Thug ‘gallthochas’ Diarmuid Johnson isteach chuig lámhscríbhinn Ghaeilge in Iarsmalann na Breataine agus an bóithrín iarainn soir go Poznan na Polainne áit ar bhuail sé leis an gCaisideach Bainc.
Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.
Sular thit an tóin as pota mór an airgid blianta beaga ó shin, ba le banc an AIB bunáite na scaranna i mbanc WBK na Polainne. Ar feadh roinnt blianta más ea, bhí cuid d’fhoireann an AIB lonnaithe sa bPolainn le slacht a chur ar na cuntaisí thall ann. Duine díobh dár casadh domsa ann, is ceoltóir de mhuintir Uí Chaisidigh as Ros Comáin a bhí ann, fear a rugadh i mBirmingham Shasana sna seascaidí.
Níorbh eisean an chéad Chaisideach a chuir a ladar i gcúrsaí na hEorpa. Fear eile díobh, Tomás Ó Caiside (c. 1709-1773), An Caisideach Bán, ba dhuine de shliocht na mbard agus na mbreitheamh aduaidh as Fear Manach é. An Tomás céanna, bhí sé ina bhráthair Agaistíneach nuair a thug sé grá d’iníon maoir i Maigh Eo. Briseadh as an ord é agus thug sé an bóthar air féin. Eachtra Thomáis Uí Chaiside is ainm do scéal a bheatha, rud a scríobh sé tuairim agus 1740. Tá cóipeanna den scéal ar marthain sna leabharlanna i Londain agus i mBaile Átha Cliath.
Ar mo thaisteal dom trí Londain le deireanas, bhí lá ar mo chomhairle féin agam, agus chuaigh mé ag breathnú ar na lámhscríbhinní. Gael a bhí siúlach san Eoraip dhá chéad seachtó bliain ó shin, ní hiontas ar bith suim agam féin ann, ós dóigh go bhfaca sé cuid de na háiteacha céanna liom féin, i gcearda éagsúla sa nGearmáin, cuir i gcás. Ach más ó shuíochán traenach a rinne mise mo chuid iontais, is ar pháirc an áir in arm na Prúise a rinne an Caisideach a chion den uafás.
Tuargain an tSaoil
Seo sliocht ón téacs:
‘Ó Frankford go Cologne ‘s go Marborough, ó Geevan go Freezland ‘s go Marborough. Go Krunswich ‘s go Hamburg agus Hanover dóbair mé a dhearmad. Fuair mise tuargain do chrádh mé le luath-bhuillí cruaidhe na námhad. Aidtrínsí agus Bumbaigh ar gach taobh dhíom, na mílte dá gcoscairt ' s dá ngéurghuin ‘s dá ndícheannadh le fiorlanna géara.’
I leabharlann an Bhritish Museum a bhí mé á léamh seo. Gan mé ach céad slat ó Stáisiún San Pancras áit a dtéann an traein fo thoinn go Páras agus go dtí an Bhruiséil, turas dhá uair a’ chloig nó mar sin, áit ar theastaigh seachtain le linn an Chaisidigh. Is ait mar a bhí an traein do mo thabhairt go doras an Chaisidigh arís. In aice leis an stáisiún i mBéal Átha hAmhnais, Maigh Eo, tá garraí breá glas ann, agus Garraí na Manach is ainm don gharraí sin. Is ann a bhí an mhainistir agus an Caisideach nuair a chuaigh an tsearc faoin gcroí air:
Thug mé an ruaig údaí ó mhullach na cruaiche
Chugat anuas chun an tsléibhe bháin
Ar thuairisc mo chailín d’fhág m’intinn buartha
’Gus rinne sí gual dubh de mo chroí i mo lár.
Ach maidir leis an sliocht thuas ón Eachtra, cé hiad na Bumbaigh seo atá luaite ann? I bPoznań na Polainne a fuair mé freagra na ceiste, áit a raibh mo Chaisideach fliúiteadóra ag obair sa mbanc. Chuala muid caint in Éirinn ar phlandáil. Tá baint aige sin leis an scéal. Na ‘Bamberger’ seo, b’as Bayern iad, agus tar éis an chogaidh a raibh an Caisideach bocht páirteach ann, de bharr an tuath a bheith bánaithe, cuireadh slua den treibh sin go dtí ceantar Phoznań, áit a bhí curtha faoi chois ag na Prúisigh fada fíochmhara. Plándáil na Polainne.
Léamh na ‘Lagealaíne’
Léigh mé cúig nó sé leathanach den láimhscríbhinn. Bhí sé roinnt deacair orm an nodairecht a thuiscint de cheal cleachta, agus bhí an páipéar tréigthe, buí... sular fhág An Caisideach Éirinn ar chor ar bith, d’éirigh mí-ádh dó: ‘Tar éis mo láimhe do bhriseadh i Sliabh Dá Chon, do b’éigean an muinchille do bhuain nó do scaoileadh dem’ chóta...’, ar sé. I dtús na heachtra tá an méid seo aige: ‘A léightheoir, ná tabhair breithiúnas obann ‘s ná déan cinsireacht ar an lagealaín so,’ a deir sé, ‘ó tháinig bruithnigh agus gallthochas na traibhléireacht i mo cheann, is gearr gur thuit an galar céanna ar na cosa agam...’ Chuir an focal ‘gallthochas’ meangadh gáire ar mo bhéal. Sin í an Ghaeilge atá ar ‘Wanderlust’. Agus féach ‘traibhléireacht’, iasacht bhreá (ach oiread le ‘cultúr’, ‘traidisiún’ agus ‘náisiún’). Bhí focal aige ar ‘landmark’ chomh maith, ‘comhartha fearainn’. (Ní fheicim in focal.ie ach ‘comhartha tíre’.)
Ag fágáil na leabharlainne dom bhí fonn an amhráin agus tuilleadh de na focla ag éirí i mo cheann: ‘S níl duine dá gcuala mo scéal an uair sin nár shíl gur thrua bhocht é an Caisideach Bán’. Bhí cáil ar na línte sin ar fud na Gaeltachta dhá chéad bliain ó shin. Tá sí ar fud na Gaeltachta anois. Mar céard is Gaeltacht ann ‒ áit a mbíonn na daoine ag labhairt Ghaeilge lena chéile? Ní hea, ach áit a mbíonn na daoine ag smaoineamh i nGaeilge nuair a bhíonn siad ina dtost.
Ach céard faoin mbanc, a dhiabhail? Faoin mbliain 2010 nó mar sin b’éigean don AIB scaoileadh leis an ngreim a bhí acu ar WBK. Dhíol siad na scaranna agus cuireadh an fhoireann abhaile go hÉirinn. Gura fada cuimhne ar an gCaisideach.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.