Boladh na staire agus an tslada a fuair Diarmuid Johnson ar a chamrian trí Dubrovnik, Mostar agus Sarajevo. Chonaic sé lorg na bpiléar agus chuala scéalta an bháis.
Nuair a casadh dom an file Mile Pesorda i Mainistir Eimhin i 2009, is beag a shíl mé go mbeadh sé ag socrú lóistín dom i Sarajevo an bhliain dár gcionn. Ach ní fios cén uair a chlisfeas an saol ar dhuine.
Trí oíche a bhí caite againn ar oileán Mljet tamall ó thuaidh de Dubrovnik: oileán sceirdiúil, crannach a raibh áit in óstán beag ann láimh le glaschuan aoibhinn do scór de Chumann na hÉireann agus na Cróite agus iad ag cur síos ar chúrsaí staire agus saíochta. Eitilt ar ais go Baile Átha Cliath, nó traein go Zaghreb, sin é a bhí roimh na daoine eile ar fhágáil an oileáin dóibh anois. Maidir linn-ne, mé féin agus mo bhean chéile, is ó Sarajevo go Vársá a bhí ár dtriall. “An bhfuil lóistín agaibh?” arsa Mile Pesorda liom. “B’fhéidir nach bhfuil,” arsa mé féin. “Seo,” arsa an Cróiteach, agus shín sé blúire páipéir chugam. “Gheobhaidh sibh lóistín ansin. Glaofaidh mise orthu. Beidh duine romhaibh ag an stáisiún”.
Tuairim ’s céad go leith míle bealaigh atá ann ó Dubrovnik go Sarajevo. Turas cúig uair a chloig. Rud a thuig mé an lá sin: tá cosúlacht idir An Bhoisnia agus Contae Liatroma. Is dhá áit iargúlta go leor iad. Ach tá rud eile ann: is dhá áit iad a bhfuil rud is lú ná deich míle dá gcuid tailte ag roinnt leis an bhfarraige. An bádóir a thriomódh ar cheachtar den dá chósta, bheadh gaisce déanta aige. Ó chósta na Boisnia soir faoin tír, lean an bóthar gleann fairsing, torthúil a raibh oráistí ag fás go slaodach ann, scoth na créafóige fúthu, agus uisce mór ó na sléibhte anuas ag cur duilliúir ghlas ar gach craobh. Is gearr gur thosaigh an gleann ag dul i gcúinge. Chuaigh muid thar Medzegorje – ‘áit i measc na sléibhte’ – áit ar thaibhsigh an mhaighdean Mhuire do Mhuslamaigh na tíre, dar leis an eaglais.
Imeacht ón Eoraip
Tamall soir bhí uaigheanna aos Allah go líonmhar le taobh an bhealaigh, oidhreacht an chogaidh a strac an tír ó chéile fiche bliain ó shin ar éigean. I mbaile aoibhinn Mostar – ‘Baile an Droichid’ – bhí rian na n-urchar go húr ar bhallaí na dtithe. As Mostar soir, ní raibh fúinn ach bóthar sléibhe, agus aill scáfar chaon taobh dínn. Le titim na hoíche, thug mé faoi deara gur chuir an tiománaí ceol anoir ar siúl. Idir dhá néal dom, chuala mé an sneá agus na leathnótaí a bhaineann le ceol na Tuirce. Bhí muid ag imeacht ón Eoraip.
Ar mhachaire ard atá cathair Sarajevo. Tá bruachbhailte móra timpeall air. Nuair a shroich muid an stáisiún, ní raibh solas ann ach ar éigean. Sheas muid go foighdeach ar an gcosán. Is gearr gur tháinig mo dhuine. Fear óg, bríomhar agus cúram mór air: beirt eachtrannach a bhailiú agus iad a thabhairt slán chuig an áit a mbeadh dídean na hoíche acu.
Is tír Chaitliceach atá sa gCróit. Ach oiread le muintir na hÉireann, is Caitlicigh de chuid na Róimhe atá sna daoine. Ach oiread le muintir na hÉireann, imríodh cos ar bolg orthu. Rinneadh léirscrios orthu tar éis an dara cogadh domhanda. Bhí an milleán ar Londain. Bhí an milleán ar Tito. Is cine faoi léigear a bhí iontu go dtí mí Mheithimh seo caite nuair a ghlac Aontas na hEorpa le hiarratas ballraíochta uathu. Ach i gcathair Sarajevo, i mBoisnia, áit a bhfuil tromlach mór Muslamach, is mionlach atá sna Cróitigh, agus is creideamh mionlaigh atá sa gcreideamh Caitliceach.
Gloine Fíona agus Cluas le Scéal
Bhain muid teach na sagart amach thart ar a ceathrú tar éis a hocht. Bhí seachtar den chléir ag feitheamh linn sa bproinnteach. Bhí ocras orthu. Chrom muid ar ár gcuid. Nuair a bhí an tríú greim ite, tháinig an chéad bhealú faoin teanga. Cér muid féin? Cén aithne a bhí ar an bhfile Mile Pesorda? Cá raibh ár dtriall? Ba léir go raibh muid ar fónamh, agus is faoiseamh a bhí ansin don reachtaire tí. Roinn sé tuilleadh fíona orainn. Is i nGearmáinis a rinne muid an chaint an oíche sin, mar is i Munich a chuaigh a gcuid léinn ar na sagairt a bhí i Sarajevo. Nuair a scaip an comhluadar, d’fhan an reachtaire ag comhrá linn. “Is dóigh nach minic a bhíonn bean anseo san oíche!” arsa Mandy liom.
Thug fear an tí dhá leabhar dúinn sular fhág muid an teach lá arna mháireach. Faoin seansaol ceann acu. Faoin tubaiste mhór i mBleiburg an ceann eile. Labhair fear an tí: “I samhradh na bliana 1945, bhí deireadh an chogaidh á thuar. Pé áit a stopfadh na hairm, is dóigh gur ann a bheadh an teorainn. Bhí fórsaí an Ghinearáil Tito ag scuabadh aneas leis an mbealach aduaidh a chosc ar na Comhghuaillithe. Bhí na Comhghuaillithe ag brú soir tríd an Ostair le ceannas a fháil ar chríocha na Gearmáinise go hiomlán.” D’ól an scéalaí bolgam fíona.
“Idir Béalgrád agus Vienna tá Zaghreb. Idir an tSeirb agus an Ostair tá an Chróit. Idir ord agus inneoin a bhí muintir na Cróite. Thug na céadta mílte na cosa leo ó thuaidh ag iarraidh tearmainn. Is iad arm na Breataine a bhí rompu láimh le Klagenfurt na hOstaire. Chuir na Sasanaigh ar ais ó dheas iad. Ghabh Tito an slua. Fuair 700,000 duine díobh bás as sin go deireadh na bliana de bharr an tsiúil fhada gan trua a cuireadh orthu. Tá cuid den scéal ceilte ar an saol go fóill.” Tost a lean an scéal.
Maidin lá arna mháireach, rinne muid cuairt na cathrach le fear óg, bríomhar eile. Chonaic muid an bazaar, teampall na Rúiseach, teampall na nGiúdach, óstáin chúig réalt, mná ag iarraidh déirce. Agus leacht sa mballa ar chúinne sráide: ‘From this place on 28 June 1914 Gavrilo Princip assassinated the heir to the Austo-Hungarian throne Franz Ferdinand and his wife Sofia’. “Seo,” arsa an tiománaí, “ar aghaidh linn chuig an aerfort”.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.