Chuir Diarmuid Johnson aithne ar choimhthíoch sa nGearmáin a tháinig aneas as an Afraic. Comhrá binse i bhfaiche ollscoile a thosaigh an cairdeas.
An chéad suí a rinne mé ar an mbínse, is i m’aonar a bhíos. An dara suí, bhí duine eile ann romham. An samhradh timpeall orainn, agus trácht dhíograiseach na hollscoile ar an bhfaiche.
“Níl a fhios agam céard a dhéanfas muid,” a deir mo leathbhinseoir.
D’fhéach mé go cliathánach ar an stráinséara gan siolla a rá.
“Dá mbeadh an t-airgead agam, cheannóinn laptop agus dhéanfainn mo bhealach.”
D’fhan mé feín i mo thost, ach bhí tús comhrá déanta…
Is scéal casta go leor atá sna staidrimh a bhaineann le cúrsaí daonra agus imirce sa nGearmáin le blianta beaga anuas. De réir dhaonáireamh na bliana 2011, is amhlaidh a tháinig laghdú beag ar líon na ndaoine atá ina gcónaí sa tír. Agus tá oirthuaisceart na tíre i bánaithe gceantar Bhrandenberg. Ach le dhá bhliain anuas ó 2011 i leith, tá forás suntasach ar thrácht na himirce thar teorainn na Gearmáine isteach. Leathchéad bliain ó shin, tháinig na chéad Gastarbeiter ón Tuirc le dlús a chur le hatógáil na tíre tar éis an chogaidh. Faoin am seo, de bharr ghéarchéim an airgid san Eoraip, níl lá san aer, de réir cuid de na staidreamh, nach dtagann míle duine nua go dtí an Ghearmáin. Tá innealtóirí ann ón nGréig, teicneoirí ón Spáinn, dochtúirí ón Iaráin, fiaclóirí ón bPolainn, múinteoirí agus spailpíní ón Afraic ar thóir oibre agus feabhas saoil.
An Comhrá Binse
“Níochán carrannaí,” a deirimse ar deireadh.
“Níochán carrannaí?” a deir mo dhuine agus na súile ag leathadh air.
“Caith mí ag níochán carrannaí. Nuair a bheas míle Euro agat, ceannóidh tú do laptop.”
Bhí tost beirte arís ansin ann, ach ní tost gan tuiscint a bhí ann.
“B’fhéidir go bhfeicfidh mé anseo arís thú,” a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht.
“Slán go fóill.”
Céad bliain ó shin agus tuilleadh, nuair a bhí méadú rómhór ar dhaonra na hEorpa, agus gan teacht ag na daoine ar a ndóthain bia dá mbeadh an bhliain go dona, thug na mílte aghaidh ar Mheiriceá ag súil le faoiseamh. Chuathas thar toinn anonn ó Smøland na Sualainne, ó Chorcaigh, ó Learpholl agus Bristol, ó Napoli na hIodáile ó Rotterdam agus ó Amsterdam na hÍsiltíre. Agus má bhí na mílte ón Rheinland ar an mbád bán chomh maith, ní tír le tréigean atá sa nGearmáin lenár linn féin ach tír le triall uirthi, ach oiread le Meiriceá fadó. Ach fan go fóill...
An chéad uair a d’fhill mé ar an mbínse, ní raibh deoraí romham. An dara huair, bhí beirt óg i mbaclainn a chéile ann. An tríú huair cé a d’fheicfinn ann ach mo leathbhinseoir féin arís. Shuigh mé fúm.
“Cén scéal?” a deirim.
“Ocht gcéad!” arsa seisean.
“Ocht gcéad Euro?”
“Ocht gcéad Euro.”
“Is gearr go mbeidh leat.”
D’inis sé a scéal féin dom an lá sin. Rud a shíl mé, bhí cúrsaí visa ag cur as dó. Jean-Laurent a thug sé air féin. As Benin na hAfraice, tír bheag réasúnta deisiúil idir Mali agus Burkina Faso. É féin agus a bhean sa nGearmáin le beagnach trí mhí. Iad ag súil le páiste. Múinteoir matamataice a bhí ann féin más fíor. Agus ansin a shainphaidir arís:
“Níl a fhios agam céard a dhéanfas muid. Níl focal Gearmáinise ag mo bhean.”
An Cuireadh
Duine ar bith atá ag iarraidh cur faoi sa nGearmáin agus slí bheatha a bhaint amach ann, caithfidh sé a dhul faoi scrúdú Gearmáinise. Níl cead ag duine obair sa tír go hoifigiúil, agus tairbhe a bhaint as an gcóras leasa shóisialaigh, gan a chion féin den teanga a mháistriú. Tá gréasán maith scoileanna teangan i mórán gach uile bhaile sa tír a dhéanann an obair theagaisc, rud a chuidíonn le leithéidí Jean-Laurent agus a bhean titim isteach le saol na tíre.
“B’fhéidir go dtiocfá ar cuairt chugainn,’ arsa sé féin ansin,
Ní rud fánach a bhí ina leithéid de chuireadh.
“Tá Fraincis agat. Beidh tú in ann labhairt le mo bhean,” ar sé.
Bhí mé idir dhá chomhairle anois. Shíl mé gurbh fhearr a chur ar a shúile dó go bhfuil ionad fáilte agus freastail i mBonn do na himirceánaigh. Migrapolis a thugann siad air. Fear fuinniúil, flaithiúil darb ainm Michael Schneider atá i mbun na háite. Cuireann an fhoireann comhairle ar na daoine ina dteanga féin faoi chóras na Gearmáine agus faoi chúrsaí páipéarachais. D’fhéadfainn é sin a rá leis anois díreach. Nó é a rá leis sa teach dá nglacfainn leis an gcuireadh.
An Cinneadh
Is é deireadh an scéil go ndeachaigh mé ar cuairt an oíche Mháirt dár gcionn ar Jean-Laurent, múinteoir matamataice as Benin, agus ar a bhean Miriam in árasán beag i gceantar Tannenbusch, Bonn. Réitigh siad couscous dom, agus bhí mairteoil bhlasta faighte acu le cur leis na meacna agus leis na hoiniúin. Cuireadh dhá bhuidéal beorach ar an mbord. Bhí Miriam seacht mí agus gan uaithi ach uisce.
Ach bhí an cinneadh déanta acu sular tháinig mé ar chor ar bith. Na hocht gcéad Euro a shaothraigh Jean-Laurent ag níochán carranna, bhí ticéid ceannaithe aige leis le dul ar ais go Benin.
“Tiocfaidh an páiste ar an saol sa mbaile,” arsa Miriam.
“Feicfidh muid linn ansin aríst,” arsa sé féin.
Sin mar a bhí. Uair ar bith feasta a théim thar an mbínse úd, smaoiním ar mo bheirt charad ón Afraic. Ní bhfuair mé scéal ar bith uathu ó d’imigh siad. Tá na mílte eile mar iad ag bualadh ar dhoirse na hEorpa gach uile lá beo.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.