D’fhreastail Diarmuid Johnson ar ócáid cheoil sa mBreatain faoi Nollaig. Láimh le baile Oswestry ar thaobh Shasana den teorainn, is seanamhráin Bhreatnaise a bhí á rá, agus is cainteoirí dúchais Bhreatnaise ón áit a bhí sna hamhránaithe.
Is mullán mór sléibhe atá sa mBerwyn. Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach. Taobh ó dheas de, tá gleann mínghlas torthúil Dyfi, ar an leiceann thiar thuaidh baile Bala, agus in alt an tsléibhe ag breathnú soir i dtreo Shasana tá Llanrhaeadr. Is ann atá ár dtriall inniu. Ach cén fáth? Oíche néalghealaí idir dhá Nollaig, an ghaoth ag éirí, bóthar an tsléibhe ag lúbadh go cleasach os ár gcomhair, agus brádán báistí ag cur craicinn shleamhain air. Is beag duine a thagann an bealach seo ach sa samhradh.
Ach anocht beidh seantraidisiún amhránaíochta á chleachtadh go buan, dílis in eaglais Llanrhaeadr, traidisiún a bhí ann sula ndeachaigh an tír le Protastúnachas aimsir Anraí VIII, cuid den oidhreacht Chaitliceach sa mBreatain dá réir, traidisiún a bhí forleathan uair sa mBreatain Bheag, ach é imithe i léig ar fud na tíre le céad bliain agus tuilleadh. Canu Plygain a thugtar ar an gcineál seo amhránaíochta. ‘Glaoch an choiligh’ is ciall leis an ainm ó thus. Ba ghnách an amhránaíocht seo a chleachtadh le breacadh lá Nollag le fáilte a chur roimh an leanbh Íosa.
Llanrhaeadr
Tá muid inár suí in eaglais Llanrhaeadr faoin am seo. Tá easpag Bangor i láthair – fear an tí. Ag siúl chun an tséipéil dúinn ón gcarr, bhí búireach na habhann le cloisteáil. ‘Eas’ is ciall le ‘rhaeadr’: is ar an mbaile seo atá an t-eas is airde sa tír agus áirítí é ar cheann de sheacht n-iontaisí na Breataine Bige sa tseanaimsir. Anocht áfach, tá sé faoi bhrat na hoíche.
Seo é an leagan amach a bhíonn ar imeachtaí an plygain. Deirtear paidir i dtosach. Ansin fógraíonn fear an tí tús na n-amhrán. Tagann na hamhránaithe aníos i ndiaidh a chéile ansin duine ar dhuine, beirt ar bheirt, triúr ar thriúr. Ní bhíonn bualadh bos ann, caint ná tráchtaireacht idir na hamhráin. Leanann na daoine an nós a lean a muintir rompu. Cuireann na hamhránaithe an dara agus an tríú glór leis an bhfonn agus iad ag léamh an cheoil dá réir. Nuair a bhíonn deireadh canta an chéad uair, tagann na hamhránaithe aníos an dara huair. I ndeireadh báire, casann na fir amhrán faoi leith, Carol y Swper, agus bíonn greim le n-ithe ag an gcomhluadar ansin sa gcúlsheomra, sin nó i gcorp an tséipéil féin.
Llan-y-Blodwel agus Dún Canann
Sin mar a bhí an oíche dár gcionn chomh maith i bparóiste Llan-y-Blodwel. Is ar an teorainn idir Sasana agus an Bhreatain Bheag atá an paróiste sin tuairim agus deich mile ó bhaile Oswestry. Ar thaobh Shasana den teorainn atá an séipéal. An oíche a raibh muide ann, bhí leathchéad Breatnaiseoirí i láthair ann, agus tuairim agus scór Béarlóirí ó Shropshire. Dúradh formhór na n-amhrán i mBreatnais. Inár suí dúinn sa gcúlsheomra ag ól an tae tar éis an cheoil, bhí monabhar Breatnaise agus monabhar Béarla le cloisteáil againn timpeall na mbord. Shíl mé gur i dtír anaithnid a bhí mé, nó b’fhéidir go raibh an t-am tar éis bob a bhualadh orm agus mé a chur siar go dtí an seachtú haois déag san am a mbíodh amhráin Chaitliceacha fós á rá faoi rún i mBreatnais ar dhá thaobh na teorann san áit a raibh tearmann le fail.
I measc na ndaoine a bhí i láthair i séipéal Cefn Blodwel, bhí an t-amhránaí Rhiannon Ifans. D’fhiafraigh mé di cé chomh sean is atá na hamhráin a bhíonn siad a chasadh sa plygain, agus cén t-ábhar is mó a bhíonn iontu. ‘Seo dhuit,’ a deir sí, agus shín sí cóip dá leabhar féin chugam, Dewch yn Dyrfa Weddus, is é sin ‘Bígí ann go Líonmhar, Cóir’. ‘Seo cuid de na hamhráin a chuala tú le dhá oíche anuas, ar sí’ D’ól sí bolgam tae. ‘Cumadh cuid acu san ochtú haois déag,’ ar sí, ‘cuid acu sa naoú haois déag, agus tuilleadh lenár linn féin’. ‘Cé a bhíodh dá gcumadh?’ arsa mise. ‘Cuid acu is iad na daoine a chum iad, ceardaithe cuir i gcás, seachas na baird agus na filí. Féach an ceann seo – is saor adhmaid a chum é.’ Ise a chuir an cheád cheist eile. ‘Tá a leithéid seo in Éirinn, nach bhfuil?’ ar sí. ‘Níl a leithéid sa nGaeilge go bhfios domsa,’ arsa mise. Chuir an méid sin iontas uirthi. ‘Tá sé i mBéarla, sílim,’ arsa sí. ‘Ar chuala tú caint ar an Wexford Carol nó an Enniscorthy Carol…?’
Saol na Linne
Ag imeacht as an séipéal dúinn, bhí fir na háite ag magadh lena chéile i mBreatnais bhríomhar, bhlasta Powys. Murach go raibh eolas na slí ag an tiománaí ní dóigh liom go dtiocfadh muid as go deo: tranglam bóithríní cúnga, agus seanchomharthaí bóthair ó na tríochaidí. Chuaigh muid amú uair nó dhó ach is gearr go raibh smut an chairr dírithe siar ó dheas arís i dtreo Aberystwyth.
Is ag fágáil na Sean-Bhreataine inár ndiaidh a bhí muid anois le filleadh ar shaol na linne. Bhí bailte ag éirí ón gceo nach dtagann mórán cuairteorirí a fhad leo ó cheann ceann na bliana – Llansilin, Meifod, Mallwyd, Llanfyllin. ‘Déarfaidh tú amhrán Gaeilge dúinn?’ arsa Rhiannon. ‘Giorróidh mé an bóthar mar sin,’ arsa mise. Dúirt mé An Spailpín Fánach agus Amhrán Mhuínse. Bhí an ghealach ag imirt folach bíog linn ar chúl na scamall.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.