Bhí an World Music Exposition i bpríomhchathair na Breataine Bige, Caedydd, faoi Shamhain i mbliana. Bhí lucht ceoil an domhain i bpáirt. Céard a bhí le feiceáil ‘s le cloisteáil ann? Bhí Diarmuid Johnson i measc na dteachtaí thar ceann Beo.ie.
Má tá dhá ní ann a thóg na Breatnaigh tar éis bhunú an tSeanaid i 1999 le haird an tsaoil a tharraingt ar an tír, sin iad an Milennium Stadium don rugbaí agus Canolfan y Mileniwm don cheol iad. Agus ón 23ú-27ú Deireadh Fómhair seo caite, bhí slua idirnáisiúnta san ionad sin nár facthas a leithéid riamh cheana ann. Is iad ceolta traidisiúnta an domhain a bhíonn faoi chaibidil i bhféile Womex, agus dá réir sin bhí léargas le fáil i rith na hócáide, an 13ú aonach ceoil Womex, ar iliomad cultúr ó cheithre chearda an domhain.
Ach thar tír ar bith is í an Pholainn is mó a chuaigh i gcionn ar chuid den slua. Bhuíon darb ainm an Janusz Prusinowski Trio a casadh dom féin. Bhí siad ar a mbealach abhaile tar éis turas Mheiriceá a thabhairt. Wild Music from the Heart of Poland ab ainm don cheirnín a bhí siad a dháileadh in aisce agus cúig shampla fichead de cheol traidisiúnta na Polainne le cloisteáil air.
Cúlú an Cheoil
Sa seachtú haois déag, bhí cáil ar fud na hEorpa ar cheol na Polainne. Shiúil Telemann na Gearmáine bóithríní na tíre ar thóir an traidisiúin. Scaip an polka agus an mazurka ar fud na hEorpa. Ach oiread le cultúr na nGael áfach, tháinig meath ar chultúr na Polainne de réir mar a mhéadaigh ar chumhacht na gcomharsan, ní Sasana sa gcás seo, ach an Phrúis, agus an Rúis. Chuir Napoleon an tír faoi chois chomh maith.
‘Tá rialtas na Polainne a’ rá leis na blianta nach bhfuil ceol traidisiúnta ar bith fágtha sa tír,’ arsa Eva Skalla, Sasanach de bhunadh na Polainne a bhíonn ag eagrú imeachtaí ceoil ar fud an domhain. ‘Ach ní fíor dóibh,’ ar sí. ‘Tá féile ann anois ón mbliain 2010 áit a mbíonn na seancheoltóirí deiridh ag seinm leis an aos óg.’ Tá cuid mhaith de na seancheoltóirí sin le feiceáil ar an scannán Ostatni Wiejscy Muzykanci (Na Ceoltóirí Tuaithe Deiridh) le hAndrzej Bieńkowski agus Monika Mencina. ‘Beidh an fhéile ann aríst mí Aibreáin seo chugainn,’ arsa Michał Żak, fliúiteadóir leis an Janusz Prusinowski Trio. ‘Bíonn an bhéim ann ar an mazurka,’ ar sé, ‘an traidisiún dúchasach agus an mazurka mar atá anois ar fud na cruinne’.
Is damhsa é an mazurka a mbíodh leagan de coitianta in Ėirinn ach oiread le tír ar ndóigh, agus de bharr an chóiriú a rinne Frederich Chopin ar chuid den traidisiún sa 19ú haois, tá eolas ar an damhsa céanna i saol an cheoil. Ach ‘is rud eile ar fad atá sa mazurka traidisiúnta,’ arsa Janusz Prusinowski. Mhínigh sé dom go mbaineann na seancheoltóirí cor agus casadh dá gcuid féin as an mbunábhar. Agus is rithim shleamhain a bhíonn leis seachas buillí dochta an phianó.
Toibreacha Dúchais Thall is Abhus
An gcastar an mazurka go forleathan sa bPolainn? ‘Mhair cultúr na ndaoine san áit ar leis an rí na tailte fós sa seachtú haois déag,’ arsa Janusz. San áit a raibh talamh phríobháideach ann, agus na tiarnaí talún i réim, bhí na daoine bocht dearóil agus iad ar beagán deise chun cultúir. Is i gceantar Radom i lár tíre ó dheas de Vársá is bríomhaire atá an traidisiún lenár linn féin. Is ann atá formhór na ngrúpaí. Ach tá rian den traidisiún sna sléibhte ó dheas de Kraków, sin agus soir ó dheas i dtreo Lublin agus Rzeszow. An beagán iarsmaí san iarthuaisceart i gceantar Białystok agus go deimhin i gcríocha na Liotúáine san áit a bhfuil mionlach Polannach beo leo ón tseanaimsir, ní ceart neamhaird a dhéanamh díobh, ach is léir gur le ceathrú an oirdheiscirt a bhaineann an traidisiún anois.
Is í an fhidil an phríomhuirlis don mazurka. Bíonn dord ag na ceoltóirí freisin, gléas ar déanamh an dordveidhil ach gan air ach beagán nótaí. Druma idir a dhá uillinn ag an drumadóir, agus triantán miotail i ngreim ann ag cuid acu le buillí géara a chur leis an monabhar domhain a bhíonn ag an dá uirlis tionlacain. Bíonn an bhéim chothrom agus an bhéim chorr ann, dhá rud a chuidíonn lena chéile de bharr go mbíonn siad ag tarraingt in aghaidh a chéile. Ligeann na ceoltóirí corr-liú áthais astu ó am go chéile, nó cuireann siad lúibíní cainte leis an gceol de réir mar a bhualann an fonn iad. Ach déanann feiceáil fírinne, agus is fearr an chéad éisteacht ná an dara tuairisc. Trí nod más : Józef Zaraś, Józef Kędzierski, Jan Gaca. Tá siad ar an idirlíón. Agus suíomh na féile: www.festivalmazurki.pl.
An rud atá ag tarlú sa bPolainn anois, is ionann é nach mór agus an rud a tharla nuair a cuireadh na fleánna ceoil ar bun in Éirinn faoi choimirce Chomhaltas Cheoltóirí Éireann sna 1950í. Bhí toradh céatach ar obair an Chomhaltais. ‘Beidh ceol na Polainne ag teacht i gceist anois go ceann blianta beaga,’ arsa Eva Skalla liom tar éis fhéile Womex, ‘ach tá práinn leis, mar is gearr eile a mhairfeas na seancheoltóirí’.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.