CÚINNE NA nEALAÍON
Sliabh gCua 1913-2013
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig. Cén t-ionadh a bhí air nuair a chonaic sé roimhe an chéad oíche amhrán Phádraig Uí Mhileadha, cóirithe i bhfráma.

Chonaic mé cóip den amhrán A Sliabh Gheal gCua na Féile sa mBreatain Bheag anocht. É leagtha ar bhord, fráma air, é scríofa go slachtmhar, agus an scríbhinn seo a leanas in uachtar ar an mbileog: do Chór na bhFear, Blaenporth [Ceredigion] ó Chór Fear na nDéise, an 26ú Mí na Samhna 2013. Amhrán a chum Pádraig Ó Mileadha céad bliain ó shin in 1913 ar deoraíocht dó i Newport na Breataine Bige, cé mar a tharla dó san áit seo?

I dtús an scéil an chéad fhocal. Má tá tríocha bliain caite agam le ceird na filíochta, b’annamh gan seacht ngad eile le scaoileadh agam le mo linn. Ach d’imigh sin agus tháinig seo. I dtús na míosa ceapadh file teallaigh sa teach mór a dtugannn siad Rhos-y-Gilwen air. Mílte beaga ó bhaile Fishguard [Abergwaun]atá an áit. Agus ós mise an té a ceapadh, is liom tuilleadh den scéal a inseacht...

Mil na hÉigse le Dáileadh

Faoi Shamhain seo caite más ea, tharla ceol sa teach mór seo. Schubertiade an t-ainm atá ar a leithéid. Oíche de cheol Schubert i Vienna a bhí ina leithéid ó thús, ach is nós é atá réasúnta forleathan anois. Bíonn filíocht i gceist ar oícheanta dá leithéid. Agus bhí m’ainm féin ar an gclár an oíche áirithe seo le mil na héigse a dháileadh ar an bpobal idir dhá dhreas ceoil. Mo léan géar, caithfidh gur ar rudaí eile a bhí aird agam an lá sin, mar nuair a bhain mé ceann scríbe amach, thuig mé nach raibh leabhar ar bith de mo chuid féin i mo mhála thíos. An lucht éisteachta ag teannadh isteach agus mise i mo leibide gan leabhar.

Rud a thugaim liom an-mhinic áfach, mara mbeadh mórán tada eile liom agam, ná leabhar nótaí a bhféadaim smaointe fáin agus blúirí eolais a bhreacadh ann de réir mar is gá. Tráthach go leor, bhí an leabhar úd i mo phóca agam. Agus rogha mhaith dánta ann, dréachtaí is fíor, ach oiread ‘s a bhféadfaínn lón na hoíche a bhaint as. Ní raibh cúrsaí chomh dona ‘s a shíl mé. Ach chaithfinn beart a dhéanamh de réir na mbriathar.

Seachas oíche ar bith d’oícheanta an tsaoil, bhí lán a’ tí de lucht labhartha na Breatnaise tagtha i láthair don Schubertiade. Lán bus ba léir. Cór nó cumann ceoil agus iad ag tnúth le pianadóir den scoth a chloisteáil i gceann de na hallaí ceoil is aoibhne sa tír. Halla Rhos-y-Gilwen é sin, Neuadd y Dderwen, Lios Darach, é ar déanamh na n-áras a bhíodh ag uaisle na Breataine Bige seacht gcéad bliain ó shin. Crúcaí agus ursain ollmhóra darach, trí cinn os cionn a chéile, agus doirse gloine eatarthu ocht dtroithe ar airde. Llŷr Williams an pianadóir. Bhí ag seinm ceann de sonatas Franz Óig faoin am seo.

An Tost Fada ar Ardán

D’oscail mé mo leabhairín beag sa meathsholas i dtóin a’ tí. Tharla leathbhliain roimhe sin agus mé i mo shuí sa halla céanna ag éisteacht le ceol gur scríobh mé sliocht i mBreatnais in ómós d’áilleacht na háite. Sliocht sa meadaracht a dtugann siad an cywydd air – rud cosúil go maith le dán díreach na Gaeilge. Bhí an sliocht chéanna i mo leabhar nótaí anois. Ach cloisim an ceoltóir ag baint creshendo as an Steinway. Na nótaí deiridh ag dul i léig i gcroí na huirlise. Llŷr Williams ag éirí ina sheasamh agus é ag déanamh ar an doras faoi ghradam. Tá an slua ag ciúiniú arís, agus seo suas liom féin.

Mhol mé an halla i nglanBhreatnais ársa na mbard. Féile a’ tí, agus feabhas na háite. Ghuigh mé fad saoil ar lucht a riartha, bláth agus biseach ar a saothar. Nuair a bhí deireadh ráite agam, bhí tost ann. Is fada an tost dhá mheandar ar ardán. Chloisfeá na réalta ag glioscarnach. Dhá chéad osna ansin in aon osna amháin, agus bualadh bos a bhain creathadh as caolachaí darach an leasa. Nuair a bhí an slua scaipthe, d’ól mé deoch le fear a’ tí. ‘B’fhéidir go gcaithfeá seal inár measc i do bhard of residence,’ arsa seisean. (Céard a déarfadh an fear aniar ach ‘diabhal ar mhiste liom’.)

Sólás do Phádraig Ó Mileadha

Anocht an chéad oíche agam ar an teallach más ea. Tá cóip de Shliabh Geal Gua ar an mbord os mo chomhair:

Mo ghrása thall na Déise
Idir bhántaibh, ghleanntaibh ‘s shléibhtibh
Ó shnámhas anall thar tréanmhuir
Táim traochta lag gan bhrí.
Ach ó b’áil le Dia mé a ghlaoch as
Mo shlánsa siar le hÉirinn
Agus slán le sliabh na féile
Le saorghean óm’ chroí.

B’fhéidir gur sólás do Phádraig Ó Mileadha an t-amhrán deoraíochta a scríobh sé a bheith a rá arís céad bliain tar éis a scríofa. Sin agus cóip de i bhfráma leagtha ar bhord i dteach sa mBreatain a bhfuil Gaeilge á scríobh ann ag fear eile anocht. Bheadh spéis ag Labhrás Ó Cadhlaigh agus ag Nioclás Tóibín sa scéal, ní áirím ag an Déiseach altramais is binne in Éirinn, Éamon Ó Bróithe. Ná téigí den tsaol seo gan éisteacht leis an mBróitheach céanna: http://www.itma.ie/digitallibrary/sound/sliabh-geal-gcua-obroithe. Agus gura buan na Déisigh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.