AR NA SAOLTA SEO
Gladstone, Uaireadóir mo Shinseanathar, agus Sár-Cheardaíocht na Polainne
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Bíonn airnéis siúlach, mar a thuigeann Diarmuid Johnson go maith tharla gur thaistil sé féin trasna teorainn na Gearmáine le seanuaireadóir a cóiríodh sa bPolainn a bhailiú.

Íomhá
William Gladstone
(F Conaway ar Vicipéid)
Íomhá
Gona slabhra
Íomhá
Caisleán na Deirge, Co. Thír Eoghain
(le Kenneth Allen ar Vicipéid)
Íomhá
Seanuaireadóir JW

Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.

Más ar Lloyd George a bhí aird an mhí seo caite, is é William Gladstone atá faoi chaibidil agam inniu. Tá Gladstone ar dhuine de thriúr Sasanach mór le rá a rugadh i 1809. (Charles Darwin agus Rudyard Kipling an bheirt eile.) Tá eolas ar Gladstone in Éirinn ós é a bhí ina Phríomh-Aire ar chríocha na Breataine nuair a bhí Charles Stuart Parnell ina fheisire Pairliminte agus cúis na hÉireann á brú chun cinn aige. In 1898 a fuair Gladstone bás, agus le linn na dtrí sheal a thug sé ina Phríomh-Aire, chuir sé deireadh nach mór le réim na seantiarnaí talún agus tús le seilbh na cosmhuintire ar an talamh.

Sin é croí an scéil. Ach i dtús báire féach an sliocht seo a leanas as an iris Punch 1844. Is sliocht as litir atá ann, rud a scríobh duine bocht agus é ag iarraidh breis cearta ar an tiarna a bhí os a chionn;

Folks say that things are brightening up for the poor... Only last autumn, I’m told, three real lords played cricket at somewhere, with some shopkeepers.

Duais Mharthanach

Téimis go hiarthar Uladh anois tuairim agus dhá scór bliain dár gcionn. Is i gceantar an Chaisleáin Dheirg atá muid, láimh leis an teorainn idir Dún na nGall agus Doire, tamall siar ón dúiche arbh as Séamas Heaney agus a mhuintir. Tá an teach mór ann, an tiarna agus an tionónta. Agus tá cluiche cricket á imirt. Is iad na huaisle agus na hísle atá ag imirt in aghaidh a chéile. Agus an lá le lucht na mbothán! Tá duine de mo shinsear féin ar fhoireann na háite. John Ward is ainm agus is sloinne dó. Mo shinseanathair. I gcuimhne ar an mbua a fuair siad ar pháirc na himeartha an lá sin, bronnadh duais ar an bhfoireann. Ní heol domsa ar duais an duine a bhí ann, ach is eol dom gur uaireadóir póca den chéad scoth a bhí sa duais sin. Chaith John Ward é go dtí lá a bháis i 1949. Níor deineadh a thochras ina dhiaidh sin go dtí 2013. Agus seo mar a d’éirigh liom í a dheisiú...

Ceann de na blianta a raibh mé sa bPolainn, chas mé le m’athair le linn dúinn a bheith sa mbaile in Éirinn as Meiriceá sa samhradh. ‘Tabhair leat í seo,’ a deir sé. ‘B’fhéidir go bhféadfaí í a dheisiú sa bPolainn.’ Bhí an ceart aige. Is tír í an Pholainn a mbítear ag gréasaíocht agus ag tincéaracht agus ag deisiúchán inti fós, ní hionann agus i dtíortha an rachmais. Bhreathnaigh mé ar an tseoid. Bhí smál ar a cuid gloine. Lig mé go croí mo bhoise í. Bhí meáchan breá inti. Slabhra ceangailte léi. Eochair lena tochras sa mboiscín glas. Marcanna uirthi a thuigfeadh lucht ceirde. Agus an dá litir JW greannta uirthi.

Ach bhí mo sheal caite sa bPolainn sular éirigh liom cúnamh a fháil léi. Ní raibh teanga na tíre sách líofa agam le rud chomh teicniúil leis a phlé, agus bhí faitíos orm í a fhágáil faoi chúram coimhthígh. Bean ar m’aithne a chuidigh liom sa deireadh thiar. Ar cuairt ar Phoznań ón nGearmáin a bhíos. ‘Deiseoidh Marek í sin dhuit,’ ar sí. Is zegarmistrz é Marek, máistir ar dheisiú na gclog. Má bhí an t-uaireadóir le deisiú, chaithfinn muinín a chur sa té a bhí ag iarraidh cabhrú liom. ‘Fágfaidh mé leat í mar sin!’ a deirim.

Tabhairt Anoir an Uaireadóra

Seachtain dár gcionn tháinig scéal chomh fada liom i mBonn go raibh an t-uaireadóir indeisithe dar le Marek. Ní raibh aon bhall inti nach bhféadfaí a aimsiú agus a ordú. Bhí sí de réir an déanaimh a bhí ina chaighdeán i Londain thart ar 1850, dar leis. (Nach i Londain a foilsíodh Punch, nach ann a bhí Gladstone agus Parnell ag díospóireacht lena chéile...) Chaithfinn í a bhailiú faoi cheann míosa. Ní chosnódh an obair ach an méid a d’íocfá ar dhinnéar do bheirt oíche Shathairn in Éirinn.

B’éigean dom taisteal chuig an bPolainn in aon turas le seanuaireadóir John Ward a bhailiú. Chuaigh mé ann ar an traein oíche. Tacsaí ón stáisiún i bPoznań amach go colbha an bhaile. Is ann a bhí an cheardlann ag Marek. Bhí an caife réitithe aige. Mhínigh sé cúrsaí uaireadóra dom go mion agus go mín as sin go ceann leathuaire. An scéal, an stair, an deacracht a bhí aige lingeáin, nó sprionganna, den chinéal ceart a aimsiú leis na snátha a oibriú go tomhaiste. I bPolannais ghlan a shinsear a labhair sé. ‘Bí á thochras anois,’ arsa sé. Rud a rinneas.

Bhí trí nó cheithre rud faoi scéal an uaireadóra ag rince ar chlár m’aigne ar mo bhealach ar ais go Bonn na Gearmáine dom. An t-am a bhí ann agus an t-am nach raibh ann. An taisteal a bhí déanta ag an tseoid as Éirinn go Meiriceá agus ar ais go dtí an Eoraip. An ticeáil bhríomhar a chuireadh mo shinseanathair lena chluais, is í a bhí le mo chluais-se anois. Bhí rud i mo phóca a bhí chomh beo anois ‘s a bhí sé céad caoga bliain ó shin. Idir Francfort-Oder agus Beirlín tháinig bean de chuid Deutsche Bahn - Iarnród na Gearmáine - isteach le suirbhé a dhéanamh. ‘Cén fáth atá le do thuras?’ arsa sí. Rinne mé gáire liom féin gur tharraing mé an t-uaireadóir aníos as an bpóca...

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.