Tá beartas mór ar bun in iarthuaisceart na hAfraice le fál crainnte a thógáil idir an Sahára agus tíortha na Saiheile – An tSeineagáil, Mailí, Beinin agus an Nigéir.
Tá na mílte crann curtha le seacht bliana anuas in aice le baile Koutal in iarthar na Seineagáile. Is iad na mná a chuir na crainnte. Is briseadh dhá ghnás a bhí sa méid sin. “Ní bhíonn na fir sa mbaile,” arsa Nakho Fall, “imíonn siad ar maidin leis an mbus agus ní fhilleann siad go hoíche”. Tá cuid acu ag obair sna mianachaí salainn. Tuilleadh díobh éalaithe leo go dtí an phríomhchathair Dakar. Ach oiread leis na mílte bailte eile i dtuaisceart na Seineagáile, Mailí, An Nígir, An Nigéir agus Beinin, tá an talamh á tréigean agus á bánú.
I dtuaisceart na Nigéire is amhlaidh atá chomh maith. Tá an gaineamh ag brú aduaidh. Agus na daoine ag teitheadh. Duine acu Kiri Mayere de threibh na Fulbe. Sé bliana déag ó shin, thug sé cúl lena bhaile dúchais, sheol na ba roimhe, agus chuir faoi ar deireadh 500 míle ó dheas i gceantar Dan Bassa. Faoin am seo, tá 200 baile slogtha ag an ngaineamh ina cheantar dúchais.
Ar theacht aduaidh dó, chuir Kiri Mayere coill bheag timpeall ar an teach nua-thógtha. Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar. Faoin am seo, is oileán glas, craobhach atá sa ngiodán talún atá ag Kiri Mayere. Ach tá na comharsain ag santú an adhmaid. Tá méadú ar dhaonra na háite agus laghdú ar na hacmhainní atá ar fáil.
Tearmann na nDúl
Ar an taobh eile den scéal, tá saibhreas na coille le feiceáil ag an saol i Koutal na Seineagáile. Trí chéad heicteár (.i. 750 acra) a bhí lom deich mbliana ó shin, is glaschoill álainn atá ann anois. Baineann na daoine adhmad ann, agus cuireann siad bairr éagsúla ann, an muiléad cuir i gcás, rud a itheann siad féin. “Tá muid an-bhródúil as an obair seo,” arsa Ndiaye, “mairfidh an chéad ghlúin eile anseo agus fios acu gurbh iad na mná a chuir an choill.”
Léiríonn an obair atá á déanamh in Koutal, tábhacht an togra mór atá á bheartú. Sa mbliain 2007, mar chuid den chomhpháirtíocht idir an Eoraip agus an Afraic, tháinig an ‘fál mór glas’ i gceist. Arsa Abdoulaye Dia, stiúrthóir an togra: “tá sé de chuspóir [ag an bhfál mór glas] srian a chur ar bhánú na tuaithe, beart a dhéanamh in aghaidh triomú na créafóige, an bhithéagsúlacht a chosaint, agus clár bia a thabhairt chun cinn”. Ar an gcéad amharc, tá an-chiall leis an bplean. Cén fáth a bhfuil amhras ann ina thaobh más ea?
Seo mar a labhair Dennis Garrity, stiúrthóir an World Agroforestry Centre: “Bhí togra den chineál seo ann sna 1970í. I dtús báire, bhí an-spéis ag rialtais na hAfraice ann, agus roinneadh go leor airgid ar na ranna talmhaíochta. Cuireadh na milliúin crann, ach níor mhair ach ceann sa gcéad. Níor coinníodh uisce leo. Níor cuireadh oiliúint ar an bpobal féin ionas go bhféadfaidís an obair a thabhairt chun cinn”.
Siocair an Oilc
Tá ceist ann freisin faoi na cúiseanna atá leis an easpa torthúlachta i dtalamh na Saiheile. Dar le Gray Tappan, USGS (Suirbhé Geolaíochta na Stát Aontaithe), ní hamhlaidh go bhfuil maidhm mhór ghainimh ag leathadh aduaidh ó bhliain go chéile ón Sahára. Tá a chruthúnas sin sna pictiúir saitilíte, dar leis. Tá rud eile ann: san áit a bhfuil na daoine ag éirí as an talmhaíocht, bíonn an gaineamhlach á mhealladh aduaidh agus an bealach á réiteach dó. Is é an bánú is cúis leis an ngaineamh seachas a mhalairt.
Idir an dá linn, tá an t-éileamh ar thalamh, ar adhmad, ar uisce agus ar bhia ag méadú i réigiún na Saiheile ar fad. Is é Yahaya Ahmed atá ina stiúrthóir ar an eagras timpeallachta DARE (Developmental Agency for Renewable Energies): “Níl muid cinnte cé mhéid daoine atá ar na bóithre mar gheall ar an athrú aeráide, ach tá tionchar na himirce sin le brath againn. Is beag fáilte a bhíonn roimh lucht siúil in áiteacha, agus is minic coimhlint idir na fánaithe agus feirmeoirí na háite.”
Níl cúrsaí creidimh gan tábhacht sna cúrsaí seo ach oiread. Tá an Muslamachas láidir i dtuaisceart na Nigéire, agus an Chríostaíocht láidir sa deisceart. Fágann an imirce go mbíonn lucht an dá chreideamh ar tháirseach a chéile. Is fánach an rud a chuirfeadh an lasair sa bharrach nuair atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras.
Is smaoineamh breá, móiréiseach atá sa bhfál mór glas ó dheas den Sahára. Ach chomh maith le fís, teastaíonn an beart áitiúil go forleathan. Maidir leis an dearcadh atá ag na mná in Koutal, más eisceacht go fóill é, is é an cineál ceannródaíochta é a chaithfear a leanacht mura bhfuil taobh tíre atá chomh mór le leath na hEorpa le bánú as seo go ceann glúin nó dhó.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.