Chaith Diarmuid Johnson oíche Nollag i measc daoine gan dídean i bPoznań na Polainne bliain go ham seo.
Murach an ceol, ní móide go gcasfaí mé i measc na ndaoine atá ag obair don chumann Barka. Tharla gur chuala duine acu an fhliúit agus mé ag cleachtadh san ionad cultúir i lár an bhaile. Bhí macalla breá ar fud an halla. Chonaic mé bean sa doras agus cluais uirthi. Chuir sí caint orm nuair a bhí mo phíosa seinnte agam. Agus d’iarr orm bualadh isteach an tseachtain dár gcionn san áit a mbíonn tae agus caifé á ndéanamh do dhaoine gan dídean. Ghlac mé leis an gcuireadh.
Seachtain na Nollag más ea. A cúig a’ chlog tráthnóna. An oíche ina brat caoch. Ceo agus gail ar fhuinneoga na dtramanna. An slua ag deifriú leo abhaile. Gíoscán agus bualadh doirse, siopaí á ndúnadh. Agus timpeall ar bhord caol fada san ionad pobail, comhluadar de chineál eile, deichniúr nó mar sin ina suí uillinn le huillinn ag casadh amhráin Nollag na Polannaise agus iad ag baint súmóga fada blasta as a gcuid muigíní. ‘Cén t-amhrán a déarfas muid anois?’ arsa Barbara. Chonaic sí mise an doras isteach. D’éirigh de léim agus chuir na múrtha fáilte romham. ‘An bhfeiceann sibh, a chlann,’ a deir sí le lán an tseomra, ‘tá ceoltóir as Éirinn tagtha ar cuairt chugainn.’
Anró Sráide thar Lear agus sa mBaile
Chas mé beagán ceoil don chuideachta, ach ba bheagán é. Mar ní raibh duine i láthair nach raibh a cheist féin le cur aige orm. Agus fonn ar chuid acu a scéal féin a inseacht. Marek, cuir i gcás, agus é ag cur síos ar a chuid anró ar shráideanna Bhaile Átha Cliath sular éirigh leis a bhealach a dhéanamh abhaile. ‘Polish very good,’ a deir sé, agus ansin, idir magadh agus dáiríre, ‘Polish no good,’ beagán náire sa dá shúil, ach é bródúil go leor as an dá fhocal Béarla.
Cén t-ábhar mórtais a bheadh ag duine agus gan eochair ina phóca, gan chuntas bainc aige, gan cumhdach athar ná máthar ar an saol dó, agus gan a fhios aige cén áit a gcodlódh sé agus an oíche ag cur seaca? Sin ceist a rith liom arís agus arís eile go ceann trí lá tráthnóna ag a cúig. Ach oíche Nollag féin, bhí an iomarca oibre le déanamh le bacadh go rómhór le cúrsaí fealsúnachta. Bhí súil ag Barka le os cionn trí chéad cuairteoirí, trí chéad duine a mbeadh a mboilg tollta leis an ocras, a gcuid lámha ataithe leis an bhfuacht, a n-éadain chomh righin le leathar tar éis chruatan na haimsire. Cúrsaí fealsúnachta! Bhí an halla le feistiú, agus an soláthar le réiteach, bínsí agus boird le socrú taobh amuigh. Ní bheadh áit istigh ach do chuid den slua.
Nuair a bhí na Cumannaigh i réim sa bPolainn, bhí dídean agus uisce reatha ag an bpobal ar fad. Más bocht an saol a bhí á chaitheamh sa tír roimh 1989, tá sé le rá gur beag duine a chodlaíodh amuigh. Agus is beag duine a chailltí leis an bhfuacht nuair a nochtadh an sioc agus an sneachta a gcuid fiacla aimsir na Nollag. Ní hamhlaidh atá sa lá atá inniu ann.
Cúbtha Siar ó Theas is ó Sholas
Cuid de na daoine a tháinig chuig dinnéar na Nollag faoi chúram Barka, bhí sé chomh fada ó bhí siad i gcomhluadar le daoine eile nach raibh sé de mhisneach acu dul thar an táirseach. Bhí sé chomh fada ó bhí siad i dteach nach raibh sé de stuaim iontu an doras a oscailt agus siúl isteach. Sheas siad i leataobh faoi scáth na hoíche ag súil le déirc.
Chuir mé féin scór cácaí úra ar cheann de na plátaí móra a bhí sa gcistineach. Amach liom ar an tsráid. Bhí lóchrann gar do láthair agus solas géar, cantalach, á scaipeadh aige. An oíche féin chomh dubh le teara. Agus cleití sneachta ag damhsa go héadrom sa dorchadas. Bhí clúmhach bán na spéire ag tuirlingt ar na cácaí geala – shílfeá go raibh an sneachta ag déanamh aráin. Agus shín an slua ar an bpláta, crúba ag crúbaíl, súile faoi sceoin, málaí á líonadh go santach. Bhí bean amháin i leataobh léi féin. Hata uirthi. Cóta maith. Bean a raibh airgead aici fós beagán achair roimhe sin ba léir. ‘Tabharfaidh tú máilín amach chugam féin,’ a deir sí, agus na súile leata ina ceann. ‘Ní fhéadfaidh mé a dhul isteach…’
Nuair a bhí an dinnéar thart, agus t-altú móide focal buíochais ráite ag an easpag mór, lean mé cuid den slua i dtreo an stáisiúin. Ceann de na hiomainn is ansa leis na Polannaigh Nie bylo miejsca dla Ciebie, Ní raibh áit ann duitse, a Íosa, dúradh arís é oíche Nollag sa bpasáiste faoi thalamh san áit a raibh Comhairle na Cathrach ag dáileadh bia. Bhí cailín óg i bhfeighil ar mhálaí fad a bhí a muintir ina seasamh sa sciúine. Shín mé oráiste chuici, ach níor ghlac sí leis. Bhí iriseoirí an bhaile ag tógáil pictiúr go glórach, caoch.
Sáinniú gan Urchóid
De réir a chéile, bhí an slua ag brú timpeall orm agus iad ag súil le rud in aisce. Thug mé faoi deara nach raibh aon bhealach amach agam. Ní fhéadfainn gan cúpla focal cainte a dhéanamh leis an bhfear ba ghaire dom. Rinne seisean gáire mantach liom. ‘Cén chaoi a bhfuil tú, a chomrádaí?’ Thug mé faoi deara go raibh píosa aráin mar a bheadh abhlann ina láimh ag formhór na ndaoine. Cuid de bheannacht na Nollag leathchrústa a thairiscint don té ba ghaire duit. ‘Go maire tú, go maire tú…’
Fear ar bheagán Polannaise agus fear ar bheagán Béarla in ascaill a chéile i bpasáiste faoi thalamh oíche Nollag i bPoznań. Arán á roinnt. Iomainn á rá ar ardán beag. Málaí agus boilg á líonadh. Agus rith sé liom go tobann nach raibh faitíos dá laghad ar mo chroí, faitíos dá laghad ní raibh orm ainneoin mé a bheith i bhfad ó bhaile in áit a raibh na céadta gan dídean agus a gcuid súile lasta le faobhar an dóchais agus an ocrais…
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.