Préachadh, pócaí folmha agus faoiseamh an cheoil. Sin an méid a fuair Diarmuid Johnson as turas go Tuszyn na Polainne leis an mbanna ceoil, JRM.
‘Fáilte go Disco Paradise,’ arsa duine den seachtar maor dorais a bhí romhainn. Isteach linn. Leath an dá shúil orm. Chuaigh an sioc go cnáimh. Thuig mé nach i mbaile Tuszyn na Polainne a bhí mé ach ar an mol thuaidh....
JRM is ainm don bhanna ceoil a raibh mé ag fliúiteadóireacht leo ag an am. Ní jig ’n reel music is ciall leis an j-r-m sin, ach Jacek, Rory agus Marcin, an triúr a bhunaigh an banna scór bliain ó shin. Rac Ceilteach an ceol a bhíonn acu, rud cosúil le Capercaillie nó na Horslips, leide de Lúnasa, agus macalla den Battlefield Band.
Tamall ó dheas de bhaile Łódż a bhí muid an oíche áirithe seo. Crosbhóthar in áit gan tithe. Machaire lom curadóireachta faoi lus na mine buí ag síneadh soir siar agus siar soir. An bóthar tollta in áiteacha. An spéir mar a bheadh clúdach corcáin a bhí ar tí pléascadh le racht cúir agus sneachta.
Bhí seisear againn sa veain agus gan mórán aird’ againn ar an saol máguaird. Ní turas rófhada é ó Phoznań san áit a raibh muid lonnaithe go dtí an mol thuaidh tamall ó dheas de Łódż, ach trí huaire an chloig ar cheann den dá mhótarbhealach atá sa bPolainn.
Chomh Fuar le Leacracha Ifrinn
Scioból fada fairsing íseal an chéad rud a chonaic muid. ‘Cén fáth a bhfuil pictiúir de mhaighdeanacha mara agus portáin, crainnte pailm agus trá bhuí ar an scioból sin?’ arsa mise liom féin. Thuig mé anois go raibh muid landáilte. Tá líne sa seanamhrán An Captaen Ó Máille a ritheann liom uaireanta i gcás mar seo. ‘Dá mbeadh scéal ag na clártha, d’inseoidís scéal cráite.’ Is í seachtain na féile Pádraig a bhí ann, agus ba chosúil nár osclaíodh an áit ar feadh an gheimhridh ar chor ar bith. Bhuail an fuacht idir an dá phluic mé. Bhí bairillí folmha thall agus abhus. Cáblaí leictreachais ar sliobarna go cruthaitheach ar chúl an bheáir. Meathsholas lag san áit. Torann ó na leithris: bhí píobán ag sileadh ann. ‘Proszę bardzo, isteach libh,’ arsa duine de na bouncers liom agus é do mo ghríosadh isteach.
Thosaigh mé ag déanamh tuilleadh iontais den décor a bhí i Disco Paradise. Spéirmhná torthúla péinteáilte go péacach ar na ballaí. ‘Craiceann, a mhic ó. Oileán na mban. Ach meas tú an bhfuil cupán caifé le fáil?’ arsa mise liom féin. Thosaigh tóraíocht an túláin, agus ní fada go raibh braon te idir an dá bhois agam. Bhi na leaids ag folmhú an veain agus ag socrú drumaí agus uirlisi ar an stáitse. Bhí an fidléara ag inseacht a chuid scéalta dom. ‘An bhfuil a fhios agat gur ar Chéadaoin an Luaithrigh a bhí tine sa flat i mBeirlin?’ arsa sé.
Ní fada gur tháinig fear an tí. É féin agus an t-entourage: a bhean chéile, toyboy, cailín álainn, agus beirt bhodach eile. Bhí bolg air féin, comhartha rachmais, rud nach minic sa bPolainn, bróga éadroma gan bharriall, agus geansaí gailf. ‘Seo é an tÉireannach,’ arsa bainisteoir an ghrúpa leis go bródúil, ‘agus tá Polannais aige’. ‘Beagán,’ arsa mise. ‘Is deas an áit atá agat...’
