CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Cé hé Dic Jones?
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Tá a fhios againn cérbh é Máirtín Ó Direáin ach bhí a mhacasamhail lastoir de Mhuir Mheann fágtha gan iomrá. Rinne Diarmuid Johnson iarracht an ceart a roinnt le fear díobh ar na mallaibh.

Íomhá
Cerddi'r Wlad (Gomer 2011)
Íomhá
Cynhaeaf
(Gwasg y Ffynnon 1976)
Íomhá
Golwg ar Gan
(Gwasg Gwynedd 2002)
Íomhá
Sgubo'r Storws
(Gomer 1988)
Íomhá
Caneuon Cynhaeaf
(Gwasg John Penry 1969)

Is file maith a bhí i Máirtín Ó Direáin. Talamh agus trá, mná faoi sheálta, gleic na ndaoine ar an leic lom, an cime cathrach, Oisín i ndiaidh na Féinne: bhí a chuid ábhair aige agus chloigh sé leis. Cuir i gcás anois gur Bhreatnach a bhí i Máirtín. Cén chaoi a mbeadh an scéal ansin?

I gCeredigion na Breataine Bige, contae atá mórán chomh mór le Cill Chainnigh nó le Ros Comáin, rugadh dháréag filí idir 1880 agu 1935 a bhí a bhí ar aon chumas agus ar aon cheirdiúlacht leis an Direánach. Seo agaibh iad maille le bliain foilsithe a gcéad leabhar: Isgarn, 1949; Isfoel, 1958; Evan Jenkins, 1959; B.T. Hopkins, 1976; Alun Cilie, 1964; Edward Prosser 1950; J. M. Edwards, 1975; Dafydd Jones Ffair Rhos, 1965; T. Llew Jones, 1967; W.J. Gruffydd, 1961; John Roderick Rees, 1959; J.R. Jones, 1962. Agus b’é Dic Jones an duine ba mhó cáil díobh ar fad. Cailleadh Dic i 2009. Oíche i ndeireadh Márta seo caite, thug mé léacht in onóir dó seacht míle ón áit ar chaith sé a shaol.

In Am Imní?

Bhí pictiúr mór den fhile sa Tivyside Advertiser ag fógairt na léachta. Rinne mé agallamh ceathrú uaire ar Radio Cymru. Scaipeadh postaer. Is gearr gur tháinig scéal ón iníon. Ríomhphost a bhí ann. Ríméad ar bhean a scríofa faoin oíche seo a bhí á fógairt. Ach an bhféadfainn glaoch ar a máthair, mar ní raibh a fhios aici cér mé féin? Ghlaoigh mé ar bhean chéile Dic Jones mar sin. Dúirt mé go raibh leabhra Dic léite go mion agam, agus go raibh feirm ag mo Dhaideo in Rhydlewis lena linn. “Tá go maith mar sin. Feicfidh mé ann thú.”

Cogar a chuir stiúrthóir an ionad ealaíne i mo chluais cúpla lá roimh an léacht. “Beidh go leor officianados ann,” ar sé. “Saineolaithe. Tá siad ag déanamh iontais céard a bheas le rá agat. Ná lig an iomarca scil ort féin, b’fhéidir.”

Tháinig an oíche mhór. Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh. Ach an té a thabharfadh léacht faoin Direánach in Árainn cúig bliana tar éis a bháis! Bhí an sciorradh teangan le seachaint. Ní raibh mórán duine ar bith sa slua nach raibh a fhios acu cén cineál tabac a chuireadh Dic ina phíopa, nó cén áit a gceannaíodh sé a chuid wellingtons. “Go n-éirí an t-ádh leat,” arsa fear mór amháin ag dul an doras isteach dó. “Dr Johnson,” arsa a bhean liom, “oíche mhór anocht dhuit í”. Agus isteach léi sa gcúirt.

Fear Maith ina Shuí Breithimh

Bhí an t-ádh liom go raibh an breitheamh ceart ina chathaoirleach. Dalta de chuid Dic Jones, eagarthóir agus foilsitheoir é Ceri Wyn. Rinne sé beagán plámáis i dtús na hoíche. Dúirt sé gur dheas an rud léargas nua a fháil ar shaothar fhear na háite. Agus le himeacht ama gur daoine ón taobh amuigh a bheadh ag léamh an tsaothair sin. Suas liom féin ansin.

In 1886, an dara huair a bhí William Gladstone ina Phríomh-Aire, bunaíodh cumann darbh ainm an Allotments and Small Holdings Association. Ó bhí na Tóraithe agus na tiarnaí talún i réim ar feadh cuid mhór den naoú haois déag, bhí an drochshaol ar na daoine bochta, agus gan deis acu an talamh a shaothrú. I measc cuspóirí an chumainn más ea bhí seo:

Generally to facilitate by all legitimate methods the restoration of the rural population to direct connection with the soil’.

Scríobh Francis Impey paimfléad dar teidealThree Acres and a Cow’, agus réamhfhocal ann le Joseph Chamberlain, duine de na hairí a bhí i bhfoireann Ghladstone.

Bhreathnaigh mé síos ar an lucht éisteachta. Ciúin, fiosrach! Bolgam uisce agus ar aghaidh liom.

cheithre thréimhse ann san am a caitheadh ó 1850 i leith. Tréimhse faoi smacht na dtiarnaí talún. Tréimhse nuair a tugadh dúshlán na dtiarnaí talún. Tréimhse nuair a tháinig feabhas agus athrú ar shaol na tuaithe. Tréimhse lenár linn féin nuair a thosaigh lucht an Bhéarla ag cur fúthu inár measc agus ag ceannacht na dtithe agus na talún. Seo ceathrú filíochta de chuid Dic Jones faoin gceathrú tréimhse. Sa dán Aros Mae’r Mynyddau Mawr atá na línte:

Tá an seanfhód álainn i lámha eile
An tseanchomharbacht tagtha chun deiridh
An té ar leis an áit ag tabhairt cúl le cine
Agus cúl le talamh spré agus cleamhnais.

Bhí monabhar mionghlórach sa halla anois. Ní monabhar míchairdiúil, mioscaiseach, ach monabhar moltach, meanmnach. Nuair a bhí an léacht thart, scaip an slua de réir a chéile. Bhí loinnir an bhuíochais ina gcuid súl.

Marach gur fhága an Direánach Árainn cá bhfios an mairfeadh cuimhne air inniu? Marach blianta Bhaile Átha Cliath, cá bhfios an bhfaigheadh sé céim oinigh ón ollscoil? Filí sin Cheredigion, Dic Jones ina measc, níor fhág siad an áit, bhí siad dílis don fhód dúchais, níor shín siad sciathán an deoraí. Sin é an fáth nach ndeachaigh a gcáil thar claí teorann amach. Ach rachaidh fós, agus beidh ainm in airde ar Dic Jones i seacht gcríocha na héigse.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.