CÚINNE NA nEALAÍON
NOT DARK YET An Mhíshócúlacht Síoraí – an Tochailt Leanúnach.
Pat Butler Pat Butler

Mealladh Pat Butler arís chuig ceol Bob Dylan le seinnteoir MP3 anuraidh, ní a tharraing isteach chuig coirm cheoil Dylan i bPáirc Uí Chaoimh é leis.

Íomhá
Ar ardán Sydney Aibreán 2011
Robert O'Leary ar Picasaweb
Íomhá
Baez le Bob i Washington 1963
Vicipéid, an USIntelligenceA a tharraing
Íomhá
Lios Mór an tseanashaoil
Íomhá
Mír chuimhneacháin ar choirm cheoil Chorcaí
Íomhá
Nuadha ag faire amach ar chúrsaí i Finsbury

Lá ’le Bloom, 2011. Corcaigh. Thángadar sna táinteslógadh siabhialta cruinnithe. An pobal ba ghealgháirí i bpríomhchathair an deiscirt ó thuirling Lizzie Windsor i measc na Reibiliúnach i nDaonphobal Chorcaí cois cuain. Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo. Corr-éan atá ann, gan aon agó. Tearcán nár dheonaigh riamh a bheith teanntaithe isteach in aon chiabh, ná cás, ná caighean d’aon tsaghas. Is duine de mhór-aonánaigh na linne é Bob Dylan. Bhreathnaíos air ó m’ionad fara i mBloc B, Sraith L, Suíochan 57 den Marquee sna Showgrounds i mBaile an Teampaill, i bparóiste na Carraige Duibhe, cois Laoi na Scuab. B’fhíor freisin domhsa an oíche sin mar ab fhíor don fhile fadó – ‘I mBarrachaibh aoibhne taoibh le cuan Is fearra do fuaireas scéala….’ Agus nár bhreá an scéal a fuaireas ann.

Dearbhaíonn an cheolchoirm an slua. Tá ceiliúradh pearsanta agus pobalda i gceist. Is congaraí d’eaglais ná do shlua sinn – pobal, b’fhéidir? Gach amhrán ina phaidir. Searmanas naofa i gcuimhne ar na luacha spioradálta, pearsanta agus pobalda sin ar thug Bob Dylan guth dóibh ar ár son fadó. Líonann an ceol Ardeaglais an Mharquee. Tá cothú, iomlánú, agus maithiúnas iontu don té atá á gcuardach. Agus, i bhfianaise slógadh oíche Lá ’le Bloom, táimid, glúin na seascadaí, fós ar an gcuardach.

Ar dhul Íosa, tá Dylan ann i gcónaí don té a théann á chuardach. Chailleamar a chéile áit éigin idir ‘Blood on the Tracks’ agus rotha móra an tsaoil. Tháinig an saol idir mé agus Bob. An misneach caillte agam, leagas uaim seanghiotár an trí chórda. Lean an scéal amhlaidh go ceann cúig bliana triochad.

Bob na Cuaiche

Ansin cheannaíos MP3 Player anuraidh. A líonas le ceol den uile chineál. ‘Bob Dylan Greatest Hits 1’ (Sony) san áireamh. Ar chamchuaird san Astráil dom, thug Dylan - an chuach sa nead – bata agus bóthar do gach gearrcach ceolmhar eile, ceann i ndiaidh a chéile. Nuair a fógraíodh seó Chorcaí, d’fhás guth éigin aníos ionam nár bhain le ciall ná réasún. Raghainn ann, in ainneoin comhairle na gcarad is na ngaol.

An liotúirge ar tí tosaithe, siúd isteach sa séipéal sinn. Mórshiúl mín, cáiréiseach. Cúpla ‘twang’ ón mbanna agus ardaíodh liú eachtach aduain. Chuaigh deann tríd an slua le linn na hiontróide ardáin. Bladar éigin faoi ‘mí-úsáid substaintí’ agus, munar chlis na cluasa orm, rud éigin faoi Íosa freisin. Ansin, bhí fear an bhríste duibh leathair, fear na casóige oifigigh i marcshlua Arm an Tuaiscirt, fear feistithe faoi hata dubh na ‘Long Riders’, fear féasóige agus chroiméal an Grandee Spáinnigh – sea go deimhin, bhí Bob Dylan tagtha inár measc. Welly ceart á thabhairt aige do

‘Gonna Change My Way of Thinking’, leagan símplithe 2003….

‘Gonna change my way of thinkin’
Gonna make myself a different set of rules.......
Storms on the ocean, storms on the mountain, too
Oh Lord, you know I have no friend like you.

A chuid dintiúirí nua-Chríostaí leagtha amach romhainn ón tús. Halleluia, a Bhráithre! Nílim fillte ar thalamh go fóillín. Drop Kick me Jesus through the Goalpost of Bob.

