THALL IS ABHUS
Sléibhte ar Íor na Spéire
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn dar le Diarmuid Johnson. Ar íor na spéire as a theach sa mBreatain Bheag a chonaic agus a thuig Diarmuid gné bheag eile d’Éirinn.

Íomhá
Log na Coille i gCill Mantáin as Borth 08.2012
Íomhá
Dhá thír agus scáthán
Íomhá
Éire faoi cheo agus Ynys Enlli
Íomhá
Log na Coille le luí na gréine
Íomhá
Ag lag trá

Cé méid tír san Eoraip a bhfuil feiceáil acu trasna na farraige ar a chéile? Tá tíortha ann atá cóngarach go leor dá chéile. An Fhrainc agus Sasana, cuir i gcás. Nó an Ghearmáin agus an Danmhairg. Ach níl sliabh ar bith i ngar don chladach i gceachtar den dá chás sin.

Bíonn feiceáil ag an Danmhairg agus ag an tSualainn ar a chéile san áit a gceanglaíonn Droichead Öresund an dá thír dá chéile. Cuireadh an chéad trácht ar an droichead sin sa mbliain 1999, agus tá deich míle bealaigh ann. Ach mura bhfuil dul amú orm, níl aon sampla glan, dílis eile le fáil ar an mór-roinn féin, mura gcuirfeadh muid Corsica agus Sardinia san áireamh, is é sin an Fhrainc agus an Iodáil faoi seach, nó oileán Rhodes na Gréige agus an Tuirc.

Ar an taobh eile den scéal, is eol don saol Fódlach go mbíonn amharc thar Sruth na Maoile ar Cheann Tíre na hAlban. Feictear beanna na hAlban ó Reachlainn ó áiteanna níos faide siar in Éirinn? Fágfaidh mé fuascailt na ceiste sin faoi mhuintir Inis Eoghain agus eile.

Uí Bhreasail

Maidir liom féin, ós sa mBreatain Bheag atá mé lonnaithe le tamall de bhlianta, áit dhúchais mo mháthar, bhí spéis agam sna seantuairiscí go mbíonn feiceáil ar Shléibhte Chill Mantáin thar Muir na hÉireann siar anois ’s arís nuair a bhíonn an t-aer ina ghloine agus an fharraige ina clár mín, réidh. Ach tá daoine ina gcónaí ar feadh an chósta anseo nach bhfaca an t-iontas úd ach uair nó dhó lena mbeo. Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.

Ní fada áfach ó cheannaigh muid áit cois fharraige seacht míle ó thuaidh d’Aberystwyth. ‘Borth’ a thugann siad ar an áit. Chuirfeadh sé Machaire Uí Rabhartaigh i gcuimhne do dhuine. Dumhcha gainimh, tithe saoire, agus an spéir ag dórtadh anuas ar áit gan chrann gan chraobh. Ach tá buntáiste ag baint lena leithéid de mhuirbheach. Bíonn an fharraige le feiceáil ag síneadh siar go deo deo, agus luisne dhearg ar bhun na spéire nuair a théann an ghrian faoin toinn oícheanta an tsaoil.

Agus sin í an uair a chonaic mé rud ó dheas d’oileán Enlli – Bardsey ¬– san áit nach mbíonn ach na faoileáin de ghnáth. Dhá rud go deimhin. Dhá oileán nach ann dóibh ar an léarscáil. Tharraing mé chugam mapa na hÉireann. Tamall ó dheas de leithinis Laighean – Llŷn i mBreatnais – agus d’Enlli na naomh agus na n-oilithreach, tamall ó dheas agus siar i bhfad, céard atá le sonrú ach an dá shliabh is airde i gCill Mantáin. Log na Coille agus a comhshléibhte atá ann. Agus sin iad a bhí os comhair mo dhá shúil agam. Ar feadh an fhómhair i mbliana, le luí na gréine go mórmór, bhí an dá chaipín le feiceáil go soiléir agam. Agus fear a bhfuil cuid mhór dá shaol caite aige le cúrsaí teangan, ní fhéadfadh sé gan machnamh a dhéanamh ar logainmneacha i gcás mar seo.

Cúnamh an Ghuta

Na leaganacha éagsúla den ainm Gaeilge ar ‘Wicklow’ a bhí ar m’aire. Is minic a chloisinn ‘Cill Mhantaín’ ag Gaeilgeoirí uaisle Laighean, cuir i gcás. Ach oiread le Ros Comáin nó Eamhain Macha áfach, ní bhíonn séimhiú ar an ainm dílis ‘Mantán’ sa tuiseal ginideach i measc cainteoirí dúchais Chonnacht. Ach ní ‘Cill Mantáin’ a chuala mé riamh, ach ‘Cille Mantáin’. Ag féachaint dom le fuineadh gréine ar Log na Coille agus eile os cionn cheithre scór míle siar uaim thar muir, thuig mé de phlimp gur guta cúnta [ə] atá idir an ‘-ll’ agus an ‘M-‘.

Is ionann a leithéid seo don teangeolaí agus réalt nua a aimsiú i bhfirmimint na foghraíochta. Is eol dúinn guta cúnta a bheith i ndeireadh an fhocail ‘gorəm’, ‘orəm’, agus ‘worəm’ má dhéanann tú poitín, agus sa bhfocal ‘filəm’ i mBéarla, más Bleá Cliathach nó Feirsteach atá ionat. Tá an ‘feirəmeoir’ ann, agus bíonn an lá ina ‘chaləm’. Ach chomh fada le m’eolas, is i ‘gCill ə Mantáin’ atá an t-aon sampla sa nGaeilge den ghuta cúnta idir dhá fhocal.

Rith sé liom agus oiread sin léinn déanta agam gur minic ón iasacht is fearr léargas ar an dúchas. Pé scéal é, is de sheandraíocht an tsaoil oileán a fheiceáil ar mhaol na bóchna san áit nach mbíonn de ghnáth ach ceo. Nuair a bhí mé i mo chónaí i gCois Fharraige, d’fheiceadh muid Cnoc Bréanainn ó am go chéile, faoi mar a d’fheiceadh na seandaoine Uí Bhreasail tráth dá raibh. Is tráthach Bréanann ar an gcnoc. Chroch an naomh úd a chuid seolta le heolas a chur ar na farraigí siar. Má bhí mianach siúil sna sean-Ghaeil, níl fáth ar bith nach mbeadh an fiontar céanna ionainn féin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.