Canúint láir na Francaise a fuair Diarmuid Johnson roimhe i Liège ‘cois Meuse na sreabh’ sa mBeilg, cathair a mheabhraigh dó Corcaigh.
An té a rachadh chun na Beilge i mí Eanáir, is dóigh go mbeadh gad le scaoileadh aige sa mBruiséil. Ach ní hé Coimisiún na hEorpa a thug orm féin Domhnach seaca a chaitheamh sa tír mí Eanáir. Fiosracht maidir le Liège ba chúis leis an turas: deineadh ‘príomhchathair cultúir na hEorpa’ de Marseille na Fraince an mhí seo caite. Is é Liège a bhí sa dara háit. Céard a bhí le feiceáil ann más ea?
An stáisiún mór, áibhéileach an chéad rud. Saitilít ó na spéartha anuas? Ní hea, ach cuid den ghréasán nua iarnróid idir Sasana, an Fhrainc agus an Ghearmáin. ‘Rud gan tairbhe,’ arsa fear an tacsaí nuair a d’fhiafraigh mé de cén dearcadh a bhí ag muintir na háite air. Thuigfinn dó. Ba léir gur bhaile rachmasach a bhí i Liège os cionn céad bliain ó shin nuair a bhí tionscal an ghloine faoi bhláth, agus abhainn mhór an Meuse breac le báid faoi ualach ar na huiscí idir Rotterdam agus Páras. Foirgnimh arda, iarchogaidh ba shuntasaí ann anois, sin agus margaí ollmhóra, ilmheáin na linne seo. ‘68% de mhuintir na Beilge buailte ag an ngéarchéim’ an ceannteideal a bhí i bpáipéar nuachta Le Soir ar an suíochán le mo thaobh sa tacsaí.
Chuig an taispeántas Visages cachés/Hidden Faces maidir le saol agus saothar Salvador Dali (1904-1989) a bhí mé do mo thiomáint. ‘Réabhlóid in aghaidh an chultúir bourgeois´ a bhí i saothar Dali dar leis féin. Dúirt sé dhá rud mhóra eile: ‘Chuir reabhloid na Fraince deireadh le healaín agus le háilleacht an renaissance’. Agus seo: ‘nuair atá an mhiotaseolaíocht imithe as an saol, is é cúram an ealaíontora an athmhiotaseolaíocht a chumadh leis an ábhar ar fad atá ar fáil dó’. Bhí lón intinne sa méid sin dom go fóill.
Má tá comparáid le déanamh idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséil – dhá bhaile oifigí agus airgid – seans gur idir Liège agus Corcaigh atá an dara comparáid le déanamh. Tá oileán i lár ’chaon bhaile díobh, ard aerach uasal ar leataobh na habhann, agus infheistíocht mhaith ag teastail le cic ar aghaidh a thabhairt don dá áit bonn araon. Cosúlacht eile: sa gcéad bistro ar sheas mé ann tar éis dom lán na súl a bhaint as an taispeántas, céard a bhí ar siúl ann ach cluiche rugbaí i gcorn Heineken. Na Muimhnigh agus na Laighnigh abú!
Beagán Canúnachais
Ach ní ar mhaithe leis an rugbaí a bhí suí déanta agam sa mbistro cluthar seo. Is le teann spéise i gcanúint na háite a chas mo chois isteach ann mé. Ó tháinig meath ar an nGaeltacht lenár linn, cuirim suntas sna pobail seo a bhfuil a dteanga féin acu, ach iad gan stát dá gcuid féin. Agus is pobal dá leithéid iad muintir na Vallúine – Wallons na Beilge. Níl aon ní i mbaile Liège nach meabhródh gné den Fhrainc dom, ach ní cuid den Fhrainc atá ann. Ba ghearr gur thuig mé, ces móite de bheagán canúnachais, gurbh í an Fhraincis chaighdeánach a bhi á labhairt sa mbistro, agus ar fud réigiún na Vallúine dá réir.
Ar theacht amach ar an tsráid dom agus cúpla gloine mhín, mheisciúil de Leffe na háite ólta agam, bhí bealú faoi mo theanga, agus chuir mé caidéis ar dhuine crónbhuí a bhí ag fanacht leis an mbus le mo thaobh.
‘An mbíonn tú ag scríobh amhráin ?´a deirim leis mar seo, ‘vous écrivez des chansons?’.
‘Bhínn ag casadh sa gcór anseo,’ a deir sé go han-nádúrtha, ‘ach chaith mé san aer é píosa ó shin.’
‘Cé as thú féin ó thús ?’ a deirim, buille fiosrach b’fhéidir, ach go béasach, múinte.
‘Mali.’
Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite. Meallann an Vallúin go leor de bhunadh na hAfraice ó tharla an Fhraincis forleathan i dtuaisceart na mór-roinne sin. Bhí seachtar nó ochtar ag fanacht leis an mbus faoi seo, agus ba de bhunadh na hiasachta dá dtrian díobh.
Tháinig an cóiste ar deireadh le mé a thabhairt ar ais chuig an stáisiún mór gaisciúil, agus ní fada go raibh mé ar an Thalys, siúl 250 ciliméadar san uair faoin traein chéanna soir i dtreo Bonn na Gearmáine arís. Smaoinigh mé ar na hIarlaí Gaelacha ar aistear dóibh go dti an Roimh sna bólaí seo sa mbliain 1608. Turas deich lá a bheadh sa dá chéad míle dóibhsean nuair a d’fhág siad An Lóbháin tamall ó thuaidh de Liège ar an 28ú Feabhra an bhliain úd, ‘dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh’ agus ‘cóiste ag a mnáibh uaisle,’ mar a deir Tadhg Ó Cianáin in Imeacht na nIarlaí. Is iomaí Gael ar deoraíocht ó shin.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.