Fear inste scéil é Diarmuid Johnson, is beag nach bhfuair sé bás ar son an dea-bhéasa ar Oileán na Meala faoi Nollaig tamall de bhlianta ó shin.
Chaith mé coicís ar oileán Mhálta aimsir na Nollag blianta beaga ó shin. Fógra i Radio Times Shasana a chuir ar mo shúile dom é. Lóistín in óstán cheithre réalt, bricfeasta agus dinnéar san oíche: 499 punt Sasanach don choicís. ‘Is saoire sin ná fanacht sa mbaile,’ arsa mise liom féin. Agus rinne mé na socruithe cuí. Eitilt as Birmingham go Valetta. Céard a fuair mé romham ach tír atá níos lú ná Loch nEachach. (316 ciliméadar cearnach an t-oileán. 392 ciliméadar cearnach an loch.) Ach tá daonra mór ann: mar a bheadh muintir na Gaillimhe, muintir Luimnigh agus muintir Chorcaí ar fad ar aon leic mhara – gar don 400 míle duine.
Ní fada gur léir rud neamhghnách dom. Málta an t-aon áit san Eoraip a ndeachaigh an Béarla ar gcúl ann idir 2000 agus 2010. Ar fud na mór-roinne, agus ar fud na cruinne go deimhin, cés moite de Mheiriceá Theas b’fhéidir, tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi ina maidhm bháite. Ach maidir le hInis Meala, tá biseach ar an teanga dhúchais ann, agus tá an Iodáilis faoi ghradam, rud nach iontach, mar níl cósta na Sicile ach 60 míle ó thuaidh de. Scaoil an t-oileán an ceangal le Sasana i 1964, is poblacht í ó 1974 i leith, agus ball den AE ó 2004. Duine ar bith os cionn an dá scór más ea, ní cuimhin leo réim na banríona ná urlabhra na ríochta.
Ar żwiemel Slim Sleamhain
Leis an daonra mór atá ar Mhálta, ní fhéadfadh an trácht ach a bheith go dona. Is í an bus buí a bhí fúm an chéad tseachtain, ach is beag siúl a bhí inti seachas stad agus seasamh. Marcaíocht ab fhearr a shíl mé. Agus fuair mé bileog eolais san óstán maidir le lucht capall. An dá luath ’s a d’imigh muid den bhóthar thar na craigeanna loma, bhí léargas eile le fáil ar shaol an oileáin. An seanchóras garraíodóireachta: iomairí os cionn a chéile mar a bheadh staighre agus claíocha cloch eatarthu. Crainn óráistí ag fás i ngleanntán foscúil. Ba dhíol spéise caint na beirte a bhí i mbun an ghrúpa. An Mháltais agus nathanna Béarla tríthi. ‘Two hours’ a chuala mé – tionchar na scolaíochta ar chóras na n-uimhreacha. Aon fhocal amháin Máltaise a thug mé liom; żwiemel, capall.
Ag siúl na sráide dom i Valetta lá arna mháireach, céard a d’fheicfinn ach fógra: The Christmas Pantomine – Cinderella. Tá Teatru Manoel, ar cheann de na hamharclanna is sine san Eoraip. Cuireadh an chéad seó ar an stáitse ann i 1732. Ní raibh fanta ach suíocháin i mbarr an tí ar an gcúigiú stór – ‘i measc na ndéithe’ mar a deir lucht opera. Ag a hocht a ardaíodh an cuirtín. Lenár linn féin, is maith mór. Ach san ochtú haois déag ba mhaith mion. Agus níl samhail agam do Teatru Manoel ach tigín babóige. Bhí an lucht éisteachta in ucht agus in ascaill a chéile, rud a chuir le sprid na hoíche. Ba mhaith an léargas a bhí sa ngeamaireacht ar sheanchultúr gallda an oileáin. I mBéarla a bhí an dráma, ach bhí focla Máltaise ann freisin le magadh nó drochmheas a chur in iúl. D’aithnigh mé féin ceann de bharr a bheith ag marcaíocht an lá roimhe ré: Hold your żwiemel arsa duine den bheirt raicleachaí nuair a bhí an cóiste ag feitheamh léi. Racht gáirí ar fud an tí.
Ní ag Dul i Míne atá Chuile Líne
Is iomaí áit a raibh mé lá Nollag, más sa bPolainn é, ag coinneáil bia leis na bochtáin, nó ag taifeadadh seanamhrán sa Rómáín, ach is i Málta is measa a bhí uaigneas orm Lá Nollag thar áit ar bith ar domhan. Agus tá cuid den mhilleán agam ar an Sasanach. Mar ní mise an t-aon duine a raibh an fógra feicthe aige sa Radio Times. Bhí tuairim ’s trí chéad de mhuintir Wolverhampton agus Choventry ann freisin. Agus ní daoine míne, solabhartha a bhí iontu ar fad.
Tháinig am dinnéir, agus thug an slua aghaidh ar an mbuffet. Bhí dhá sciúine ann, agus san áit a raibh cumar an dá shraith, chaithfeadh duine amháin géilleadh don té a bhí ag teacht ina choinne. Ghéill mé féin don chéad bheirt, agus sheas mé roimh an tríú bean. Bhrúigh sí roimpi. “He pushed me” arsa Judith bhreá, agus siúd an fear céile ag cur gothaí troda air féin. “Would you like to step outside and sort this out?” a deir sé liom faoi mar a bheadh sé sa Workers Club i Sheffield oíche Shathairn i 1971. Bhreathnaigh mé féin air. É os cionn an trí scór, tatú breá ar a chiotóg. Lig mé an ráig tharam. Is trua liom an Sasanach sin ó shin.
Is gearr go raibh aird agam ar rudaí. Tá traidisiún liteartha breá ar Mhálta. Ar thriúr de na húdair luaitear Oliver Friggieri, Francis Ebejer agus Immanuel Mifsud. Is drámadóir tábhachtach a bhí i Trevor Żahra. Tá stair na litríochta le fáil sa leabhar The Literature of Malta le Arnold Cassola.
Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.