CÚINNE NA nEALAÍON
Ciste na bhFlaitheas
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

aicme ar leith ealaíne ar taispeáint i Londain faoi láthair mar is eol do Chiara Nic Gabhann. Is ealaíon é a d’fhás as an léiriú urraime a thugadh an pobal do na naoimh, agus do na mairtírigh go háirithe, san am a caitheadh.

Íomhá
Mairtíreacht Naomh Ursula
le Hans Memling ar Vicipéid
Íomhá
Cill Easpag Brón mar ar thit fiacail Naomh Pádraig
Íomhá
Naomh Oliver Plunkett a bhfuil a bhlaosc agus a smiolgadán i nDroichead Átha
Vicipéid
Íomhá
Naomh Blaise le Hans Memling
Vicipéid

Tugann an taispeántas Ciste na bhFlaitheas, atá ar siúl in Iarsmalann na Breataine i Londain faoi láthair, léargas uathúil dúinn ar aigne na Meánaoise chomh maith leis an ghaol ar leith a bhíodh ag daoine san am sin le taisí naomh agus mairtíreach. Tá suas le 120 taise naofa sa taispeántas ríshuntasach seo agus is ar na cumhdaigh fhíorluachmhara, na coiméadáin a rinneadh leis na taisí a chaomhnú iontu, atá an taispeántas dírithe den chuid is mó.

Chreidtí sa mheánaois go raibh tréithe diaga ag baint le hiarsmaí naomh agus mairtíreach agus go bhfuair an té a rinne teagmháil leo sochar ó Dhia. Chreidtí gur shuigh na naoimh in aice le Dia ar Neamh agus go raibh siad in innimh idirghuí a dhéanamh ansin ar son na mbeo. Dá mbeifeá thíos leis an ghalar dhubh, cuirim i gcás, thiocfadh leat urraim a thabhairt do thaisí Naoimh Blaise, a bhí ina shaineolaí ar chneasú an ghalair áirithe, agus urnaí a rá go dtiocfadh sé i dtarrtháil ort.

goinbhlastacht ag baint leis na cumhdaigh taisí seo mar go raibh iontu baill choirp, cnámha nó gruaig, iarsmaí na naomh, a caomhnaíodh go minic i ndiaidh dóibh bás millteanach a fhulaingt. Tá a leithéid le feiceáil san iarsmalann i mBÁC (Scrín Fhiacail Phádraig srl.) nó blaosc (agus slinneán) Naomh Oliver Pluincéad i nDroichead Átha cuir i gcás. Rinneadh go leor de na cumhdaigh seo mar mhacsamháil den duine féin nó den bhall coirp a caomhnaíodh.

Ursula agus na Mílte a Maraíodh

Cuir i gcás an cumhdach coscrach sa taispeántas den bhean óg álainn a bhí mar chompánach ag an bhanphrionsa Sasanach Ursula, nuair a chuaigh sí ar oilithreacht go dtí an Talamh Naofa. De réir bhéaloideas na meánaoise, thosaigh an bhanphrionsa amach ar an oilithreacht le 11,000 maighdean mar chompánaigh aici. Bhí sé de mhí-ádh orthu casadh ar phágánaigh i gCologne agus cuireadh chun báis achan duine acu. Rinneadh an cumhdach álainn, atá le feiceáil sa taispeántas, ina mhacsamháil den chompánach óg seo, agus is cosúil go gcoinnítí a cloigeann ann in am amháin.

Is díol suntais chomh maith é an cumhdach i bhfoirm deilbhe de Naomh Baudime a rinneadh i lár an dara haois déag agus a tháinig ón eaglais Marie de Saint-Nectaire in Auvergne na Fraince. Tá an dealbh seo eisceachtúil agus is é an chéad rud a fheiceann cuairteoir ag dul isteach sa taispeántas dó. Rinneadh as copar óraithe é agus bhí sé bunaithe ar fhíormhéid chorp an naoimh leis an ghéag chlé ardaithe agus greim aige ar bhuidéilín, a raibh a chuid fola féin ann uair amháin. Tá feasóg agus gruaig chatach niamhrach ar an dealbh agus súile déanta as eabhar agus adharc dhubh atá ábalta bogadh ina chloigeann! Níl an dealbh seo cruthaithe ar bhonn réalaíoch ach cuireann sé in iúl tréithe tarchéimnitheacha an naoimh.

Chuir iarsmaí agus corp céasta caomhnaithe an naoimh dea-scéal na Críostaíochta go neamhbhalbh in iúl don phobal go raibh bua buan tarchéimnitheach le baint as bás mairtírigh ar son Chríost agus go mairfeadh an corp céasta briste faoi ghlóir i gcuideachta chorp aiséirithe Chríost. Tháinig na glúnta Críostaithe ar cuairt ina sluaite chuig na taisí seo (a bhí le feiceáil go minic sna heaglaisí móra a bhí á dtógáil ag an am), agus fuair siad iontu faoiseamh, sólás agus spreagadh ó na taisí seo agus ó na cuimhneacháin, a thug siad abhaile leo.

Amharctar ar na saothair dhealbhóireachta agus ar na hearraí fínéalta ársa seo mar rudaí a bhí lán suntais agus tábhachta ó thaobh an chreidimh de. Spreagtar mothúcháin láidre ag amharc ar shaothar a rinneadh go sainiúil le fíorbhall coirp a coinneáil slán ann. Téann sé i bhfeidhm go pearsanta ar dhuine agus cuireann sé leochailleacht na beatha i gcuimhne dó.

Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 9 Deireadh Fómhair agus tá tuilleadh eolais le fail ó: British Museum

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.