AR NA SAOLTA SEO
Fliúit ón Rómáin
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Le linn a bheith sa Rómáin, thug na daoine bronntanas do Dhiarmuid Johnson a chuir iontas agus áthas air.

Íomhá
Cara speile
Íomhá
Feadóg mhór ó láimh Dhraga Nesc
Íomhá
An barr
Íomhá
An fheadóg mhór

Feicim baile sléibhe i gceartlár na Rómáine agus sneachta na bliana ag leá ina thuilte ann. An sruthán ina bhúir, goimh san aer moch, fear ag scoilteadh adhmaid le tua balbh, mada lena ais ’s a shróin le gaoth. Pui is ainm don bhaile.

turas faoi leith inniu ar dhuine d’fhir an bhaile. á ghléasadh féin chun bóthair: maide fada cuilinn ina ghlaic, hata stuacach os cionn an chluais, casóg olla air agus crios aniar faoina lár. Na bróga bealaithe. Feicim anois é ag cromadh. Ag cromadh ar bheart caol fada. ceirt línéadaigh fillte timpeall ar an mbeart agus snaidhm air le ruóg. Céard atá sa mbeart ach fliúit adhmaid. Ach cén turas atá ar an bhfear seo, cén scéal ó thalamh an domhain a bhaineann leis an bhfliuit chéanna?

Nuair a bhí deisceart na Rómáine faoi impireacht na Tuirce agus tuaisceart na Rómáine faoi impireacht na hOstaire ’s na hUngáire chuir seanathair Bogdan Ileanescu crann plumaí i mbaile Pui. Adhmad bog, milis ata sa gcrann plumaí, agus fásfaidh go trean san ait a mbeidh a dhothain foscadh aige agus a dhothain de theas na gréine. Uair sa mbliain, baineann na daoine toradh céatach chuid dea-chraobh slaodach; uair sa mbliain bruitheann siad na bplumaí, uair sa mbliain déanfaidh siad an poitín glé, agus uair sa mbliain deir siad le chéile: ‘ craobh le baint agus craobh le bearradh.

Mac an a chuir an crann, is é a bhain an chraobh leis an bhfliuit a dhéanamh. Baineadh an chraobh sin nuair a bhí léinte dubha, léinte donna agus léinte gorma á bhfuáil agus a n-iarnáil ar fud na hEorpa. Baineadh an chraobh, agus deineadh fliúit le seinm ar an uaigneas síorghréine i sléibhte Cairp i gceartlár na Romáine san áit nach bhfuil ach an léine bhán.

Ó Draga Nesc go Bogdan Ileanescu

Draga Nesc ab ainm don a rinneadh an fhliúit seo. Aoire a bhí ann. Chasadh ceol ar bhainseacha agus ar aontaí. Chasadh ceol ar an sliabh féin. Le scian a rinne na poill san adhmad bog. Bun adharc reithe a bhí i gcois na scéine. Oíche sa gceárta, rinne cheithre bhanda miotail le dúnadh timpeall ar an uirlis chaol fada. Nuair a bhi an tine fadaithe sa gceárta agus an miotal ag leá, bhuail pátrún ar na bandaí sin agus shocraigh go paiteanta ar an bhfliúit iad.

Leanaimís Bogdan Ileanescu ó Piu go Petroşani anois. fliúit faoi ascaill aige. Ach cén fáth a bhfuil fliúit a deineadh ó chrann a shinsir á iompar leis aige earraigh agus an sneachta ag leá ina thuilte? Is fada ó baineadh ceol as fliúit a sheanathar. gan ghlór le dhá scór bliain. nead déanta ag damhan alla inti. macalla na spéire múchta inti. craobh le baint agus craobh le bearradh ar an seanchrann plumaí, ach ceol bhainfear as an bhfliúit ar an mbaile seo aríst ...

... Anuas ón sliabh a tháinig Bogdan Ileanescu go Petroşani de shiúl na gcos sa mBealtaine. Thar an sliabh anall a tháinig muide ráithe dár gcionn. Bhí carr fúinn. mhairim an céad, dóigh liom go mbeidh mo chroi chomh fada suas i mo bhéal ’s a bhí an ar thiomáin muid an seanbhóthar a dtugann siad an Transalpina air i sléibhte Pharâng trí bhearnas Urdele.

Bóthar spéire, bóthar lúbach, bóthar crochta, bóthar gan mharc, comhartha líne air, bóthar gan chlaí, fál sconsa idir é agus gleann carrach na síoraíochta thíos fúinn. Leithchéad míle bóthair a thiomáin muid, dhá míle méadar thuas san aer san áit nach mbíonn ó cheart ach an fiolar agus an ceo. Seanchosán na n-aoirí: cuireadh éadan nua air le hairgead na hEorpa lenár linn féin. Anuas go baile Petroşani a tháinig muid tar éis uaireanta fada a chloig.

Teagmháil le Seanfheadóig

Sa teach a raibh súil linn ann, bhí an bord leagtha agus béile blasta réitithe dúinn. Nuair a bhí dhá ghreim ite agus scéal an turais insithe, d’éirigh bean a’ . Shín ar rud a bhí ar bharr an chofra: ceirt lineadaigh agus snaidhm uirthi. Cruth caol fada ar an mbeart. Scaoil an tsnaidhm, agus scar an t-éadach ar an mbord. Céard a bhí agam os comhair mo dhá shúil, ach fliúit ar an seandéanamh, cheithre bhanda miotail socraithe go paiteanta uirthi, agus mianach álainn smóldhearg ina cuid adhmaid. ‘Dhuitse an fliúit, arsa bean an ti. ‘Is tusa an a bhainfeas ceol aisti. Agus ansin i gcogar liom: ‘chaith muid trí bliana á cuardach’. Agus chuir na súile tríom.

D’inis an scéal dom ansin faoi fhear a d’fhág baile Pui le moch maidne agus sneachta na bliana ag leá ina thuilte, maide fada cuilinn ina ghlaic, hata stuacach os cionn an chluais aige, casóg olla air agus crios aniar faoina lár. Cheithre huaire a chloig siúil a chuir de. Focal níor fhéad a . Bhí tocht orm.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis, a deirim ar deireadh. ‘An bhfuil fón aige? fón ag an deirfiúr.Glaofaidh muid uirthi, meas ? Agus ghlaoigh. Glór ciúin, séimh a d’fhreagair. Nil agam ach trí fhocal Romáinise, ach dúirt ó chroí iad: ‘Va mulţumesc foarte mult. Fletul este frumos’. Focla buíochais. Focla molta: ‘is álainn an fliúit í.

Is iomai duine a casadh dom sa saol a bhfuil cuimhne a ghlóir a éadain go gléineach, láidir i mo chuimhne. Níor casadh dom an fear a thug leis an fliúit ón sliabh. Ach feicim anois é agus an ghrian ag scairteadh go hóg os a chionn. Feicim anois é, é cromtha beagán, an maide i leathláimh aige, fliúit ar iompar aige a rinneadh ó chrann a chuir a sheanathair i Sléibhte Cairp i gceartlár na Romáine. Fliúit a bhí féin agus a mhuintir sásta a thabhairt don Éireannach siúlach ionas go mbainfi ceol aisti arís i dtír eile i bhfad o bhaile.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.