Bíogadh is Bogadh Faoin Reophointe
De réir mar a bhí sé ag teacht in am don cheol, ba léir nach mbeadh mórán i láthair. Ainneoin fógraí rialta ar an raidió le trí lá roimhe sin, bhí oíche mharbhánta, mhíthaitneamhach á tuar. Is sa seomra gléasta a bhí muid inár suí faoin am seo san áit a raibh radaitheoir ag cur ár ndóthain teasa ionainn. ‘Tá na ticéid ródhaor,’ arsa Marek. ‘Tá an diabhal áit dúnta le bliain,’ arsa Tomek. ‘Nuair a bhí mé ag obair i Londain fadó,’ arsa Marcin, ‘ag obair i mbialann a bhí mé, bhí mé ag foghlaim Béarla ar an am, chuir siad ceist orm cén.....’ Tháinig cnag ar an doras. ‘Deich nóiméad,’ arsa duine den mhórsheisear cruabhodach.
Agus muid ag dul ar an ardán, bhí fear an tí ag an mbeár, tuairim ’s deichniúr den entourage timpeall air, agus cúigear nó seisear a tháinig as Łódż le ceol draíochta ó na tíortha Ceilteacha a chloisteáil. (Is cosúil go raibh ticéid in aisce faighte acu ón raidió.) Faoin am seo bhí teocht na háite ardaithe ó minus a cúig go dtí thart ar minus a dó. Bhí na soilse mearbhallacha ag scairteadh, cluais le héisteacht ar na héin órga agus ar na foghlaithe mara, agus Disco Paradise ag bíogadh ’s ag bogadh arís tar éis leathbhliain seaca. Thug muid faoin gceol gan bheann ar an ngoimh. Is gearr gur thosaigh fear an tí ag geáitsíocht agus ag pocléimneach. Bhí cage i lár an urláir áit a ndéanann na damhsóirí is dána a gcuid macnais. Isteach le fear an tí sa gcage agus é ag prámsáil leis. An t-entourage ag bualadh bos go dílis agus iad ag cur na ngártha molta go haer.
Turas in Aisce, Ceol Maith agus Leathbhuidéal Vodka
Chas mé céad gig le JRM sa bPolainn, céad eile le grúpaí eile sa bhFrainc agus sa nGearmáin, céad eile fós in Éirinn agus sa mBreatain le mo linn. Íocadh mé gach uile uair cuma céard a tharla. Ach aon uair amháin. Agus sin cruthúnas nach bhfuil airgead ar bith ar an mol thuaidh. Mar níor íocadh muid an oíche sin.
Ar ais linn sa seomra gléasta tar éis uair an chloig ceoil. Bhí an trealamh le baint óna chéile, an veain le luchtú agus turas trí huaire an chloig romhainn. D’imigh an bainisteoir leis le cúrsaí a phlé le fear an tí. Nuair a tháinig sé ar ais, bhí smut mór múisiamach air. ‘Tá sé sásta turas a shocrú dhúinn. Dhá cheann déag de ghigeanna sna Disco Paradises atá aige ar fud na Polainne, ach níl sé sásta muid a íoc anocht.’
Dhá rud a dúirt an fidléara liom a bhain an drochbhlas as mo bhéal an oíche úd ar an mol thuaidh tamall ó dheas de Łódż . ‘Bhí an fhuaim go hiontach ar fad anocht,’ arsa sé. Agus b’fhíor dó. Murach an grafitti gáirsiúil, bhí an halla mór i Disco Paradise ar an mol thuaidh ar aon chruth le hardeaglais. Bhain an darna rud gáire asam. ‘This is hell, brother. We’ve been in hell together.’ Tharraing mé leathbhuidéal vodka as mo mhála. ‘Do shláinte! – Na zdrovie!’
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.