Ansin thángadar go tiubh uaidh - idir sin-sean, agus nua-sean.

All your seasick sailors are all rowing home,
All your reindeer armies, are all going home…..

Scanraíonn na seanmheafair go fóill. Léimeann siad ón altóir chugainn, faighirt fós san fhearg. Teilgtear chugainn gan taise iad, cóta aibhléise á gcoimeád beo don chéad ghlúin eile.

Strike another match, go start anew,
And it’s all over now, Baby Blue. (1965)

An Gheit gan Choinne

Deir saoithe, nuair is eachtra spioradálta a shantaíonn duine, gur fearr go mór dó ligint don ‘ngeit gan choinne’ teacht aniar aduaidh air. Is iomaí luíochán a leag Dylan dúinn sna seascadaí. Léirigh sé arís domhsa an tseanchoisíocht chéanna sin i gCorcaigh. Tá an gheit chruthaitheach fós á réiteach aige. Chaill mé cúig bliana triochad dá chuid ceoil, ach nuair a d’fhill mé arís ar an machaire roimhe, bhí cipe de ghunnaí móra nua, nach raibh aon chur amach agam orthu, réidh chun geit nó dhó as an nua a bhaint asam…….

Standing on the gallows with my head in a noose
Any minute now I’m expecting all hell to break loose
People are crazy and times are strange
I’m locked in tight, I’m out of range
I used to care, but things have changed (Things Have Changed - 1999)

Ba nuashean dom chomh maith ‘High Water (for Charlie Patton)’, ‘Tryin’ To Get To Heaven’, ‘Tweedle Dee and Tweedle Dum’, ‘The Levee’s Gonna Break’, agus ‘Thunder on the Mountain’. Ach más leathan iad na bearnaí a nochtadh dom, chuir Dylan cruth nua ar sheanghiúirléidí m’óige freisin…. ‘Ballad of a Thin Man’, ‘All Along The Watchtower’, ‘Ballad of Hollis Brown’, ‘Tangled Up In Blue’, agus ceann eile a bhí riamh i measc mo rogha leapan fadó: -

‘Oh God said to Abraham ‘Kill me a son’
Abe says, ‘Man, you must be puttin’ me on….’ (Highway 61 Revisited, 1965)

Thit na blianta uaim, ina sraitheanna. Mé ar ais, arís, i seomra caidrimh ‘Lios Mór’, Coláiste Phádraig, Droim Chonrach, mí Dheireadh Fómhair na bliana 1965. An chéad lá sa Choláiste dom. Seanghiotár na dtrí chórda, as tiún, gan amhras, ar luascadh. ‘A Hard Rain’ á mharú agam.

Nuaíocht an tSeanghairbhéalaí

Níor chan Bob Dylan ‘Hard Rain’ i gCorcaigh ar ámharaí an tsaoil, ach chan sé mo rogha scread i bPairc Finsbury, i mBuirg Harringey, Tuaisceart Londain dhá lá ina dhiaidh sin. Ní rabhas féin ann, ar ndóigh, ach is mór agam go raibh garmhac liom i láthair, d’fhonn an ciorcal spioradálta a iomlánú.

‘I’ll see it and tell it and think it and breathe it,
And reflect from the mountain so all souls can see it,
I’ll stand on the ocean until I start sinkin’,
And I’ll know my song well before I start singin’

And it’s a hard, it’s a hard, it’s a hard, it’s a hard,
It’s a hard rain’s a gonna fall…..’

An tóirse tugtha ar aghaidh. Tá faighte amach anois ag Nuadha Dubhdara Fugaccia, gan ach an naoi mí fós aige, nach bhfuil aon éaló aige ón gcinniúint.

Mo bhreithiúnas ar an bhfear féin, is ar an taispeantas i gCorcaigh? Más mar sin mé agus na deich mbliana sin le cois an trí scór agam, tabhair dom láithreach iad, le hús iolraithe.

Mo bhreithiúnas ar an gceol? Is i dtreis atá an seanghairbhéalaí gutha ag dul. Brúnn an ceol chun na haille arís is arís eile. An craos doshásaithe, an mhíshócúlacht síoraí, an tochailt leanúnach. An seantiomáint ordaitheach. Agus tá saíocht, gaois, eagna agus críonnacht as an nua á thaispeáint aige le blianta beaga anuas.

‘Not Dark Yet’, ná baol air.

‘Well I’ve been to London and I’ve been to gay Paree
I’ve followed the river and I got to the sea
I’ve been down on the bottom of a world full of lies
I ain’t looking for nothing in anyone’s eyes
Sometimes my burden seems more than I can bear
It’s not dark yet, but it’s getting there.
(Not Dark Yet - 1997)

PB Scripsit, Grianstad an tSamhraidh, 2011

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.