Bhí ar Dhiarmuid Johnson blaisín ama agus smailcín baklava a mheilt i mBúdaipeist ar a bhealach anoir as an Rómáin. Níor chaill sé tada leis an moill.
An dara huair a tháinig mé anoir ón Rómáin chuig an Ungáir, is traein gan bhuidéal uisce a bhí fúm. Bhí sí ar thraein chomh compordach ’s a bhí fúm le fada: pasáiste leathan, fuinneoga breátha ar an dá thaobh ionas go raibh feiceáil ar spéir agus ar thalamh i rith an ama. Rud ab fhearr fós, seachas dhá shuíochán ar aghaidh a chéile mar is iondúil, bhí péire agus ceann, rud a d’fhág go raibh áit na gcos ann le haghaidh duine spágach. Ach is traein gan siopa a bhí ann. Traein gan uisce. Agus is turas ocht n-uaire an chloig é ó Alba Iulia go Búdaipeist. Nuair a shroich muid teorainn Na hUngáire, sheas an traein, tháinig ceathrar gardaí ar bord, agus ba léir go mbeadh tamall moille ann. Amach liom.
Bhí machairí míne na hUngáire ag síneadh ó thuaidh agus ó dheas ar feadh na síoraíochta. In aice leis an stáisiún beag seo, bhí seacht nó ocht gcinn de thithe mar a bheadh curachaí ar an trá. Ach siopa ní raibh le feiceáil. Chuir mé ceist ar fhear an chaipín ar an ardán. Gearmáinis ab fhearr sa gcuid sin den Eoraip. Wasser, wasser kaufen? Arsa mise. Chuir fear an chaipín tochas ina cheann. Shín méar. Labhair teanga cianársa na hUngáirise. ‘Cén uair a bheas an traein ag imeacht arís?’ arsa mise leis i nGaeilge. Agus thaispeáin mé na deich méar dó. Zehn Minuten? Leath an dá shúil air beagán. Chomharthaigh sé lena leathlámh dom. ‘Five, five!’ Ba leor cúig nóiméad le huisce a cheannach ar theorainn na hUngáire, ach airgead na tíre a bheith ag duine. Fadó roimh aimsir an Euro, chaitheadh duine a chuid francs agus Deutchmarks agus lira a choinneáil i sparáin ar leith ar a thaisteal dó. Is amhlaidh fós in oirthear na hEorpa. Má bhí leu na Rómáine ídithe agam, tharla freisin go raibh tuairim agus 3,000 do florins na hUngáire agam, rud ab ionann agus thart ar 15 Euro. Is gearr go raibh mé féin agus leathbhuidéal uisce ar an mbealach go Búdaipeist agus milliún acra de lus na gréine ag rince agus ag scairteadh timpeall orainn.
Moill ar an Deifir
B’annamh do dhuine gan imní a bheith air faoi rud éicínt. Imní an uisce ar ball. Imní an ama anois. De réir an eolais a bhí ar mo bhileog, ní raibh agam i mBúdaipeist idir an traein ón Rómáin isteach agus an traein go Prague amach ach…dhá nóiméad déag. Ach is minic imní ar dhuine in aisce freisin. Nuair a shroich muid Búdaipeist, chaith mé léim den traein mar a bheadh giorria óg go mbreathnóinn ar an gclár ama. Moill ar an traein go Prague. 40 nóiméad. Lig mé osna. Agus má bhí an tart múchta ag an uisce, thuig mé an nóiméad sin go raibh mo bholg an geonaíl leis an ocras.
Tá bialann sa stáisiún i mBúdaipeist a bheadh ina iarsmalann i dtír eile, nó ina château nó b’fhéidir ina halla ceoil. Bhí fear umhal, béasach romham sa doras. Léine chorcra air agus veistín dubh anuas uirthi. Thug sé chun boird mé. Bhí airde dhá stór sa tsíleáil, agus colúin mhaorga fúithi. Marmar a bhí san urlár. Bhí scátháin mhóra ar na ballaí agus frámaí óir orthu. ‘Goulash!’ arsa mise agus sracfhéachaint tugtha agam ar an mbiachlár. Nuair a bhí an dara pláta goulash ordaithe agus ite agam, agus an darna pláta lite, thug mé aghaidh amach ar na hardáin arís. Tuilleadh moille ar an traein. Leathuair eile.
Ficheall agus Baklava
Ach oiread le stáisiúin go leor, tá cosúlacht ag stáisiún Búdaipeist le linn snámha. Lánaí díreacha, agus fear feadóige réidh leis an rása a thosaí. Ní fear feadóige a bhí ag ceann gach ardáin i stáisiún Budpest áfach, ach fear agus cluiche fichille aige, an clár leagtha anuas ar an mballa íseal aige. Ag fanacht le custaiméirí a bhí lucht na fichille. ‘Ficheall!’ arsa mise liom féin. ‘Nach bhfuil leathuair agam!’ An fear ba ghaire dom féin, bhí airde mhór ann, hata stetson ar a cheann, agus croiméal a bhféadfadh duine a chóta a chrochadh air. Bhí glinniúint ina dhá shúil. ‘Non habeo pecunia’ arsa mise i Laidin – ó tharla an fonn sin orm. Agus ansin i gcanúint Ros Muc: ‘Aidh haff noh mainí’. Rinne mo dhuine beag is fiú den ‘no money’. Sháigh mé mo láimh go bun póca, agus chaith glaic soinseála sna seacht gcineál airgid síos ar an bpláta a bhí aige. Thosaigh an imirt. Ní móide go bhfuil cead in áit phoiblí, san Ungáir féin, glacadh le geall gan cheadúnas. Agus dá réir sin, is táille a bhí íoctha agam le himirt, cuma cén toradh a bheadh ar an gcluiche. Ní bréag a rá gur imir mé féin go dona. Ach má d’imir féin, faoin am a raibh mo rí bocht sáinnithe ag fear an hata, bhí fógra le cloisteáil go mbeadh traein Phrague istigh faoi cheann deich nóiméad. ‘Go raibh mile maith agat,’ a deirim le mo chéile fichille agus chas mé ar mo sháil.
In aice leis an mBureau de Change céard a d’fheicfinn ach bia na Tuirce á dhíol. Agus focal draíochta le léamh sa bhfuinneoigín: baklava. Rith an t-uisce le mo chuid fiacla. Sháigh mé crúb sa dara póca agus d’aimsigh bonn 500 florin go huaigneach thíos ann. Bíonn taos baklava chomh tanaí le páipéar, é ar maos i mil leáite, agus cnónnaí meilte spréite ar a bharr. Deich nóiméad dár gcionn bhí mé i mo shuí sa traein, an dá phláta goulash ag cur suain orm, an baklava ag leá i mo bhéal, mo chuid fichille imeartha agam le fathach fir sa domhan thoir, agus mé ag tabhairt aghaidh ar chathair aoibhinn Phrág áit a raibh Sasanach darb ainm David Vaughan ag feitheamh liom le clár raidió a dhéanamh maidir le gnéithe de litríocht na Breatnaise. Agus rud eile, bhí tae agus uisce ar an traein seo. Is gearr gur thit támhnéal codlata orm.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.