Bhí Catherine Foley i láthair sa Project Arts i mBÁC (ionas go mbeadh an BEO in ann trácht ar an mBás) nuair a léiríodh an dráma ‘Bás Tongue’ le Manchán Magan.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann in ann eolas ar Thaispeántas suntasach a roinnt leat anseo. Má bhíonn am le caitheamh agat faoin ardchathair, agus roinnt pingneacha le caitheamh uait, thig leat súil a chaitheamh thart ann.
»»»An-inmholta agus in-ainmnithe d’Oscar a bheadh scannán seo Malik, ach ní saothar gan locht é dar le Pat Butler.
»»»Tháinig Amanda Reid ar éadach deartha i mbaile Hama na Siria nach mór scór go leith bliain ó shin, ach ba mhaith léi a fháil amach cén crotal draíochtúil a chuir an dath dubh chomh fáiscthe air.
»»»Míníonn Ciara Nic Gabhann roinnt de shaothar ilghnéitheach dealbhóireachta Éamoinn Uí Dhochartaigh a fuair bás ar na mallaibh.
»»»Tá aicme ar leith ealaíne ar taispeáint i Londain faoi láthair mar is eol do Chiara Nic Gabhann. Is ealaíon é a d’fhás as an léiriú urraime a thugadh an pobal do na naoimh, agus do na mairtírigh go háirithe, san am a caitheadh.
»»»Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.
»»»Tá dhá scannán molta ag Pat Butler an iarraidh seo. Deir sé gur scannáin eisceachtúla iad agus táid ar a gcamchuaird pictiúrlainne faoi láthair.
»»»Mealladh Pat Butler arís chuig ceol Bob Dylan le seinnteoir MP3 anuraidh, ní a tharraing isteach chuig coirm cheoil Dylan i bPáirc Uí Chaoimh é leis.
»»»Chonaic Ciara Nic Gabhann droichead coisithe á oscailt le gairid mar a bhfuil an saothar ealaíne ollmhór, an Móinéar Balbh, anois, i nDoire Cholm Cille.
»»»Ghlac AnnMarie Flanagan an deis chun an chéad léiriú san Amharclann na Mainistreach den dráma “Pygmalion” ó George B. Shaw a fheiceáil, agus shíl sí mórán de.
»»»Tá trácht ag Ciara Nic Gabhann ar ealaíontóir a chaith a óige i gcampa sclábhaíochta agus a gabhadh arís dhá mhí ó shin mar gur fear gan feancadh é, Ai Weiwei. Sheas sé an fód.
»»»Tá meas mór ag Ciara Nic Gabhann ar shaothar beirt ealaíontóirí as Meicsiceó atá ar taispeáint faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Mhic Giolla Bhuí mar a bhfuil taispeántas ealaíne de shaothar Phatsy Dan Mac Ruairí á léiriú faoi láthair. Beidh deis an taispeántas a fheiceáil i mBéal Feirste arís an mhí seo.
»»»Bhí Sarah Ní Chonchobhair ag féachaint áis foghlama úr de chuid Gaelchultúr ar na mallaibh.
»»»Chuaigh an scéala brónach amach go bhfuair an t-ealaíontóir TP Flanagan bás ar na mallaibh, fear a bhí ag obair suas go lá deiridh a shaoil. Amharcann Ciara Nic Gabhann siar ar a shaol agus ar an saothar mór luachmhar atá fágtha ina dhiaidh.
»»»Taispeántas d’ealaín na heolaíochta i mBaile Átha Cliath a tharraing aird Chiara Nic Gabhann. Mheabhródh sé taispeántas a tháinig chun na príomhchathrach anuraidh.
»»»Bhí Eilís Ní Dhúill i láthair nuair a seoladh an leagan Gaeilge den scannán The Pipe ag Club Scannáin Sailearna ag tús na míosa.
»»»Beidh baint níos dlúithe ag Cathair Dhoire le saol na healaíne feasta, chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é, ach as ucht a bhfuil ar na bacáin, faoi cheann dhá bhliana go háirithe, nuair a lonnófar Duais Turner sa chathair sin.
»»»Thug Ríona Nic Congáil cuairt ar thaispeántas i gcuimhne ar Eilís Ní Mhaolagáin, conraitheoir, drámadóir agus iriseoir as Tír Eoghain, atá curtha ar bun ag an Leabharlann Náisiúnta.
»»»Saothar samhailteach Jason de Caires Taylor i gCuan Mheicsiceo atá faoi thrácht ag Ciara Nic Gabhann. Tá fás faoi líon na ndealbh go fóill ach is fás orthu a bheas ag tarlú amach anseo.
»»»Molann Pat Butler go mór script, aisteoireacht agus scéal anamreoiteach an scannáin Astrálaigh, Animal Kingdom.
»»»Chaith Pat Butler súil ar scannán de chuid ‘laoch mór cineama an fhíorama’, Abbas Kiarostami, agus tá sé le moladh go mór, dar leis. Is é samhail Heraclitus é, fealsamh ‘na síorghluaiseachta leanúnaí’.
»»»Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de ‘Sé Dhán’ le Ryókan ar fáil dúinn thíos. Beidh sé le fáil in imleabhar 3 den díolaim ‘Guthanna Beannaithe an Domhain’ a fhoilseofar an bhliain seo chugainn.
»»»Tá roinnt ealaíontóirí a bhraitheann go gcaithfidh a saothar labhairt amach go feidhmiúil faoi shaol an duine agus faoina anbhás. Bhí Ciara Nic Gabhann ag meabhrú ar obair thriúir díobh sin.
»»»Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de shliocht as téacs Sanscraite (nó ‘sainscríobh’) an Ashtavakra Gita ar fáil dúinn. Is maith an t-ábhar machnaimh ag duine é i ré seo an leithleachais. Tá sé le foilsiú i leabhar an bhliain seo chugainn.
»»»Chonaic Ciara Nic Gabhann léiriú péintéireachta, ceoil agus scéalaíochta in éineacht le gairid, taispeántas a chuir ionadh agus áthas ar a raibh i láthair.
»»»Tá Pat Butler tógtha go mór le céad fhadscannán Momoko Ando, ‘Kakera – A Piece of Our Life’.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann faoi dhraíocht na hailtireachta agus na staire i ndiaidh di cuairt a thabhairt ar an chathair shíoraí, an Róimh.
»»»Choinnigh Eilís Ní Dhúill an cloigeann nuair a mheas sí an scannán ‘samhlaíoch’ scéiniúil a taispeánadh ina scannán lánfhada ag Film Fleadh na Gaillimhe i mí Iúil.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.