobh sin, Tomás, bhí sé ag obair i siopa leabhar Ystwyth ar an mbaile i rith an tsamhraidh, agus nuair a chonaic sé an doras isteach mé, is i nGaeilge a bheannaigh sé dom.

Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim. Is de theangacha na cruinne an Ghaeilge. Is de Ghaeltacht na cruinne ar fad sinn.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.